Eithne Ní Mhurchú, ceoltóir agus múinteoir spreagúil Gaeilge, ar shlí na fírinne

Bhí Eithne Ní Mhurchú sáite sa dúchas Gaelach agus spreag sí go leor daltaí le Gaeilge a labhairt

Eithne Ní Mhurchú, ceoltóir agus múinteoir spreagúil Gaeilge, ar shlí na fírinne

Fuair Eithne Ní Mhurchú, Gaeilgeoir, ceoltóir agus múinteoir spreagúil Gaeilge, bás i nGlinnte Aontrama ar an 29 Iúil in aois a 69 bliain i ndiaidh blianta fada tinnis. Léirigh Eithne an nasc le Gaeilge Aontroma agus ba chainteoir Gaeilge as Bun Abhann Dalla a sin-seanmháthair. Chuala a hathair a sheanmháthair ag labhairt Gaeilge agus é óg.

Agus í sna mall-déaga, thosaigh Eithne ag teagasc Gaeilge ar bhonn deonach i gCumann Chluain Árd ina cathair dhúchais, Béal Feirste. B’ann a d’fhorbair sí an modh éifeachtach teagaisc a bhí aici. Mheasc sí i gcónaí amhráin, drámaí agus greann isteach sna ceachtanna.

Sna mall-déaga a bhí sí leis nuair a chuidigh sí sa chéad naíscoil sa Tuaisceart, i mBéal Feirste. Ba ar bhonn deonach a rinne sí sin, ar ndóigh.

Chuaigh an modh teagaisc a bhí ag Eithne go mór i bhfeidhm ar na daltaí a bhí aici. Rinne mná a theagasc sí le daichead bliain aistear fada le freastal ar a tórramh. Spreag sí go leor daltaí le Gaeilge a labhairt. Chaith sí os cionn scór bliain ag teagasc i scoileanna ar an Iúr, i bPort Stíobhaird, nó gur chríochnaigh sí i gColáiste Mhic Nisse sna Glinnte. Agus í ag teagasc i bPort Stíobhaird, bhíodh sí freisin ag teagasc Gaeilge in Ollscoil Nua Uladh ar bhonn páirt-aimseartha.

B’éigean d’Eithne éirí as an teagasc nuair a theip go tubaisteach ar an tsláinte aici agus í óg go maith.

Ní hamháin gur múinteoir iontach a bhí inti. Ba cheoltóir den scoth í freisin. Bhí guth thar a bheith binn aici. Bhí, leis, dúil aici sna sean-amhráin Ghaeilge, agus tuiscint iontach aici orthu. Cheol sí lena deirfiúr Nóirín nuair a rinneadh comóradh ar Sheán Ó Riada i mBéal Feirste. Bhí siad ar an ardán leis na Chieftains agus na filí Seamus Heaney, John Montague agus Thomas Kinsella. Bhíodh sise agus Nóirín ag ceoil ar RTÉ sna 1970idí.

Bhí Eithne sáite sa dúchas Gaelach. Chuala a hathair, Alf Ó Murchú, Gaeilge cois teallaigh agus é ina ghasúr agus bhí sé ina chrann taca ag Cumann Chluain Ard. Rinne sé an-obair leis an nGaeilge a choinneáil beo i mBéal Feirste.

Ba as ceantar Chluain Ard in iarthar Bhéal Feirste d’Eithne. Mí Eanáir 1954 a rugadh Eithne, duine den chúigear clainne a bhí ag Alf Ó Murchú agus a bhean, Nóra. Fuair sí a cuid meánscolaíochta i Scoil Ghramadaí Naomh Doiminic i mBéal Feirste. Agus í ar scoil bhuaigh sí bonn óir Gael Linn as a bheith ar an chainteoir Gaeilge ab fhearr i scoileanna an Tuaiscirt.

Bhíodh sí, leis, ag tarraingt ar an Ghaeltacht i Rann na Feirste. I ndiaidh na scoile chuaigh sí go hOllscoil Nua Uladh i gCúil Raithin. Bhain sí céim amach sa Ghaeilge agus sa Spáinnis agus chaith sí tamall ina cónaí i Valencia na Spáinne. Bhí Fraincis ar a toil aici chomh maith.

Agus í sna luath-thríochaidí, d’aistrigh sí isteach go Bun Abhann Dalla sna Glinnte. Bhí teach s’aici fá leathmhíle den teach a bhí ag a sin-seanmháthair, Caitlín Uí Bhaoill Mhic Néill. D’fhill Eithne ar dhúchas Gaeilge a muintire.

Thar rud ar bith eile, ba bhean bhríomhar chineálta í Eithne. Mairfidh an chuimhne ar a cineáltas agus a cumas i measc a muintire, a cairde, agus a hiardhaltaí.

Cuireadh Eithne i mBun Abhann Dalla i ndiaidh Aifrinn ar an bhaile. Agus í dá ligint isteach san uaigh, cheol Nóilín Nic Bhloscaidh amhrán mór na nGlinnte ‘Aird a’ Chuain’.

Maireann a deirfiúr Nóirín, a deartháireacha Marcas, Maolmhuire agus Mícheál, agus a cara Stanley.

Ar dheis Dé go raibh a hanam uasal.

Fág freagra ar 'Eithne Ní Mhurchú, ceoltóir agus múinteoir spreagúil Gaeilge, ar shlí na fírinne'

  • Réaltán Ní Leannáin

    Bean éirimiúil, múinteoir spreagúil. Comhbhrón lena muintir.

  • Séamas Ó Donnghaile, Cumann Chluain Árd

    Ar ranganna Gaeilge Choláiste Bhríde, Rann na Feirste, a casadh orm an chéad lá ariamh í. Bhí sí spreagúil mar mhúinteoir agus ba léir gur thuig sí ar tugadh di.