LÁITHREACH BONN: Tuigeann scríbhneoirí na Slóivéinise agus na Gaeilge a chéile go maith

Mar chuid den togra Láithreach Bonn, d’fhiafraíomar de chuid de scríbhneoirí na Gaeilge, an scríbhneoir Eorpach thú?

LÁITHREACH BONN: Tuigeann scríbhneoirí na Slóivéinise agus na Gaeilge a chéile go maith

Bhí mé ag cur cártaí sa phost ag tús mhí na Nollag. Bhí an t-am ann nár chuir mé cártaí Nollag, ach le teacht na plá, tá athrú tagtha ar bhéasa. Tá súil agam go dtiocfaidh athrú ar chúrsaí i mbliana.

Cárta curtha chuig Cvetka Bevc sa tSlóivéin, cairdeas idir mé féin agus an scríbhneoir sin ag síneadh siar mar gheall ar thogra Fhoras na Gaeilge, Focail Eile, in 2016. Is teangacha iad an tSlóivéinis agus an Ghaeilge atá faoi léigear ag mórtheangacha Eorpacha eile thart orthu, agus tuigimid cás a chéile go han-mhaith mar gheall ar an chomhrac teangeolaíoch seo. 

Janneke Spoelstra ón Fhreaslainn, mar an gcéanna. Tá siad i bhfad níos réchúisí faoi chúrsaí teanga sa Fhreaslainn – ar imeall na hÍsiltíre – ach tá siad go mór in adharca leis an Bhéarla faoi láthair. Tá Freaslannaigh fíorphragmatach, mar a fuair mé amach le linn mo thréimhse cónaitheachta ansin. Ach tiocfaidh lá go músclóidh siad agus beidh an lámh in uachtar ag teanga eile nach Ollainnis í…

Yoseba Peña as Tír na mBascach. Cárta Nollag dó féin is dá mhuintir. Ar ndóigh, tá acmhainn na híoróine ag na Bascaigh i ngan a fhios dóibh féin. Diúltaíonn siad ‘teanga an aintiarna cultúrtha’ (Caistílis/Spáinnis) a labhairt liom, bíodh is go bhfuil Spáinnis líofa agam. Múinteoir Spáinnise mé, agus léachtóir ar theagasc na Spáinnise, tráth. Cúrsaí déanta agam thar na blianta thall, in Granada, Maidrid, Santander, León, Sevilla – obair chrua, ar ndóigh. Seal ag teagasc in Burgos, gan thart orm ach Caistílis. Ach caithfidh mise tiontú ar theanga m’aintiarna cultúrtha féin – Béarla – do na Bascaigh. Ach tá siad croíúil, agus a theist sin ná táimid i dteagmháil lena chéile go fóill (cairdeas eile a d’fhás de thairbhe Focail Eile).

Rita Saliba. File a scríobhann i Malti, ar oileán Mhálta. Tuigfidh gach Gael an bhuairt atá orthu mar gheall ar an teanga ansin, agus an oiread sin den Bhéarla thart timpeall orthu. Mhair siad na mílte bliain faoi riail na nArabach agus na nEorpach, ag sú isteach an dá thraidisiún teanga agus á meascadh. Ach ar ndóigh, tháinig Béarlóirí. Chonaic siad an t-oileán. Ghlac siad seilbh air. Go dtí gur díbríodh iad i 1964. Ach níor díbríodh Béarla – teanga an ardnósachais, teanga na cumarsáide idirnáisiúnta, an lámh in uachtar aige. Síorfhaire ar mheath Malti atá ar siúl ag Rita agus ag a comhghleacaithe san Acadamh Teanga thall ansin anois. 

An scríbhneoir Eorpach mé? Sin ceist.

Is úrscéalaí, gearrscéalaí agus file as Béal Feirste í Réaltán Ní Leannáin, údar ‘Turas Ailse’, ‘Dílis’ agus ‘Cití na gCártaí’. Fuarthas maoiniú ó Tuairisc Bheo Teoranta agus deontas ó Pharlaimint na hEorpa don togra Láithreach Bonn. Níl aon lámh ag Parlaimint na hEorpa san ábhar a fhoilsítear sa tsraith ná aon fhreagracht uirthi ina leith

Fág freagra ar 'LÁITHREACH BONN: Tuigeann scríbhneoirí na Slóivéinise agus na Gaeilge a chéile go maith'