19 scoil Bhéarla roghnaithe chun corpoideachas agus ábhair eile a mhúineadh trí Ghaeilge

Deir an tAire Joe McHugh gur cúis ‘áthais’ dó go bhfuil tús curtha le ‘tionscadal spleodrach’ a deir sé a rachaidh chun leas na Gaeilge

19 scoil Bhéarla roghnaithe chun corpoideachas agus ábhair eile a mhúineadh trí Ghaeilge

Tá na scoileanna Béarla atá roghnaithe chun corpoideachas agus ábhair eile a mhúineadh trí Ghaeilge mar chuid de scéim nua fógartha ag an Aire Oideachais, Joe McHugh.

D’fhógair an tAire Oideachais Joe McHugh san earrach go mbeidh dhá thréimhse i gceist leis an scéim phiolótach ina mbainfear úsáid as cur chuige Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT).

Tréimhse forbartha a bheidh sa chéad tréimhse den scéim, an scoilbhliain 2019/2020,  ina ndéanfar clár agus acmhainní a fhorbairt do mhúinteoirí agus oibrithe a bheidh ag glacadh páirte inti.

D’fhógair an tAire McHugh ar maidin an 19 scoil agus ionad luathoideachais ar fud na tíre atá roghnaithe chun tús a chur leis an scéim. Tá liosta de na scoileanna agus na hionaid sin thíos.

Sna hionaid luathoideachais is í an chumarsáid leis na leanaí a bheidh trí Ghaeilge. Sna bunscoileanna agus sna hiar-bhunscoileanna a bheidh páirteach sa chlár nua déanfar trí ábhar a theagasc trí Ghaeilge, Beidh an corpoideachas ar cheann de na hábhair sin ach ní fios go fóill cén dá ábhar eile a bheidh i gceist.

Deir an Roinn go bhféadfadh gur dhá cheann de na hábhair seo a bheadh i gceist: na hamharcealaíona, an mhatamaitic, eolaíocht, gnó, tíreolaíocht agus OSPS nó OSSP.

Dúirt an tAire McHugh gur cúis “áthais” dó go bhfuil tús curtha leis an scéim, ar thug sé “tionscadal spleodrach” uirthi.

“Léiríonn an caighdeán agus an fonn a léiríodh in an-chuid de na hiarratais go bhféadfadh an scéim phíolótach a bheith i bhfad níos mó ná mar a bhí pleanáilte ar dtús.

“Tá ár múinteoirí ilchumasacha tar éis an deis seo a thapú chun cuidiú le cothú na teanga ar bhealach nuálach. Beidh a lán le foghlaim againn faoin tionscadal seo thar na trí bliana agus beidh sé ag feabhsú an t-am go léir. Tá muinín agam, má thugtar an Ghaeilge isteach in ábhair éagsúla i scoileanna, go mbeidh sí níos ábhartha agus go gcuideoidh sé seo le daoine óga a bheith gafa leis an teanga ar bhealach nua agus níos fearr,” arsa Joe McHugh.

Tá cur chuige Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha geallta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Gealladh i bPlean Gníomhaíochta Cúig Bliana an Rialtais don Ghaeilge go ndéanfaí taighde i mbliana ar conas a d’fhéadfaí an páirt-tumadh a thabhairt isteach i scoileanna na tíre, is é sin go mbeadh deis ag daltaí i scoileanna Béarla ábhar nó ábhair a fhoghlaim trí Ghaeilge.

Gealladh chomh maith go gcuirfear tús ar bhonn píolótach idir 2019-2021 i roinnt scoileanna leis an gClár Foghlama Comhtháite Ábhar agus Teangacha.


Na scoileanna a ghlacfaidh páirt sa chéad chuid den scéim trí bliana


 Ionaid luathoideachais

Réamhscoil Theach Abhaile, Inis, Contae an Chláir

Montessori Chnoc an tSeabhaic, Trá Lí, Contae Chiarraí

Montessori High Hopes, Crois Araild, Baile Átha Cliath

Fairytales Day Care, Baile na nGallóglach, Contae Dhún na nGall

Teach Leanbh, Béal Átha na Lao, Contae an Longfoirt

Roots and Wings, Domhnach Bat, Contae Bhaile Átha Cliath.

Bunscoileanna

Scoil Shinsearach Náisiúnta an Teaghlaigh Naofa, Inis, contae an Chláir

Scoil Náisiúnta Naomh Oilibhéir, Cill Airne, contae Chiarraí

Scoil Náisiúnta Naomh Muire, Domhnach Broc, Baile Átha Cliath 4

Scoil Réalt na Mara, Na Sceirí, contae Bhaile Átha Cliath

Scoil Náisiúnta Naomh Colmcille, Cill Mhic Reanáin, contae Dhún na nGall

Scoil Shinsearach Naomh Colmcille, Ceanannas, contae na Mí

Bunscoil Naomh Comán na Coille, Ros Comáin

Iar-bhunscoileanna

Coláiste Fionnchua, Baile Mhistéala, contae Chorcaí

Pobalscoil Shráid an Mhuilinn, Sráid an Mhuilinn, contae Chorcaí

Iar-Bhunscoil na Toirbhirte, Oileán Chiarraí, contae Chiarraí

Coláiste Naomh Muiredach, Béal an Átha, contae Mhaigh Eo

Iar-Bhunscoil Naomh Seosamh, An Muileann gCearr, contae na hIarmhí

Coláiste Chluain na Slí, Port Laoise, contae Laoise

 

Fág freagra ar '19 scoil Bhéarla roghnaithe chun corpoideachas agus ábhair eile a mhúineadh trí Ghaeilge'