‘Bhí muintir na háite ag iompar daoine chomh fada linn’ – oibrí leighis a bhí sa chéad otharcharr a bhain láthair thubaiste an Chraoslaigh amach

Agus é faoi agallamh ar Barrscéalta ar RnaG ar maidin, labhair oibrí leighis a bhí sa chéad otharcharr a bhain láthair na pléisce ar an Chraoslach amach faoin obair a bhí le déanamh ag na seirbhísí éigeandála i ndiaidh na tubaiste

‘Bhí muintir na háite ag iompar daoine chomh fada linn’ – oibrí leighis a bhí sa chéad otharcharr a bhain láthair thubaiste an Chraoslaigh amach

Tá cur síos déanta ag Brian Ó Fearraigh, a bhí sa chéad otharcharr a bhain láthair na pléisce tubaistí ar an Chraoslach amach, ar an obair a bhí le déanamh ag na seirbhísí sláinte Dé hAoine seo caite nuair a tharla an t-uafás inar maraíodh deichniúr.

“Rinneadh an scairt díreach i ndiaidh 3.15in, fuair muid scairt go raibh pléasc sa siopa ar an Chraoslach,” a dúirt Ó Fearraigh agus é ag labhairt ar eagrán speisialta de chuid Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin.

Dúirt Ó Fearraigh, atá ina stiúrthóir oibrithe leighis i gceantar Dhún na nGall, nach raibh “duine ar bith ansin” rompu.

“Bhí mise ansin i ndeich mbomaite, ba mé an chéad otharcharr a tháinig ansin. Ní raibh sé i bhfad sular tháinig tuilleadh otharcharr chun othair a iompar.  Shocraigh muid córas triáise le dul tríd na daoine uile a bhí ansin, cé a bhí gortaithe – idir mhionghortuithe agus mhórghortuithe.”

Dúirt Ó Fearraigh go raibh an oiread damáiste déanta ag an phléasc go raibh sé cosúil le radharc as scannán.

“Chonaic sibh uile na pictiúir sna páipéir agus ar an nuacht, bhí sé díreach mar a bheadh scannán ar an teilifís. Sin mar a bhí sé ann. Bhí sé dochreidte. Bhí an siopa briste uile, bhí an díon istigh ina mullach. Bhí gloine, fuinneoga, doirse, brící, sclátaí scaipthe thart achan áit.

“Bhí muintir na háite ag déanamh obair mhillteanach nuair a tháinig mise, bhí siad ag iarraidh an bealach mór a ghlanadh.

“Chomh tiubh géar agus gur tharraing mise suas ansin, thosaigh othair ag siúl thart leis an otharcharr agus bhí muintir na háite ag iompar daoine chomh fada linn.”

Dúirt Ó Fearraigh go raibh córas ann do chásanna éigeandála, prótacail agus polasaithe faoi céard atá le déanamh.

“Duine ar bith a bhí ag siúl, ní raibh sé ag cur buairt ar bith orainn. Bhí a fhios againn go raibh siad i gceart. Siad an mhuintir a bhí ina luí, nach raibh in ann bogadh, is mó a bhí muid ag iarraidh cuidiú leo,” a dúirt Ó Fearraigh.

“Ar an drochuair, bhí a fhios againn luath go raibh daoine caillte againn.”

Dúirt Ó Fearraigh go raibh sé in ann treoir a thabhairt do na seirbhísí sláinte maidir leis na hacmhainní a bhí ag teastáil, idir tuilleadh otharcharranna, dochtúirí agus seirbhísí tacaíochtaí eile.

Go luath i ndiaidh na pléisce, deir Ó Fearraigh go raibh slua mór de mhuintir na háite tagtha chun cuidiú leo siúd a bhí sa siopa ach nach raibh a fhios ag Ó Fearraigh an raibh an láthair sábháilte go fóill nó an raibh baol pléisce eile ann.

“Ní raibh a fhios againn an raibh an chumhacht fós ar siúl nó nach raibh. Ní raibh a fhios againn an raibh an gás ar siúl. Bhí sé ag cur isteach orm mar sin cá háit a raibh muid – mar stáisiún peitril a bhí ann. Déarfainn go raibh 200 duine ann an lá sin ag cuidiú linn istigh ag tógáil amach na mbrící agus na ndaoine agus dá dtarlódh a dhath ar bith eile bheadh siad caillte againn fosta.”

Nuair a tháinig an tseirbhís dóiteáin agus na Gardaí ar an láthair, bhíothas in ann treoir a thabhairt do na daoine seasamh siar agus a chinntiú go raibh an áit sábháilte.

