1,413 cás nua fógartha, 67 othar buailte ag an víreas in aonad dianchúraim

1,071 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus fógraíodh go raibh cúigear eile a raibh Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis

1,413 cás nua fógartha, 67 othar buailte ag an víreas in aonad dianchúraim

Tá 1,413 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

290 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, i gcomparáid le 292 inné, agus bhí 67 acusan in aonad dianchúraim, ardú ar an 65 a bhí i gceist inné.

1,071 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus fógraíodh go raibh cúigear eile a raibh Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,483 duine ar fad a raibh an víreas orthu atá básaithe ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.

425 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt, i gcomparáid le 426 inné, agus tá 38 díobhsan in aonad dianchúraim, le hais 36 inné. Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,302,069 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 1,199,165 duine.

D’fhéadfadh nach mbeadh gá le féinleithlisiú feasta i gcás páistí scoile a mbíonn gartheagmháil acu le duine a bhfuil Covid-19 air.

Tuairiscítear go bhfuil an méid sin i measc na moltaí ar thug NPHET a mbeannacht dóibh ag cruinniú inniu.

Chinn an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí go gcuirfí comhairle ar an Rialtas gur féidir leanúint ar aghaidh leis an bplean fáil réidh leis na srianta deireanacha Dé Luain seo chugainn.

Tuairiscítear ar RTÉ.ie gur ag deireadh na míosa a chuirfí deireadh leis an riachtanas féinleithlisithe i gcás na bpáistí scoile.

Rachfar ar aghaidh leis an bplean sin mura dtéann scaipeadh an ghalair sna scoileanna in olcas idir an dá linn.

Meastar go bhfuil thart ar 10,000 dalta faoi 18 bliain sa bhaile ón scoil faoi láthair toisc gur gartheagmhálaithe iad agus go bhfuil 1,200 dalta á n-aithint mar ghartheagmhálaithe gach lá.

Tuairiscítear gur cinneadh ag cruinniú NPHET chomh maith inniu nach mbeadh gá ag páistí faoi 13 bliain d’aois masc a chaitheamh.

Pléadh chomh maith an fhianaise is déanaí faoi úsáid tástálacha antaigine agus na háiteanna go bhféadfaí leas a bhaint astu.

 

Fág freagra ar '1,413 cás nua fógartha, 67 othar buailte ag an víreas in aonad dianchúraim'