20% de chríocha na hÚcráine faoi smacht na Rúise – Zelensky

Tá sé ina chogadh dearg faoi láthair ar shráideanna Severodonetsk in oirthear na hÚcráine, cathair thábhachtach atá anois faoi smacht na Rúiseach don chuid is mó

20% de chríocha na hÚcráine faoi smacht na Rúise – Zelensky

Deir an tUachtarán Volodymyr Zelensky, go bhfuil seilbh anois ag fórsaí na Rúise ar 20% de chríocha na hÚcráine.

San áireamh ansin tá an 7% den tír a bhí gafa ag an Rúis nó a seachfhórsaí – an Chrimé agus ceantair áirithe san oirthear.

Ó thús ionradh na Rúise ar an 24 Feabhra tugadh ar 15 milliún Úcránach a mbailte a fhágáil agus 6.8 milliún díobh a theith go dtí tír eile, de réir na bhfigiúirí is déanaí.

Tá na mílte maraithe agus cuid mhór den Úcráin scriosta ó cuireadh tús leis an gcoimhlint. Tá coireanna cogaíochta curtha i leith na Rúise mar gheall ar chuid dá n-ainghníomhartha ó thosaigh an cogadh.

Tá sé ina chogadh dearg faoi láthair ar shráideanna Severodonetsk in oirthear na hÚcráine, cathair thábhachtach atá anois faoi smacht na Rúiseach den chuid is mó.

Dá n-éireodh leis an Rúis Severodonetsk a ghabháil bheadh réigiún Luhansk in Donbas ar fad ina seilbh nach mór.

Deir údaráis na hÚcráine gur thart ar 80% Severodonetsk atá i seilbh na Rúise anois.

Agus dul chun cinn á dhéanamh ag an Rúis in oirthear na tíre, d’fhógair Joe Biden, Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, go rabhthas chun a thuilleadh arm a chur ar fáil don Úcráin, airtléire shofaisticiúil san áireamh. Deir an Ghearmáin go ndéanfaidh siad amhlaidh.

Dúirt Biden go gcabhródh na huirlisí troda leis an Úcráin iad féin a chosaint ón Rúis.

Mhaígh lucht na Creimile go raibh cúrsaí á ndéanamh níos measa ag lucht Washington.

D’fhágfadh titim Severodonetsk go mbeadh cathracha móra Luhansk go léir i seilbh na Rúise.

Tá Severodonetsk in Donbas, ceantar atá saibhir ó thaobh acmhainní nádúrtha in oirthear na hÚcráine. Is mian le Vladimir Putin, Uachtarán na Rúise, cur leis na críocha atá faoi smacht na Rúise cheana féin in Donbas san oirthear, go háirithe i bhfianaise na mbuillí a buaileadh ar a arm i dtús an chogaidh.

Tá formhór d’fhoirgnimh Severodonetsk scriosta ag ionsaithe diúracáin na Rúise agus formhór den 100,000 duine a bhí ina gcónaí sa chathair anois ar a dteitheadh.

Idir an dá linn, bhí bua 3-1 ag foireann sacair na hÚcráine ar Albain aréír. Fágann a mbua go n-imreoidh an Úcráin in aghaidh na Breataine Bige d’áit i gCorn an Domhain. Dúirt Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelensky, gur thug nq himreoirí “dhá uair an chloig den sonas” do mhuintir agus do shaighdiúirí na tíre.

Idir an dá linn, vótáil muintir na Danmhairge i reifreann inné ar son páirt a ghlacadh i bpolasaí cosanta an AE feasta.

66.9% a bhí ar son mholadh an Rialtais agus 33.1% a bhí ina choinne.

Is nuair a vótáil muintir na Danmhairge in aghaidh Chonradh Maastricht i 1992, an conradh faoinar bunaíodh an tAE, a socraíodh nach nglacfadh an tír páirt sa pholasaí cosanta.

Tá sé de bhéas ag muintir na Danmhairge a bheith amhrasach faoi chur leis an nasc idir ballstáit an AE. I reifreann eile in 2000 vótáil muintir na Danmhairge fanacht lasmuigh de chóras an euro agus in 2015 vótáil siad cloí leis an díolúine ó pháirt a ghlacadh i gcóras dlí agus cirt an AE.

Ach rinneadh athrú ó bhonn go tobann ar chúrsaí slándála na hEorpa nuair a rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin i mí Feabhra.

Fág freagra ar '20% de chríocha na hÚcráine faoi smacht na Rúise – Zelensky'