£2 mhilliún in aghaidh na bliana agus £9 milliúin eile thar thréimhse cúig bliana i gcostais bhunaithe aon uaire.
Sin an costas a bhainfeadh le hAcht Teanga a thabhairt isteach ó thuaidh, de réir plécháipéis nua de chuid Chonradh na Gaeilge.
Tá briseadh sa cháipéis nua a seoladh ar maidin ar an gcostas a bhainfeadh leis an Acht Teanga i réimsí caiteachais éagsúla.
Déantar costáil sa phlécháipéis nua ar an soláthar don Ghaeilge a dhéanfaí san Acht i dTionóil Stormont, sna húdaráis áitiúla, i gcúrsaí craolacháin agus sa roinn oideachais. Tá caiteachas luaite chomh maith le Coimisinéir Teanga agus le húsáid logainmneacha Gaeilge.
Dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, gurbh é aidhm na plécháipéise ná eolas a chur ar fáil faoi cad atá i gceist le hAcht Teanga agus faoi cén fáth a bhfuil gá lena leithéid.
Mhaígh Comer go raibh tacaíocht tugtha don éileamh ar Acht Teanga ag 50 duine den 90 duine a toghadh i dtoghchán Stormont.
Luaigh Uachtarán an Chonartha freisin an scéala go bhfuil an easpa reachtaíocht teanga ó thuaidh cáinte go láidir ag coiste de chuid Chomhairle na hEorpa. D’éiligh an coiste sin ar Rialtas na Breataine dul i mbun cainteanna leis an páirtithe polaitíochta i Stormont lena chinntiú go dtabharfar an reachtaíocht isteach.
“Tá súil againn go gcuirfidh an phlécháipéis seo daoine ar an eolas maidir le hAcht Gaeilge; cad é atá ann; cad iad na hathruithe atá i gceist; cad chuige a bhfuil forálacha faoi leith de dhíth agus na dóigheanna is fearr chun iad a chur i bhfeidhm. Cheana féin, tá cúig pháirtí ag tacú leis an éileamh ar son reachtaíocht Gaeilge i bhfoirm Achta, mar aon le 50 as 90 CTR nuathofa. Tá muid ag éileamh ar na páirtithe ar fad teacht le chéile agus tacaíocht a thabhairt do na moltaí seo, agus reachtaíocht chosanta agus forbartha don teanga a thabhairt isteach, de réir moltaí Chomhairle na hEorpa agus na Náisiún Aontaithe, agus faoi mar a gealladh breis agus deich mbliana ó shin i gComhaontú Chill Rímhinn.”
Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian De Spáinn, go raibh dóchas aige go dtabharfaí isteach an tAcht Teanga agus mhaígh sé go raibh creatlach curtha ar fáil sa phlécháipéis chun a leithéid a dhéanamh.
“Tá ceist an Achta ar chlár oibre na bpáirtithe le linn na gcomh-cháinteanna faoi láthair. Tá muid muiníneach gur féidir linn an dúshlán seo a shárú agus na cearta atá de dhíth ar phobal na Gaeilge a bhaint amach faoi dheireadh. Leis an cháipéis seo creideann muid go bhfuil creatlach atá réadúil agus inbhainte amach againn, a dhéanann freastail ar bhunionchais dhlisteanacha phobal na Gaeilge,” a dúirt Julian de Spáinn.
Dúirt sé gur bhréagnaigh an phlécháipéis figiúirí eile atá luaite le costas an Achta ag “páirtithe áirithe”.
“Creideann muid gur figiúirí réasúnta iad atá bunaithe ar mholtaí praiticiúla, go háirithe má chuirtear Acht Gaeilge i bhfeidhm mar is ceart, leis an chur chuige agus an toil chuí. Níos tábhachtaí arís, is infheistiú san eacnamaíocht agus sa phobal ó thuaidh a bheadh ann agus meastar go mbeadh £8 milliún sa bhreis d’ioncam don gheilleagar ó thuaidh go bliantúil dá gcomhlíonfaí dualgais an BBC don chraolachán Ghaeilge,” a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.
Bhí ceist an Achta Teanga go mór i mbéal an phobail le linn thoghchán an Tionóil ó thuaidh.
Mhaígh an DUP go gcosnódh sé £100 milliún sa bhliain Acht dá leithéid a thabhairt isteach. Figiúr ‘a fuair an DUP ó Plútó’ a thug an t-iar-aire airgeadais Máirtín Ó Muilleoir ar an meastachán sin.
Fág freagra ar '£2 mhilliún sa bhliain a chosnódh Acht Teanga ó thuaidh – plécháipéis nua Chonradh na Gaeilge'