20 bliain is an lá inniu iompaíodh an fód do Theilifís na Gaeilge i mBaile na hAbhann

'Lá mór stairiúil a bhí ann dúinne, tar éis na cainte uilig. Bhí rud eicínt ag tarlú nárbh fhéidir dul siar air' - is maith is cuimhin le Pádhraic Ó Ciardha, leascheannaire TG4, an lá a iompaíodh an fód i mBaile na hAbhann 20 bliain ó shin

unnamed

Scór blianta is an lá inniu d’iompaigh Mícheál D. Ó hUiginn, a bhí ina Aire Ealaíon, Cultúir  agus Gaeltachta ag an am, an fód i mBaile na hAbhann do stáisiún teilifíse Gaeilge – deich mí sular craoladh TnaG den chéad uair riamh.

Tá an tuairisc a rinne an t-iriseoir Jim Fahy ón láthair do RTÉ News crochta ar an suíomh RTÉ Archives inniu. Cuirtear síos sa tuairisc ar an bhfiche comhlacht neamhspleách léiriúcháin a bhí i mbun oibre i mí Eanáir 1996 ar chláracha a chur le chéile a chraolfaí nuair a bheadh TnaG ar an aer níos deireanaí sa bhliain sin.

I measc na ndaoine atá le feiceáil sa mír agus iad i mbun na gclár píolótach seo, tá Rónán Mac Aodha Bhuí agus Gráinne Ní Dhomhnaill, beirt atá anois ag obair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus Síle Nic Chonaonaigh, atá ina láithreoir ar an gclár Dúiche ar TG4.

Cuireadh agallamh ar Chathal Goan, a bhí ina cheannasaí ar an stáisiún neamhbhunaithe, don tuairisc nuachta agus dúirt sé go raibh súil aige go gcuirfeadh an stáisiún in iúl don phobal go raibh ‘ glór eile’ ann i saol na craoltóireachta agus go meallfaí lucht féachana mór.

Dúirt Goan le Tuairisc.ie inniu nach bhfuil “cuimhne dá laghad” aige ar an lá a iompaíodh an fód i mBaile na hAbhann mar gheall ar a ghnóthaí is a bhí an mheitheal a bhunaigh an stáisiún Gaeilge thart ar an am sin.

“Ní cuimhin liom an lá é féin ach bhí muid an-ghnóthach ag an am. Bhí muid ar an aer deich mí ina dhiaidh sin agus ní raibh mórán ama le spáráil. Bhí muid ag earcú foirne, ag ceannach trealaimh agus ag tógáil foirgneamh. Bhí an oiread fuadar ann ach bhí an foirgneamh ann i mí na Samhna agus tháinig an stáisiún isteach in am agus faoi bhuiséad.

“Bhí Michael D. Higgins, atá anois ina uachtarán, ann an lá sin agus bhí sé an-chróga agus misniúil. Bhí an chaint uilig an t-am sin an-teasaí agus bhí daoine binbeach faoin airgead agus ag rá nárbh fhearr é a chaitheamh ar dhaoine sna hospidéil, nó do rogha cás eile. Ach bíonn an chaint sin i gcónaí ann faoi rud ar bith agus tháinig muid ar an bhfód agus d’éirigh linn,” a dúirt Goan.

Is fearr i bhfad an chuimhne atá ag Pádhraic Ó Ciardha, atá anois ina leascheannaire ar TG4, ar an lá agus an tógáil mar gheall ar a chóngaraí dá áit dhchais is a bhí an obair ar siúl. Sular bhog sé go Teilifís na Gaeilge i 1994, bhí Ó Ciardha ina chomhairleoir ar chúrsaí craolacháin ag an mbeirt airí is mó atá luaite le bunú TnaG.

“Bhí mé ag obair le Máire Geoghegan-Quinn agus le Mícheál D. sna blianta roimhe sin agus nuair a socraíodh é a thógáil i mo pharóiste féin ní fhéadfá a rá ach go raibh mé sásta!” a dúirt Ó Ciardha, atá le feiceáil san fhíseán taobh thiar de Mhícheál D. Ó hUiginn.

“Lá mór stairiúil a bhí ann dúinne, tar éis na cainte uilig, bhí rud eicínt ag tarlú nárbh fhéidir dul siar air. Tionscadal de chuid RTÉ a bhí ann agus ba lá mór do RTÉ freisin é mar gurbh é an chéad uair a thóg siad rud eicínt chomh mór leis seo i gceantar Gaeltachta ó bhí 1972 ann.

“Cloch mhíle a bhí inti agus dheimhnigh sé go raibh an t-aistear tosaithe. Bhí a fhios againn an lá sin nach fada go mbeadh muid ag craoladh. Bhí muid ag iarraidh tosú ar lá a bhí suntasach; ní thiocfadh stáisiún ar an aer i rith an tsamhraidh mar ní bhítear ag breathnú ar an teilifís i rith an tsamhraidh; an plean i gcónaí a bhí ann ná gur ar Lá Bealtaine nó Oíche Shamhna a thosódh muid,” a dúirt an Ciardhach.

Dúirt sé freisin, áfach, nach raibh i dtógáil an fhoirgnimh ach “an chuid ba lú” den obair a rinneadh sna míonna sular thosaigh TnaG ag craoladh Oíche Shamhna 1996. Ba thogra mór millteach a bhí i socrú na gcrann traschurtha timpeall na tíre agus bhain obair mhór freisin leis an ábhar a chur ar fáil don stáisiún teilifíse.

“An dúshlán ba mhó a bhí ann ná na pinginí a charnadh le hábhar a chur ar fáil. Ní fhéadfadh muid a bheith ag craoladh go páirtaimseartha, ar feadh dhá uair a’ chloig sa ló, agus mar sin theastaigh uainn ní hamháin an stáisiún a thógáil ach an gréasán agus an earnáil a aithint, a bhunú agus a chothú. Ábhar a fháil a bheadh nuálach agus tarraingteach don phobal.

“D’éirigh linn den chuid is mó sa gcath sin. Bhí sceideal againn le craoladh agus cé gur thóg sé tamall sular thug na léirmheastóirí teilifíse aon fair play dúinn – thug ar deireadh,” a dúirt Ó Ciardha le Tuairisc.ie.

Chosain Aire Gaeltachta na linne, Mícheál D. Ó hUiginn, caiteachas an rialtais ar TnaG sa mír nuachta a craoladh 20 bliain ó shin. Dúirt sé go mbeadh sé “tubaisteach” dá ndéanfaí cinneadh maidir le todhchaí na craoltóireachta agus na scannánaíochta bunaithe ar luach an mhargaidh agus sin amháin.

“If you think of it another way, I looked at one journal which suggested that by the turn of the century we’ll have a choice of hundreds of channels on television. Wouldn’t it be quite extraordinary if not one of those could be one that would deal with the Irish language?” a dúirt sé le RTÉ News.

Tharraing Mícheál D. Ó hUiginn aird air féin sna meáin chomh maith nuair a dúirt sé an lá céanna gurbh ionann na daoine a bhí ag cur in aghaidh bhunú an stáisiún agus “the culturally collapsed”.

Fág freagra ar '20 bliain is an lá inniu iompaíodh an fód do Theilifís na Gaeilge i mBaile na hAbhann'