180 leasú reachtaíochta molta le stop a chur leis an mBéarla a bheith ‘á bhrú’ ar phobal na Gaeilge

Deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin go bhfuil an easpa seirbhísí i nGaeilge ón státchóras ‘ag cur brú ollmhór ar mhuintir na Gaeltachta an Ghaeilge a thréigeadh agus iompú ar an mBéarla’

180 leasú reachtaíochta molta le stop a chur leis an mBéarla a bheith ‘á bhrú’ ar phobal na Gaeilge

Tá 180 leasú molta ag urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh ar an mbille a bhfuil faoi leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, bille a ndéanfar mionscagadh air i dTithe an Oireachtais an tseachtain seo chugainn. 

Dúirt Ó Snodaigh atá ina Chathaoirleach ar Choiste Gaeilge an Oireachtais, go bhfuil cás na teanga agus na Gaeltachta “thar a bheith leochaileach” agus gur gá “gníomh radacach” chun í “a chosaint agus a tharrtháil”.

Tiocfaidh an Bille os comhair Roghchoiste Dála na Gaeilge, na Gaeltachta, agus Phobail Labhartha na Gaeilge Déardaoin seo chugainn, an 10 Nollaig.

Dúirt Ó Snodaigh gur gá Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasaithe) 2019 a neartú má tá an státchóras le ról a bheith aige i dtarrtháil na teanga.

Dúirt sé nach mbeadh aon mhaitheas sa bhille mura ndéanfaí na leasuithe atá molta aige féin agus Sinn Féin, cuid acu atá bunaithe ar mholtaí eagraíochtaí teanga éagsúla agus an pobal.

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin gurb é an “príomhthoradh” a bheadh ar na leasuithe “ná go mbeadh an fhoclaíocht sa reachtaíocht níos daingne” maidir le dualgas a chur ar Airí agus comhlachtaí poiblí “gníomhú”, seachas cead a thabhairt dóibh “neamhaird a dhéanamh ar chuspóirí reachtúla an Bhille.

Chomh maith leis sin tá Ó Snodaigh ag moladh leasú ar an mBille chun go gcaithfeadh “gach seirbhís stáit a bheith ar fáil trí Ghaeilge sa Ghaeltacht roimh 2026”.

Maidir le príomhchuspóir an Bhille, gur Gaeilgeoirí a bheadh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi 2030, tá Ó Snodaigh ag moladh go mbainfí an sprioc sin amach faoi 2026.

Ina theannta sin, tá sé ag moladh go mbeadh Gaeilge ag 10% d’fhoireann iomlán na státseirbhíse faoi 2030.

De réir ceann eile de na leasuithe bheadh ar gach comhlacht poiblí úsáid cheart a bhaint as ainmneacha agus seoltaí Gaeilge agus taifead ceart a choinneáil orthu– sínte fada san áireamh – faoi 2025. Bheadh ar chomhlachtaí príobháideacha an dualgas céanna a chomhlíonadh faoi 2027.

Thabharfadh leasú eile cumhachtaí breise don Choimisinéir Teanga faireacháin réamhghníomhach a dhéanamh ar aon reachtaíocht nua agus grinnscrúdú a dhéanamh ar aon bhillí sula n-achtófaí iad.

De réir leasuithe eile, chuirfí smachtbhannaí agus fíneáil ar chomhlachtaí poiblí a sháródh an dlí teanga.

Deir Ó Snodaigh go bhfuil “géarchéim pleanála agus forbartha” sa Ghaeltacht agus go ndéanfar iarracht sna leasuithe dul i ngleic léi trí Mheasúnú Tionchair Teangeolaíochta a dhéanamh riachtanach sa dlí.

Baineann cuid de na leasuithe eile atá á mholadh ag Sinn Féin le cur chun cinn an dátheangachais i dTithe an Oireachtais, sna cúirteanna, ar chomharthaí bóithre, ar lipéadú táirgí, ar rabhaidh sláinte, sa tseirbhís sláinte, san oideachas, sa chraoltóireacht agus san earnáil phríobháideach.

Moltar freisin an Coimisiún Logainmneacha a athbhunú agus stádas reachtúil a thabhairt don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG).

Dúirt Cathaoirleach an choiste a bheidh ag plé leis an gcéad chéim eile d’aistear an bhille an tseachtain seo chugainn, go raibh súil aige go n-éisteodh an Rialtas leis na leasuithe a bheidh á moladh aige féin agus Sinn Féin.

“Tá cás na Gaeilge agus na Gaeltachta thar a bheith leochaileach faoi láthair. Thug an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta rabhadh dúinn sa bhliain 2007 go dtiocfadh deireadh leis an nGaeilge mar theanga labhartha na Gaeltachta laistigh de 20 bliain gan athruithe as cuimse chun í a shábháil.

“Táimid níos mó ná leath bealaigh tríd an tréimhse sin agus tá rudaí imithe in olcas, toisc neamhaird an rialtais, agus tá líon na gcainteoirí Gaeilge laghdaithe sna ceantair Ghaeltachta den chéad uair ó bunaíodh an Stáit.”

Dúirt Ó Snodaigh go raibh an easpa seirbhísí i nGaeilge ón státchóras “ag cur brú ollmhór ar mhuintir na Gaeltachta an Ghaeilge a thréigean agus iompú ar an mBéarla”.

Fág freagra ar '180 leasú reachtaíochta molta le stop a chur leis an mBéarla a bheith ‘á bhrú’ ar phobal na Gaeilge'

  • Mairead

    Cuir iachall ar Údarás na Gaeltachta feidhmiú trí Ghaeilge.