21 leabhar ar ghearrliosta Dhuaiseanna Litríochta na Gàidhlig in Albain

Sé rannóg atá ann do Dhuaiseanna Litríochta na Gàidhlig agus is do scríbhinní nár foilsíodh fós ceann amháin acu sin

21 leabhar ar ghearrliosta Dhuaiseanna Litríochta na Gàidhlig in Albain

Tá 21 leabhar ar ghearrliosta Na Duaisean Litreachais (Duaiseanna Litríochta na Gàidhlig) i mbliana. D’fhógair Comhairle nan Leabhaireachan, an eagraíocht a chuireann litríocht na Gàidhlig chun cinn in Albain, an gearrliosta de na leabhair ab fhearr a foilsíodh idir 1 Bealtaine 2024 agus 30 Aibreán 2025.

Sé rannóg atá ann i mbliana agus is do scríbhinní nár foilsíodh fós ceann amháin acu sin. Níl rannóg ar leith ann do shaothair aistrithe ach glactar leo sna rannóga eile.

Ainmnithe don leabhar is fearr do pháistí tá Ailig agus an Dalek Gàidhlig le Shelagh Campell, An Cat Coigreach le June Graham, Na Mailghean Millteach (aistriúchán ar The Eyebrows of Doom) le Steve Smallman, agus Uncail Dod agus na Dìneasairean le Mary Gillies.

Tá trí leabhar filíochta ar ghearrliosta na bliana seo: Athair le Christopher Whyte; Beul-aithris Chnoc a’ Ghobhainn le Shane Johnstone; agus an cnuasach filíochta Bàrdachd a’ Bhaile Mhòir: 15 Glasgow Poems á chur in eagar ag Niall O’Gallagher.

Tá trí shaothar aistrithe san iomaíocht don ghradam ‘Leabhar Ficsin na Bliana’ – A’ Hobat (The Hobbit) le JRR Tolkien, Draoidh Drùidhteach Oz (The Wonderful Wizard of Oz) le L Frank Baum, agus Inneal na Tìme (The Time Machine) le HG Wells. Ba é an t-aistritheoir Moray Watson a chuir Gàidhlig ar Tolkien agus Wells agus Zachary Wallace a d’aistrigh Oz. Tá leabhar nuascríofa Gàidhlig san iomaíocht sa chatagóir céanna – Am Prionnsa le Graham Cooper.

Sa rannóg do shaothair neamhfhicsin tá bailiúchán aistí, alt, agus ábhar eile ó pheann Ruaraidh MhicThòmais, duine de mhórfhilí Gàidhlig na haoise seo caite. Tá An Staran: Rosg Gàidhlig le Ruaraidh MacThòmais in eagar ag Petra Johan Pncarová. Beidh an leabhar sin san iomaíocht le dhá leabhar eile: A’ Chiad Bhana-Leòdhasach ann an Athabasca dírbheathaisnéis Iseabail NicÌomhair NicThòmais a chuaigh ar imirce go Ceanada in 1880; agus Unnad, leabhar grianghraf le Calum Angus Mackay.

Tá trí scríbhinn gan fhoilsiú do pháistí ainmnithe ina rannóg féin: Am Madadh-allaidh Smàlaidh le Sarah MacRae; M’Fhaileas le Ceitidh Hutton; agus Somhairle Nach Gabhadh Comhairle le Morag Ann MacNeil.

Tá leabhar gan fhoilsiú le Tim Armstrong, a scríobh an leabhar ficsean-eolaíochta Air Cuan Dubh Drilseach (a foilsíodh faoin teideal Tinte na Farraige Duibhe i nGaeilge na hÉireann) ar liosta na Scríbhinní Gan Fhoilsiú do Dhaoine Fásta. Is iad na carachtair chéanna a bheidh in An Luingeas Dorcha air Fàire le Armstrong, a bheidh san iomaíocht le Aonar le hIain Cumming, Faidhean is Taibhsean le Calum L MacLeod, Gun Tiotal le Marcas Mac an Tuairneir.

Bronnfar na gradaim ag ócáid speisialta sa Cottiers Theatre i nGlaschú Dé Máirt an 16 Meán Fómhair.

Fág freagra ar '21 leabhar ar ghearrliosta Dhuaiseanna Litríochta na Gàidhlig in Albain'