1,717 teach sóisialta do Ghaillimh ach an bhfágfar Gaeltacht Chonamara ar an ngannchuid?

Níl a fhios cá mbeidh áit scíthe ag na mairbh i gConamara amach anseo agus, ar an taobh eile den scéal, beidh sé an-deacair ag daoine óga áit chónaithe a fháil i nGaeltacht Chonamara

1,717 teach sóisialta do Ghaillimh ach an bhfágfar Gaeltacht Chonamara ar an ngannchuid?

Suíomhanna tógála atá teastáil i nGaeltacht Chonamara ach tá Comhairle Chontae na Gaillimh ar charraig, de réir na dtuairiscí atá ag teacht ón Rannóg Tithíochta istigh ar an mBóthar Mór.   Tá siad ag iarraidh suíomhanna achrannacha,  idir phortaigh agus charraigeacha, a sheachaint.   Scéimeanna tithe sóisialta atá i gceist sa bhfadhb seo.  Dá dtiocfadh suíomhanna cóiriúla chun cinn, laghdófaí an fhadhb i nGaeltacht Chonamara, a deirtear.   

Tháinig na suíomhanna tógála go mór chun cinn mar ábhar cainte ag cruinniú a bhain le tithíocht i gCarna an deireadh seachtaine seo a chuaigh tharainn.  Bhí toscaireacht as Cill Chiaráin/Carna agus feidhmeannaigh as an gComhairle Contae ag cur agus ag cúiteamh le chéile.  Díospóireacht mhaith, fhuinniúil a bhí ann ach níor baineadh aon chor as múnla ná nádúr tíreolaíochta an cheantair.   

Níl aon chosúlacht ar an scéal i gConamara go laghdóidh na carraigeacha ná go dtriomóidh an portach.

Sé fearacht cheist na reiligeacha i gConamara é, ar bhealaí go leor.  Níl sé i bhfad ó thug feidhmeannas na Comhairle sracfhéachaint ar áiteacha a bheadh molta le haghaidh reiligeacha nua.  Bhí go leor fadhbanna talún ann a dúradh, idir charraigeacha, moingeanna agus talamh tanaí.  Níl a fhios cá mbeidh áit scíthe ag na mairbh amach anseo – go raibh suaimhneas síoraí ag na mairbh uilig – agus, ar an taobh eile den scéal, beidh sé an-deacair ag daoine óga áit chónaithe a fháil i nGaeltacht Chonamara.  D’fhéadfadh tithe Comhairle Contae – tithe sóisialta – cuid den fhadhb sin a réiteach, ach fuireach orainn.

Tá tithe sóisialta ag teastáil in áiteacha i nGaeltacht Chonamara agus Árann.  Anois an t-am agus clár mór náisiúnta tithe fógartha ag an Rialtas.  I gcontae na Gaillimhe – taobh amuigh den chathair – tá sé leagtha mar chúram ar an gComhairle Contae 1717 teach nua sóisialta a thógáil idir seo agus deireadh 2026 agus sin 343 teach in aghaidh na bliana.   Ní dhearnadh sin ariamh cheana i nGaillimh.

Ach, pé rud a thiocfaidh as, an bhfaighidh pobail Ghaeltachta agus ceantracha/sráidbhailte Chonamara agus Árann cothrom na Féinne?

Téadh muid air ais go hIorras Aithneach.  Sé mo phobal féin é – pobal m’athar agus mo mháthar – pobal mo sheanaithreacha agus mo sheanmháithreacha uilig – pobal mo shin-seanaithreacha agus mo shin-seanmháithreacha uilig …..agus níos faide siar ná sin.  Is cúis bhróin agus imní do dhuine ar bith a bhfuil dílseacht nó nádúr aige lena phobal féin go mbeadh an áit ag dul chun deiridh.   Is bocht an scéal é go bhfuil – mura dtiocfaidh athrú mór ar chúrsaí –scoil Mhaínse ag teannadh le lá a dúnta.   Sna 5 bhunscoil sa bpobal uilig níl fanta anois ar na rollaí ach 136 gasúr; bhí os cionn 340 gasúr sna bunscoileanna sin i 1990.

