1,466 cás nua fógartha, 73 othar atá buailte ag an víreas in aonaid dianchúraim

1,278 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus deimhníodh go raibh seisear eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis

1,466 cás nua fógartha, 73 othar atá buailte ag an víreas in aonaid dianchúraim

Tá 1,466 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

402 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, beirt níos mó ná inné, agus bhí 73 acusan in aonad dianchúraim, beirt níos lú ná inné.

Thug an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Dr Ronan Glynn, le fios nach raibh thart ar 70% de na hothair Covid-19 atá sna haonaid dianchúraim go hiomlán vacsaínithe in aghaidh an ghalair. Mhol sé go láidir do dhaoine nach raibh an vacsaín faighte acu go dtí seo í a fháil.

1,278 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus deimhníodh go raibh seisear eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 2,599 duine ar fad a raibh an víreas orthu atá básaithe ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.

368 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt inniu, 54 duine níos mó ná inné, agus tá 31 díobhsan in aonad dianchúraim, ceathrar níos lú ná inné.

Fág freagra ar '1,466 cás nua fógartha, 73 othar atá buailte ag an víreas in aonaid dianchúraim'