Am fuascailte do Sheán O’Shea agus glúin órga Chiarraí

Is sa choimhlint idir John Small agus Seán O’ Shea is fearr a gheofar léargas ar threo agus ar theocht na himeartha inniu agus lá na cinniúna tagtha do Chiarraí agus d'Áth Cliath

Am fuascailte do Sheán O’Shea agus glúin órga Chiarraí

John Small (Áth Cliath) agus Seán O'Shea (Ciarraí). Pic: INPHO/Tommy Dickson

As na foirne go léir atá ag cur chun páirce i gcluichí leathcheannais na hÉireann an deireadh seachtaine seo, níl aon amhras ná gur ar Chiarraí is mó atá an brú. Chomh maith le síor-ualach na staire agus an ionchais a bheith á n-iompar acu, tá sárualach dóchais na muintire ar bord leis acu.

Ón lá a thóg Jack O’Connor an ról mar bhainisteoir air féin i bhfómhar na bliana seo caite, bhí na focail ‘anois nó riamh’ ag sileadh ó bhéalaibh na treibhe agus an tuiscint ann le tamall go bhfuil an bhuíon imreoirí atá faoina stiúir maith go leor chun craobh na hÉireann a bhuachtaint. Thuig O’Connor cad leis a bhíothas ag súil agus thuig na himreoirí chomh maith go gcaithfidis buachtaint ar Áth Cliath, luath nó mall, dá mb’áil leo bheith áirithe mar fhoireann cheart craoibhe.

Tá lá na cinniúna tagtha.

San iomaíocht a taibhsítear do dhaoine a bheith idir Ciarraí is Áth Cliath le breis is deich mbliana anuas is mó sárchluiche a bhí eatarthu agus is mó buanchuimhne a cruthaíodh.

Is cuimhin linn go léir mar a bhris Kevin McManamon agus Stephen Cluxton croí Chiarraí sa bhliain 2011. Cluiche lán de dhráma ab ea cluiche ceannais 2011. Ach bhuaigh Áth Cliath.

Sa bhliain 2013, bhí captaen na bliana 2011, Colm Cooper, bogtha amach ar an ndaichead slat ag an mbainisteoir nua Éamonn Mac Muiris. Ba gheall le draoi lena shlaitín draíochta an Gooch an lá céanna ach, más ea, bhí Diarmuid Connolly inchurtha leis ón dtaobh eile, é ag céasadh Thomáis Uí Shé ina chluiche deireanach le Ciarraí. Fuair McManamon báide eile i gceann de na cluichí ab fhearr lem’ chuimhne. Agus bhuaigh Áth Cliath.

Bhí an Gooch féin ar an dé deiridh nuair a thug Philly McMahon ar chamchuairt Pháirc a’ Chrócaigh é sa bháisteach in 2015. Ina thosach a bhí Brian Fenton, áfach, agus bhí sárchluiche aige i gcluiche a bhuaigh Áth Cliath.

I gcluiche leathcheannais na craoibhe in 2016 is sea a facthas don gcéad uair seift atá chomh coitianta sa chluiche anois. Thug Éamonn Mac Muiris trí mhí an tsamhraidh ag obair ar mhúnla chun fáisc an bháis a chur ar chic amach Stephen Cluxton. Bhí oiread oibre curtha isteach sa mhúnla ar pháirc na traenála aige gur cheap a chuid imreoirí féin go raibh sé dulta glan scuabtha as a mheabhair agus go raibh Áth Cliath dulta go smúsach ann.

Ba gheall le splanc aibhléise ag gabháil tríd an slua é nuair a tháinig uair an taispeántais, áfach. Tháinig anbhá ar Cluxton don gcéad uair agus ghéill na Dubs dhá bháide is cúpla pointe óna gcic amach féin i dtréimhse ghairid roimh leath ama. Ach fós, shocraigh Cluxton é féin ag leath ama agus bhuaigh na Dubs le pointe diamhair ó Dhiarmuid Connolly sa deireadh.

Faoi 2019, bhí Mac Muiris imithe ach bhí foireann Peter Keane fós ag iarraidh fáisc a chur ar chic amach Cluxton. Chuaigh an cúl báire glan dá ndroim amach, rug Brian Howard ar an gcaid agus fuair Jack McCaffrey ceann de na báidí is fearr dá bhfacthas i gcluiche ceannais. B’fhéidir go raibh dhá chaibidil sa dráma trí bliana ó shin agus b’fhéidir gur thóg sé sárbháide eile ó Eoin Murchan chun Ciarraí a chloí. Ach ba chuma, bhuaigh Áth Cliath arís.

Taibhsíodh do dhaoine trí bliana ó shin go leanfadh an dráma idir an dá fhoireann seo ainneoin slán a bheith fágtha leis an stáitse ag cuid de na príomhaisteoirí ar thaobh Átha Cliath – Cluxton, Connolly, McManamon, McCaffrey, Mannion agus McMahon.

