Tá aird ar leith agam le tamall de bhlianta anuas ar Ella Marie Hætta Isaksen (1998), amhránaí popcheoil agus aisteoir scannáin ó thuaisceart na hIorua. Baineann Ella Marie le pobal bundúchasach na Sámach agus go deimhin is sa tSáimis Thuaisceartach, an ceann is forleithne d’ocht dteanga na Sámach, a bhíonn sí ag ceol.
Bhí Ella Marie sa nuacht go minic le míonna beaga anuas. Ní hamháin go raibh an phríomhpháirt aici in Ellos eatnu / La elva leve, scannán faisnéise a tháinig amach le gairid faoi throid na Sámach i gcoinne stáisiún cumhachta hidrileictreach sna 1980idí, ach bhí sí féin ar na línte tosaigh an tseachtain seo caite nuair a dhún Sámaigh óga síos ranna stáit éagsúla i gcathair Osló mar agóid i gcoinne páirc fuinneamh gaoithe i gceantar Fosen i lár na hIorua, sa chuid is faide ó dheas de chríocha na Sámach.
Tamall de sheachtainí ó shin, tharraing sí ábhar spéisiúil anuas in agallamh le craoltóir náisiúnta na hIorua, NRK: an chaoi nach mbíonn rogha go minic ag ealaíontóirí a bhaineann le mionlach éigin ach a bheith ina ngníomhaithe (ar son chearta an mhionlaigh sin) chomh maith le bheith ina n-ealaíontóirí.
Ar éigean gur gá an feiniméan seo a mhíniú d’ealaíontóirí na Gaeilge, shamhlóinn. Ní dóigh liom gurb ann don scríbhneoir Gaeilge nár iarradh air riamh a rogha chun litríocht a scríobh i nGaeilge (seachas i mBéarla) a chosaint, nó go deimhin teanga na Gaeilge féin agus gach a mbaineann léi a chosaint. Is iomaí uair a tharla sé dom féin, in agallaimh leis na meáin Bhéarla in Éirinn agus, ad nauseam, i gcomhráite le cairde agus lucht aitheantais in Éirinn nach bhfuil Gaeilge acu féin.
Ní gá, dála an scéil, go mbainfeadh scríbhneoir le mionlach le go n-iarrfaí air nó uirthi a d(h)úchas a chosaint, nó a bheith ina (h)urlabhraí do réigiún, aicme, nó pobal éigin.
Tá macalla aiste a scríobh an t-údar iomráiteach ó Mheiriceá, Eudora Welty, sa cheist a d’ardaigh Ella Marie Hætta Isaksen.
San aiste sin, Must The Novelist Crusade?, a scríobhadh sa bhliain 1965, nuair a bhí agóidí ghluaiseacht na gCearta Sibhialta faoi lán seoil sna Stáit Aontaithe, cíorann Welty, scríbhneoir bán ó Jackson, Mississippi, a cuid smaointe tar éis do dhuine (iriseoir, seans) an cheist seo a chur uirthi: ‘All right, Eudora Welty, what are you going to do about it? Sit down there with your mouth shut?’
An bhfuil dualgas ar scríbhneoirí ficsin a bheith ina bhfeachtasóirí? a fhiafraíonn Welty di féin agus den léitheoir. ‘For us in the South who are fiction writers, is writing a novel something we can do about it?’
Freagra diúltach den chuid is mó a thugann Welty ar an gceist sin san aiste, atá ar fáil sa chnuasach On Writing. Níl spás sa cholún seo chun an freagra sin a chíoradh go mion ach luafaidh mé dhá phointe.
Sa chéad dul síos: am. Tógann sé bliain nó dhó, ar a laghad, chun úrscéal a scríobh; seacht mbliana atá mé féin ag plé leis an úrscéal atá idir lámha agam faoi láthair. Seans dá laghad mar sin, a mhíníonn Welty, go n-éireodh le húrscéalaí ‘rud éigin a dhéanamh’ faoi mhórcheist shóisialta ar an bpointe boise. Agus faoin am go mbeidh a úrscéal críochnaithe aige, beidh cúrsaí reatha i bhfad chun cinn air.
Sa dara dul síos, ní fheileann argóintí do phlotaí agus má thugtar tús áite do theachtaireacht éigin i saothar ficsin is é an scéal a bheidh thíos leis, de réir Welty. Ní fhéadfainn ach aontú léi: thriail mé féin tús áite a thabhairt do theachtaireacht pholaitiúil i saothair de mo chuid uair nó dhó agus gach uair bhí cuma amscaí, rud beag cleatrálach ar an toradh.
Níl aon dualgas ar ealaíontóirí a bheith ina bhfeachtasóirí, a deir Welty i bhfocail eile, agus ar ndóigh níor chóir go mbeadh – ach déarfaidh Ella Marie Hætta Isaksen agus aon scríbhneoir Gaeilge leat nach mbíonn éalú uaidh go minic.
Ach b’fhéidir gurbh fhiú dúinne atá sa chás sin aiste Welty a léamh uair amháin eile agus iarracht a dhéanamh an fheachtasaíocht, mura bhfuil éalú uaithi, a choinneáil scartha ónár gcuid ealaíne.
Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana, Léirthuisceana agus Tuairimíochta:
Déan na ceisteanna seo leat féin agus ansin déan do chuid freagraí a roinnt le do pháirtí.
- Cén fáth a luaitear an t-amhránaí Ella Marie Hætta Isaksen?
- Céard dó a thagraíonn an bhliain 1998, meas tú?
- Cé mhéad teanga Sámach atá ann?
- Céard atá sainiúil faoin tSáimis
- Cén fáth a raibh Ella Marie sa nuacht le déanaí?
- Cén bhaint atá ag NRK leis an alt?
- Cad é an “feiniméan” a luaitear?
- Cén fhad a thógann sé úrscéal a scríobh?
- Céard a tharla nuair a dhein an t-údar iarracht tús áite a thabhairt don teachtaireacht pholaitiúil ina chuid scríbhneoireachta?
Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta:
- Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
- Úsáid an uirlis fuaime in teanglann.ie le cabhrú libh leis an bhfoghraíocht.
Gníomhaíocht 3 – deis taifeadta:
- Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.
- Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
- Éist siar leis.
- Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.
Gníomhaíocht 4 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:
- Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht an chuid thíos a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
- aird
- is forleithne
- ní hamháin
- agallamh
- ar éigean
- Déan iarracht iad seo a chur in abairt scríofa.
- agóid
- craoltóir
- mionlach
- gníomhaí
- urlabhraí
- aitheantas
- Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.
Gníomhaíocht 5 – Cúinne na Gramadaí:
- Aimsigh sampla do na nithe seo a leanas san alt:
- Dhá ainmfhocal bhaininscneacha.
- Briathar san aimsir láithreach.
- Dhá ainmfhocal sa tuiseal ginideach.
- Briathar saor san aimsir chaite.
- Cuimhnigh gur féidir cuardach a dhéanamh ar teanglann.ie
Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Ná fiafraigh díom arís cén fáth go mbím ag scríobh i nGaeilge…'