21,926 cás nua den víreas fógartha, laghdú beag ar líon na n-othar sna hospidéil

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu 6,877 cás nua ach ní raibh aon bhás eile de dheasca an víris le fógairt

21,926 cás nua den víreas fógartha, laghdú beag ar líon na n-othar sna hospidéil

21,926 cás nua den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

936 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, cúigear níos lú ná mar a bhí ansin inné. Tá 84 díobhsan in aonad dianchúraim, seisear níos lú ná mar a bhí inné.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu 6,877 cás nua. Dúradh nach raibh aon bhás eile de dheasca an víris le fógairt ansin inniu.

402 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 31 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Dúirt Paul Reid, Príomhfheidhmeannach an HSE inniu gur measa atá cúrsaí foirne buailte an tseachtain seo ná a bhí an t-am seo anuraidh.

“Den fhoireann sin atá as láthair, altraí agus mná cabhrach 35% díobh agus daoine iad 35% eile a thugann cúram sláinte, pobail is sóisialta do dhaoine sa phobal nó don tseirbhís otharcharr,”  a dúirt Reid. 

Dúirt sé go raibh breis is milliún tástáil antaigine seolta ag an HSE agus gur daoine idir 4-39 bliain a fuair 150,000 acu sin le ceithre lá. Tá “soláthar cinnte” de na tástálacha seo ag an HSE go dtí deireadh na míosa seo agus tús mhí Feabhra. 

Fág freagra ar '21,926 cás nua den víreas fógartha, laghdú beag ar líon na n-othar sna hospidéil'