De bharr neafaiseacht Chiarraí cois Laoi in 2020 agus de bharr clisteacht Thír Eoghain anuraidh, níor éirigh le Ciarraí teacht chun an stáitse chuige le dhá bhliain anuas.

Sa tréimhse sin, mhéadaigh Áth Cliath a nglóire le sé cinn as a chéile in 2020 agus fiú nuair a chnag Maigh Eo na Dubs sa deireadh anuraidh, ní deireadh ré a bhí i gceist ach díreach éachtaint ar dhaonnacht Átha Cliath.

Is dóigh liom go raibh sé i ndán ó thús na bliana seo, áfach, go mbuailfeadh an dá fhoireann seo, Ciarraí is Áth Cliath, le chéile ag an gcrosaire don rince deireanach.

Táimid anseo anois agus níl aon chaint le seachtain ach ar aclaíocht nó a mhalairt David Clifford ar thaobh amháin agus ar Chon O’Callaghan ar an dtaobh eile.

Ainneoin a máistreachta agus a ndraíochta, is dóigh liom gur scéal thairis é a bheith ag caint ar cheachtar den mbeirt.

B’fhearr labhairt ar an easpa cúl atá géillte ag Ciarraí go dtí seo i mbliana agus ar conas a fhéachfaidh Áth Cliath air sin mar mharc agus mar dhúshlán. Níl aon bháide géillte ag Ciarraí sa chraobh agus an ceann amháin ón imirt (cic éirice v Muineachán ab ea an ceann eile) atá géillte acu, ba shárbháide é ó Darren McCurry Thír Eoghain.

Bhí éachtaint an lá san i gCill Airne ar conas tabhairt fé Chiarraí agus ná cuirfeadh sé aon iontas ort dá dtástálfadh Áth Cliath a ndintiúirí san aer arís, ní le Con O’Callaghan, ach le Ciarán Kilkenny ag bogadh isteach ar imeall na cearnóige anois is arís.

Déanfar iarracht luas Eoin Murchan a úsáid i gcoinne Paul Geaney, atá ag imirt thar barr, ón dtaobh eile agus tuigfidh Ciarraí ó 2019 go gcaithfear bheith aireach ansiúd.

Beidh Ciarraí ag súil go dtabharfaidh Diarmuid O’Connor cosaint ón easpa coisíochta atá ann do David Moran agus bí ag súil go ndéanfaidh Áth Cliath iarracht ar Thadhg Morley a dhíchoimisiúnú mar chosantóir corraiceach. Éireoidh leo babhtaí agus caithfidh siad robach a dhéanamh nuair a tharlaíonn san. Is geit dhiamhair a bheidh ann do Chiarraí má agus nuair a ghéillfidh siad báide. Is í an cheist, áfach, ná cén freagra a thiocfaidh uathu?

Thug Maigh Eo éachtaint mhaith don uile fhoireann coicíos ó shin conas dul i ngleic le luas Chiarraí – stop, strac agus stollaigh Brian Ó Beaglaoich agus Gavin White sara dtosnaíonn siad na ruathair agus beidh agat.

Is mó comhrá a bhí sa dá chontae an tseachtain seo fés na coimhlintí pearsanta a bheidh idir imreoirí áirithe ach is dóigh liom gur sa choimhlint idir John Small agus Seán O’ Shea is fearr a gheobhair léargas ar threo agus ar theocht na himeartha inniu. Ar gach aon slat tomhais atá ann – luas, neart, intleacht caide agus diongbháilteacht aigne – bheidís cothrom. Tá aon difríocht suntasach amháin eatarthu, áfach. Tá sé déanta arís is arís eile ag John Small ar na laethanta móra agus tá na boinn ag sileadh leis mar léiriú ar sin.

Is scáthán é O’Shea ar Chiarraí, ar a dtoil agus ar a mian, inniu.

Má thuigeann O’Shea gur fearr an cú a bhíonn sa tsiúl ná an cú a bhíonn sa lúb, gur fearr an té a éiríonn ná an té a thiteann agus gur fearr críoch ná gnó, beidh an lá le Ciarraí.

Is cinnte tar éis iad a bheith fé chois le blianta ag Áth Cliath go dtuigeann pobal caide chontae Chiarraí gur fearr poll sa phutóg ná poll san onóir. Tá a gclú, a gcáil agus a n-onóir pollta go rómhinic ag glúin órga imreoirí sa chontae agus pobal iomlán buailte síos dá bharra.

Braitheann scata gur am fuascailte é.

Fág freagra ar 'Am fuascailte do Sheán O’Shea agus glúin órga Chiarraí'

  • JP

    Ana-mhaith ráite & scríte. Ós ag caint ar John Small é áfach is eagal liom go ndéanfar oineach na gCiarraíoch a smálú arís inniu!