15 comhartha gur duine as Gaeltacht Thír Chonaill thú…

Cad iad na comharthaí sóirt a thabharfadh le fios do dhuine gur as Gaeltacht Thír Chonaill thú? Bhuel, labhrann tú Gaeilge ag 75rpm agus…

11783115235_3cfdc5db54_o

1. Tá níos mó míleáiste déanta agat le Páidí Thaidhg, Feda O’Donnell agus John McGinley ná mar atá ag Willie Walsh le Aer Lingus. Ní raibh tú gafa sa trácht riamh ach an uair amháin sin a raibh tú ‘stuck’ ar chúl tarracóra nó tréad caorach ar bhealach chúl na hEaragaile.

Errigal

2. Déanann tú achan rud a thomhas de réir na hEaragaile. Cé chomh mór is atá an Empire State? ‘Bhfuil sé chomh hard leis an Earagail?

charlie-brown-phone

3. Labhrann tú Béarla ag 33rpm agus Gaeilge ag 75rpm agus cuireann daoine corraí ort nuair nach dtuigeann siad adhatharbithfadudadochanúintachathaisce.

World Cup Republic of Ireland vs Romania 1990 Packie Bonner saves a penalty in the shoot out Mandatory Credit ©INPHO/Billy Stickland

4. As a gcéadainmneacha amháin a aithníonn tú pearsana móra le rá na háite, cosúil le Packie, Daniel, Dinny agus an Cope agus níl meas ar bith agat ar thábhairne nach bhfuil chéadainm úinéara luaite leis – Tigh Hiúdaí Beag, Tigh Leo, Tigh Sheáin Óig, Tigh Bhiddy, Tigh Rúraí, Tigh Bhilly….

5. Leantóir dílis le Celtic thú agus tá fuath agat ar Rangers ach is measa an fuath atá agat do CLG Ghaoth Dobhair más as Cloich Cheann Fhaola thú agus vice-versa. Thig leat Leoin Lisbon a ainmniú tar éis 10 bpionta Tennents. Measann tú gur mó de mhairtíreach é Kevin Cassidy ná an tAthair Mac Pháidín agus gur mó de mhaistín é Jimmy McGuinness ná an Máirtíneach.

grilled-lean-teriyaki-burger

6. Ba mhinic a bhí do bhróga i bhfostú sa bhrat urláir i Dodge! Tá cuimhne agat go fóill ar an wee Hawaii burger i Mary Carrols tar éis an Seaview. It was wile (wild) nice… Dar leat nach bhfuil aon ‘Chinese’ sa tír atá chomh maith céanna leis an Tin Tai i Leitir Ceanainn agus bíonn ‘sale’ ar dóigh i McElhinney’s i mBealach Féich.

Gerry Adams

7. Is fuath leat an bealach a bhfuil muintir ‘an north’, go háirithe na shinners, ag ceannacht gach cró agus scioból san áit lena gcóiriú mar thithe samhraidh ach is breá leat nuair a bheannaíonn Gerry duit (‘Maith thú, a chara!’) agus é ag fágáil an Aifrinn i nGort an Choirce ar an Domhnach.

daniel-o_donnell

8. Tá achan amhrán le Daniel O’Donnell de ghlanmheabhair agat mar go bhfuil do mhamaí i ngrá leis agus is ar do mhamaí atá ‘na brístí’.

Turf

9. Nuair a bhíonn briseadh sa chomhrá, deir seandaoine ‘aye…sin an dóigh’ agus cuirtear an cheist mhór – ‘Bhfuil an mhóin sa bhaile agaibh go fóill?’

Jimmy's Winning Matches

10. Ní bhíonn oíche ar bith thart nó go gceoltar ‘The Hills of Donegal’, ‘Jimmy’s Winning Matches’ agus ‘Gleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair’. Ansin castar arís iad. Measann tú gur mó tallann i ndáiríre a bhí ag Seamus McGee ná ag a chomharsan Enya agus tuigeann tú go maith gurb é Rónán Mac Aodh Bhuí an craoltóir is fearr ar domhan.

11. Tuigeann tú gur measa i bhfad ‘an déideadh’ a bheith ort ná ‘tinneas fiacaile’ agus gur seacht measa ‘sceadamán nimhneach’ an Chonallaigh ná ‘scornach thinn’ sna cheantair Ghaeltachta eile. 

susan-boyle-celebrate

12. Is fearr leat an Daily Record ná an Irish Times agus tá níos mó gaolta agat i nGlaschú ná sa bhaile agus tá fios do bhealaigh níos fearr agat i Sauchiehall Street ná mar atá i mBaile Átha Cliath. Thig leat idirdhealú a dhéanamh idir albanaigh (Protastúnaigh) agus Scoties (daoine de bhunadh Ghlaschú).

13. Cuireann na ‘boy racers’ olc ort ach tá seaicéad Subaru agus péire Caterpiller boots san attic agat féin.

Football Special

14. Níl tú ar an intinn chéanna leis an chuid eile den tír faoina dhath ar bith atá tábhachtach (Reifrinn, Rallies, Football Special, Tennents).

Toddler-with-a-coloring-book

15. Tá leabhar scríofa ag duine acadúil as Béal Feirste fá dtaobh duit.


– Léigh na 15 comhartha gur duine ó Chorca Dhuibhne tú… anseo

– Léigh na 15 comhartha gur duine as Conamara thú… anseo

Fág freagra ar '15 comhartha gur duine as Gaeltacht Thír Chonaill thú…'

  • Fearn

    Aidhe! Sin an dóigh.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Uimhir a 7 agus 15 iontach greannmhar!