1,875 cás nua fógartha, cead ag déagóirí an tsnáthaid a fháil in ionaid vacsaínithe siúil isteach

1,875 cás fosta a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus d’fhógair siad go raibh cúigear eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis

1,875 cás nua fógartha, cead ag déagóirí an tsnáthaid a fháil in ionaid vacsaínithe siúil isteach

Tá 1,875 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

326 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu agus bhí 59 acusan in aonad dianchúraim.

Thug Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr. Tony Holohan, le fios tráthnóna go raibh ráta scaipthe an víris imithe suas go dtí 531 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát.

Den chéad uair beidh déagóirí idir 12 agus 15 bliain in ann vacsaín a fháil in ionaid vacsaínithe siúil isteach ag an deireadh seachtaine.

Ach caomhnóir nó tuismitheoir a bheith leo lena gcead a thabhairt agus cáipéis aitheantais a bheith acu, gheobhaidh na déagóirí a gcéad snáthaid de vacsaín mRNA in aghaidh an Covid-19, ceann Moderna nó Pfizer/BioNTech. Is féidir dul go dtí aon ionad atá liostaithe ar shuíomh gréasáin Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Duine atá ag fáil an dara snáthaid gheobhaidh sé an vacsaín chéanna a fuair sé an chéad uair ach féadfaidh sé dul chuig aon chlinic sa tír ach cruthúnas a bheith leis go bhfuair sé an chéad phrioc agus go bhfuil sé in am don dara ceann.

1,875 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna fosta agus d’fhógair siad go raibh cúigear eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,337 duine ar fad atá básaithe de dheasca an víris ó thuaidh ó thús na paindéime.

383 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá 45 díobhsan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,279,093 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 1,155,558 duine.

 

 

Fág freagra ar '1,875 cás nua fógartha, cead ag déagóirí an tsnáthaid a fháil in ionaid vacsaínithe siúil isteach'