Leithscéal gafa ag príomh-aire na hIorua faoi shárú chearta daonna na Sámach

AN SAOITHÍN AERÁIDE: Tá cinneadh deacair le déanamh ag rialtas na hIorua: infheistíocht €1.1 billiún a chaitheamh sa bhruscar – nó dul in éadan Chúirt Uachtarach na tíre

Leithscéal gafa ag príomh-aire na hIorua faoi shárú chearta daonna na Sámach

Tá cáil ar an Iorua mar thír a bhíonn chun tosaigh ó thaobh cúrsaí timpeallachta agus ó thaobh cearta daonna de.

Tá cáil uirthi freisin mar thír nach mbíonn drogall uirthi tíortha eile nach mbíonn mórán airde acu ar chúrsaí timpeallachta ná ar chearta daonna a cháineadh go géar, agus beart a dhéanamh de réir a briathair. Nuair a bhí Jair Bolsonaro i gcumhacht sa Bhrasaíl chuir rialtas na hIorua stop le hairgeadú Chiste na hAmasóine (Fundo Amazônia), ciste ar luach na gcéadta milliún euro a bhfuil sé mar aidhm aige foraois bháistí na hAmasóine sa Bhrasaíl a chaomhnú.

Tá sé fíor-, fíoraisteach, mar sin, go bhfuil neamhaird á déanamh le breis agus 500 lá anuas ag rialtas na hIorua ar rialú de chuid na Cúirte Uachtaraí in Osló gur sháraigh tógáil pháirc mhuilte gaoithe ar leithinis Fosen cearta daonna na Sámach, pobal bundúchasach atá i mbun aoireachta réinfhianna i gceantar Fosen (agus go deimhin sa leath thuaidh de Chríoch Lochlann ar fad) le cuimhne na ndaoine. Cuireann na muilte gaoithe sceon sna réinfhianna.

An tseachtain seo a chuaigh thart, bhí pobal na Sámach i mbun agóide i gcathair Osló. Ocht lá as a chéile, shuigh Sámaigh óga i ndoirse na ranna éagsúla stáit, bac á chur acu ar na hoibrithe dul isteach chun a cuid oibre a dhéanamh. D’éirigh leis an tseift; cuireadh as dáiríre do rialú laethúil na tíre. Tar éis cúpla lá, thosaigh na póilíní ag gabháil na n-agóideoirí.

Thug an gníomhaí aeráide aitheanta as an tSualainn, Greta Thunberg, cuairt ar Osló chun a tacaíocht a léiriú do na Sámaigh óga ach amhránaí popcheoil agus aisteoir Sámach, Ella Marie Hætta Isaksen, príomhurlabhraí agus réalta eolais na n-agóideoirí agus tá an Saoithín Aeráide á rá libh: cuimhnígí ar an ainm sin.

Chuaigh diongbháilteacht chalma, stuama Hætta Isaksen agus cás na Sámach á mhíniú go paiteanta aici ó líne thosaigh na n-agóidí i bhfeidhm, ní hamháin ar thuairim phobal na hIorua i gcoitinne ach, is léir, ar an rialtas. Dé hAoine seo caite, ghabh príomhaire na hIorua, Jonas Gahr Støre (Lucht Oibre) a leithscéal le pobal na Sámach i gcoitinne agus le tréadaoirí réinfhianna cheantar Fosen go sonrach agus d’admhaigh, den chéad uair, gur cuireadh isteach ar chearta daonna na dtréadaoirí sin dáiríre nuair a tógadh an pháirc mhuilte gaoithe ar na tailte atá in úsáid acu le cuimhne na ndaoine

Agus anois? Tá ceist dheacair le réiteach ag rialtas na hIorua. Tá cuid mhór de na muilte gaoithe i bpáirc Fosen tógtha cheana féin; 278 san iomlán atá beartaithe agus nuair a bheidh an pháirc iomlán réidh cuirfidh sí 1 GW cumhachta ar fáil, an méid céanna le stáisiún cumhachta núicléach beag. Má tá rialtas na hIorua chun cloí le cinneadh na Cúirte Uachtaraí, caithfear na muilte gaoithe a bhaint anuas – agus caillfidh cáiníocóirí na tíre agus infheisteoirí eile luach €1.1 billiún.

Ní hamháin sin: is dóichí ná a mhalairt nach dtógfar go brách na páirceanna muilte gaoithe móra atá á bpleanáil i gceantair eile ina mbíonn na Sámaigh i mbun tréadaoireachta, agus drochnuacht is ea é sin do thír atá ag brath go mór ar easpórtáil ola faoi láthair ach atá ag iarraidh a bheith ar cheann de na tíortha is mó a chuireann fuinneamh inathnuaite ar fáil amach anseo.

An mbeidh rialtas na hIorua sásta €1.1 billiún a chaitheamh sa bhruscar agus a bhfís do thodhchaí ghlas agus d’eacnamaíocht na tíre araon a chaitheamh i dtraipisí? Beidh le feiceáil – ach tá an chuma ar an scéal faoi láthair nach nglacfaidh pobal na Sámach le réiteach ar bith eile ach an pháirc mhuilte ghaoithe ar leithinis Fosen, atá nach mór tógtha, a scrios.

Idir an dá linn chuir an Saoithín Aeráide spéis i scéal ón Ísiltír a thacaíonn go láidir le ceann de phríomhargóintí na Sámach: gur chóir fuinneamh leictreach a ghiniúint gar don áit a n-úsáidfear é, seachas ar thalamh sceirdiúil i bhfad ó na cathracha móra.

An tseachtain seo caite, d’fhógair na comhlachtaí atá i mbun ghréasán leictreachais na hÍsiltíre go mbeidh stop á chur acu go ceann tamaill le tógáil línte leictreachais agus infreastruchtúir eile nua a cheanglódh páirceanna muilte gaoithe nó feirmeacha fuinneamh gréine atá i bhfad amach ó na mórionaid daonra leis an ngréasán. Cén fáth? An costas ard, ní hamháin ó thaobh luach na gcáblaí agus an trealaimh eile de, ach ó thaobh ama freisin, a bhaineann le tógáil an infreastruchtúir sin.

Anois, tír ar cóimhéid le stampa poist atá san Ísiltír i gcomparáid leis an Iorua. Shamhlódh an Saoithín Aeráide go mbeadh ábhar machnaimh sa mhéid sin dóibh siúd i gcathair Osló a dhéanann na cinntí maidir le giniúint agus soláthar leictreachais.

Fág freagra ar 'Leithscéal gafa ag príomh-aire na hIorua faoi shárú chearta daonna na Sámach'