Níl pobail eile in iarthar Chonamara slán ón lagan seo.  Tá Ros Muc, an paróiste is gaire, buailte chomh dona céanna.  Tá an scéal céanna amhlaidh ar an taobh ó thuaidh de Chuan na Beirtrí Buí.   Tógfaidh muid cás Iorras Aithneach mar shampla do na carraigeacha atá roimh dhaoine.

Tosaíodh feachtas eile dhá bhliain ó shin le súil agus go bhfaighfí scéim tithe Comhairle Contae sa gceantar.   Tá dhá scéim a bhfuil os cionn 30 teach iontu i sráidbhaile Charna cheana féin.  Muintir na háite atá iontu.  San iarracht is deireanaí seo, chuaigh toscaireacht go Gaillimh (100 míle idir isteach agus amach) agus is é a dúradh leo go raibh sé mar chuspóir ag an gComhairle Contae gur i mbailte móra, san áit a bhféadfadh daoine siúl chuig na seirbhísí, a bheadh formhór na dtithe sóisialta feasta.  Níor mhór go mbeadh seirbhísí poiblí séarachais ar fáil freisin.   Coinníodh an teagmháil ag imeacht ina dhiaidh sin agus tarraingíodh macasamhail an chéad chruinnithe tamall ó shin.  Bhíothas ag iarraidh go dtiocfadh na feidhmeannaigh amach go Carna.

Idir an dá linn, bhí tuilleadh obair bhaile déanta agus chuir cúigear in iúl go raibh suíomhanna acu féin a mbeadh fonn orthu scaradh leo.

Tháinig na feidhmeannaigh amach aríst le gairid agus is cosúil nach raibh suíomh ar bith acu cóiriúil, ar chúis amháin nó ar chúis eile, a dúradh.  Bhí fonn ar chonraitheoir tógála bualadh faoi scéim ar a dtugtar ‘turnkey’ (conradh foirgníochta lándéanta). Faoin scéim sin déantar socrú idir tógálaí agus an Chomhairle Contaeagus nuair a bhíonn an scéim críochnaithe ceannaíonn an Chomhairle na tithe agus bíonn siad ina dtithe sóisialta ina dhiaidh sin.   Dúradh leis an tógálaí go bhféadfadh an suíomh áirithe seo a bheith ceart go leor ach ó tharla nach raibh scéim séarachais i gCarna gur ar éigean a thabharfaí cead pleanála.

An fhaid agus a bhí an anonn agus anall seo uilig ar bun d’imigh dhá lánúin óga a bhí ag iarraidh tithe agus fuaireadar tithe píosa maith as Iorras Aithneach.  Beidh a gcuid gasúr ag dul chun na scoile i bpobail eile. Go n-éirí an saol leo.

Ní raibh aon gheallúint le fáil ag an gcruinniú i Halla Marty Walsh in  Ionad na nImirceach i gCarna an lá cheana go raibh aon bheart scafánta le triail.  Ach dúirt lucht na Comhairle Contae go mbreathnófaí ar  bhealaí eile le theacht timpeall ar cheist an tséarachais. Níl an Chomhairle toilteanach dabhach séarachais a chur ar fáil le haghaidh scéimeanna tithe feasta agus is deacair a rá cé na bealaí atá ar intinn acu.

Ach, fós féin teastaíonn suíomhanna “cóiriúla” agus tá SACanna agus ceangail eile le cur sa gcomhaireamh, chomh maith le nádúr na talún i gConamara.   Mar a dúirt go leor de Chomhairleoirí Chonamara nuair a pléadh ceist na reiligeacha, sé nádúr Chonamara go bhfuil carraigeacha agus portaigh ann.  Mura nglacann Comhairle Chontae na Gaillimhe leis –gan trácht ar dheacrachtaí caomhnaithe agus tuilleadh –  gur fiú a dhul sa gcostas le treampán na talún, beidh pobail Chonamara ar charraig agus 1,717 teach á dtógáil ar fud an chontae.

Fág freagra ar '1,717 teach sóisialta do Ghaillimh ach an bhfágfar Gaeltacht Chonamara ar an ngannchuid?'