1916-2016 – Rannóg nua oscailte ar Tuairisc.ie

Is cúis áthais ar leith do Tuairisc.ie tús a chur inniu leis an rannóg nua 1916-2016. Sa rannóg seo beidh sraith altanna faoi oidhreacht 1916 á foilsiú againn i gcomhar le ‘Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain – An Teanga Bheo’

1916rising

Is cúis áthais ar leith do Tuairisc.ie tús a chur inniu leis an rannóg nua 1916-2016. Sa rannóg seo beidh sraith altanna faoi oidhreacht 1916 á foilsiú againn i gcomhar le ‘Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain – An Teanga Bheo’.  Táimid buíoch as an dtacaíocht sin agus as tacaíocht fhial an staraí Gearóid Ó Tuathaigh a d’oibrigh in éineacht linn ar an tsraith seo mar Eagarthóir Coimisiúnaithe.

Beidh neart eile sa rannóg 1916-2016 chomh maith, ag áireamh ábhar ón gClaidheamh Soluis agus agus ábhar cartlainne eile, físeáin agus altanna éagsúla ina bpléifear gnéithe éagsúla den Éirí Amach.

Tá súil againn go mbainfidh sibh tairbhe agus taitneamh as an rannóg nua.

Logo 1916 wide

Fág freagra ar '1916-2016 – Rannóg nua oscailte ar Tuairisc.ie'