Ocht n-otharcharr ar fad a bhain an siopa amach go luath i ndiaidh na pléisce agus dúirt Ó Fearraigh go raibh daoine tógtha ón smionagar agus curtha chun an ospidéil i Leitir Ceanainn taobh istigh de 40 nóiméad.

“Ghlac sé 40 bomaite iad uile a thabhairt amach agus iad a chur ar shiúl. Rinne siad go rímhaith ansin,” a dúirt Ó Fearraigh.

Dúirt sé go raibh an tubaiste crua ar gach duine a bhí buailte aici, na seirbhísí sláinte a bhí ar an láthair ina measc. Dúirt Ó Fearraigh go raibh triúr a bhí ina gcónaí sa cheantar ag obair sna hotharcharranna agus mhol sé d’aon duine a raibh cuidiú ag teastáil uathu, teagmháil a dhéanamh leis an HSE nó seirbhís na n-otharcharr.

Agus é ag labhairt ar an eagrán speisialta céanna de Barrscéalta, mhol Tony Canavan, Príomhfheidhmeannach Saolta, iad siúd a bhí ag obair ar an láthair agus in Ospidéal Leitir Ceanainn ó tharla an phléasc.

“Tá cúpla lá trom curtha isteach ag an bhfoireann san ospidéal. Tá gach duine atá ag obair san ospidéal mar chuid den phobal agus braitheann siad brón an phobail chomh maith.”

Dúirt Canavan go raibh plean éigeandála curtha le chéile ag an ospidéal dona leithéid d’eachtra ach go mbíonn siad ag súil nach mbeadh orthu a leithéid a chur i bhfeidhm go deo.

Dúirt sé go raibh cúpla dochtúir ar an láthair ar an Chraoslach agus gur chuidigh na treoracha a bhí ag teacht uathu go mór leis na seirbhísí éigeandála agus leighis an tacaíocht chuí a chur ar fáil.

“Bhí siad in ann teagmháil a dhéanamh leis an ospidéal agus cumarsáid a dhéanamh leis an ospidéal i rith oíche Dé hAoine agus bhí sé sin an-tábhachtach ar fad.”

Ochtar a bhí sa timpiste atá ag fáil cúraim san ospidéal faoi láthair agus dúirt Canavan go raibh bail sheasmhach orthu.

Tugadh treoir don phobal gan freastal ar roinn éigeandála an ospidéil i rith an deireadh seachtaine agus na seirbhísí sláinte ag déileáil leis an bpléasc ach dúirt Canavan go raibh an roinn beagnach ar ais ag feidhmiú “mar is ghnáth”. Dúirt sé gur chóir do dhaoine a bhfuil gá acu le seirbhísí an ospidéil freastal air mar is gnáth.

Eagraíodh breis is 20 bigil i nDún na nGall aréir i gcuimhne na ndaoine a maraíodh sa phléasc thubaisteach ar an Chraoslach.

Bhí na céadta i láthair ag na bigilí a cuireadh a bun ar fud an chontae i ndilchuimhne na marbh agus chun a chur in iúl do mhuintir an Chraoslaigh go bhfuil daoine ag seasamh gualainn ar ghualainn leo in am a mbris.

Maraíodh deichniúr sa phléasc a tharla ag stáisiún peitril agus siopa le muintir Lafferty ar an Chraoslach.

Robert Garwe (50), Martina Martin (49), Martin McGill (49), Shauna Flanagan Garwe (5), Leona Harper (14), Jessica Gallagher (24), Catherine O’Donnell (39) agus a mac James Monaghan (13), James O’Flaherty (48), Hugh Kelly (59)

Ba iad na daoine a maraíodh: James O’Flaherty (48), Jessica Gallagher (24), Martin McGill (49), Catherine O’Donnell (39) agus a mac James Monaghan (13), Hugh Kelly (59), Martina Martin (49), Robert Garwe (50) agus a iníon Shauna Flanagan Garwe (5), agus Leona Harper (14).

Tuairiscítear go bhfuil na Gardaí atá ag fiosrú cúis na pléisce chun saineolaithe pléisce ón iasacht a thabhairt isteach chun cabhrú leis an bhfiosrúchán.

Cé nach bhfuil an fiosrúchán ach ina thús tá tuairim láidir ann gur sceitheadh gáis ba chúis leis an bpléasc.

Tá scrúduithe iarbháis á ndéanamh ar na mairbh in Ospidéal Leitir Ceanainn agus an Dr Heidi Okkers, Leas-Phaiteolaí an Stáit atá i bhfeighil na scrúduithe sin.

Fág freagra ar '‘Bhí muintir na háite ag iompar daoine chomh fada linn’ – oibrí leighis a bhí sa chéad otharcharr a bhain láthair thubaiste an Chraoslaigh amach'