2,098 cás nua fógartha ó dheas, an líon is mó in aon lá amháin fógartha ó thuaidh ó thús na paindéime

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna go raibh naonúr eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis

2,098 cás nua fógartha ó dheas, an líon is mó in aon lá amháin fógartha ó thuaidh ó thús na paindéime

Tá 2,098 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

251 othar a raibh an galar orthu a bhí sna hospidéil maidin inniu agus bhí 52 acusan in aonad dianchúraim.

2,397 cás eile a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna, an líon is mó in aon lá amháin ó thús na paindéime. Fógraíodh go raibh naonúr eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,287 duine ar fad atá básaithe de dheasca an víris ó thuaidh ó thús na paindéime.

388 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá 47 díobhsan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,258,640 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 1,136,902 duine.

Agus é faoi agallamh ar Nuacht RTÉ inniu dúirt Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Paul Reid, go raibh 6.4 milliún vacsaín tugtha amach agus go raibh beagán os cionn 84% de dhaoine fásta an stáit vacsaínithe agus snáthaid amháin faighte ag beagán os cionn 90% díobh.

An aidhm anois ná an “t-achar idir an dá shnáthaid a laghdú”, a deir sé.

Bhí sé an-sásta go raibh 130,000 déagóir idir 12 agus 15 bliain cláraithe don vacsaín agus í faighte ag 65,000 díobh.

Dúirt Reid go bhfuil “an acmhainn” ag an bhFeidhmeannacht an tríú snáthaid nó treisdáileog a thabhairt do dhaoine más í sin an chomhairle a thagann ón gComhairle Náisiúnta Imdhíonachta (NIAC).

Dúirt sé nach raibh aon fhadhb leis an soláthar faoi láthair agus gur tháinig 540,000 vacsaín mRNA chun na tíre le seachtain agus an oiread céanna ag teacht an tseachtain seo chugainn.

Tá tuilleadh ionaid siúil isteach oscailte agus is féidir an chéad agus an dara snáthaid de Vacsaíní Pfizer/BioNTech agus Moderna a fháil anois iontu agus an t-eolas ar fad le fáil ar shuíomh na feidhmeannachta sláinte.

Dúirt Stiúrthóir an Chláir Vacsaínithe, Damien McCallion, gur údar imní an líon ard cásanna ach go raibh na vacsaíní ag cruthú go maith in aghaidh an Delta. “Cosnaíonn vacsaín an duine ó dhrochráig tinnis, tréimhse in ospidéal agus i roinnt cásanna ón mbás,” a dúirt McCallion agus é ag moladh do dhaoine an vacsaín a fháil.

Fág freagra ar '2,098 cás nua fógartha ó dheas, an líon is mó in aon lá amháin fógartha ó thuaidh ó thús na paindéime'