Pátrúnacht ar Ghaelscoil in Áth Cliath athraithe ón Ard-Deoise go dtí An Foras Pátrúnachta

Beidh an rogha ag daltaí na scoile feasta Clár Eitice agus Morálta nó Clár Caitliceach a leanúint

Pátrúnacht ar Ghaelscoil in Áth Cliath athraithe ón Ard-Deoise go dtí An Foras Pátrúnachta

Tá fógartha ag Gaelscoil i mBaile Átha Cliath go bhfuil An Foras Pátrúnachta mar phátrún acu tar éis di dífheistiú ó Ard-Deoise Átha Cliath.

Tá Scoil Chaitlín Maude i dTamhlacht ar an gcéad ghaelscoil i mBaile Átha Cliath atá tar éis dífheistiú ó Ard-Deoise Átha Cliath go dtí An Foras Pátrúnachta.

Fágann an cinneadh seo go mbeidh an rogha ag daltaí a thosóidh sa scoil feasta Clár Eitice agus Morálta nó Clár Caitliceach a leanúint. 

Deir an Foras Pátrúnachta go bhfuil an t-athrú ag freagairt  d’éileamh “atá i sochaí an lae inniu” agus go mbeidh trí ghaelscoil anois sa mhórcheantar a bhfuil rogha sainspioraid éagsúil acu.

“Is cinneadh stairiúil é seo agus tá moladh mór ag dul don scoilphobal as a gcur chuige ceannródaíoch,” arsa Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra.

“Tá aitheantas mór ag dul don Ard-Deoise as an tacaíocht a thug siad mar phátrún scoile le breis agus 30 bliain. Tá an-áthas ar an bhForas Pátrúnachta tógáil ar an tseirbhís sin anois.

“Is é An Foras Pátrúnachta an t-aon phátrún lán-Ghaeilge ar scoileanna lán-Ghaeilge. Tá sé mar aidhm ag An Foras Pátrúnachta oideachas lán-Ghaeilge den scoth a chur ar fáil chun tacú le pobail lán-Ghaeilge a chruthú. Táimid ar bís tacú leis an scoil tógáil ar an obair mhór atá ag dul ar aghaidh le fada an lá.”

Bunaíodh Scoil Chaitlín Maude i 1985 agus tá 30 ball foirne i mbun cúraim ar an 350 dalta atá ag freastal ar an scoil. 

“Is toradh é an t-aistriú seo ar phróiseas a fuair lántacaíocht ón scoilphobal,” a dúirt Pádraig Ó Duibhir, Cathaoirleach Scoil Chaitlín Maude. “Táimid thar a bheith sásta go mbeidh an scoil in ann tairbhe a bhaint as na seirbhísí pátrúnachta agus bainistíochta go léir a sholáthraíonn An Foras Pátrúnachta i nGaeilge.”

Dúirt Bairbre Ní Ghoill, Príomhoide, Scoil Chaitlín Maude go rabhadar “an-bhuíoch” den treoir atá tugtha ag Ard-Deoise Átha Cliath don scoil ó bunaíodh í agus go mbeadh nasc fós ann leis an scoil.

“Táimid an-bhuíoch as an chabhair a thug an Ard-Deoise dúinn agus a thugadar dúinn ó bunaíodh an scoil. Tá an-áthas orainn freisin go mbeimid ag leanúint leis an ngaol atá againn leo chun freastal ar na páistí Caitliceacha inár scoil. Braithimid gur am tráthúil é seo chun aistriú chuig pátrún lán-Ghaeilge agus táimid fíorbhuíoch don Ard-Deoise as a dtreoir agus a gcabhair ar fad.”

Tá an Foras Pátrúnachta ina phátrún ar bhreis agus trí scór bunscoil ar fud na tíre.

Fág freagra ar 'Pátrúnacht ar Ghaelscoil in Áth Cliath athraithe ón Ard-Deoise go dtí An Foras Pátrúnachta'