127 cás nua deimhnithe agus cásanna i gcúig cinn de na contaetha Gaeltachta

Tá líon na gcásanna ó thuaidh imithe os cionn 7,000 agus 85 cás nua fógrtha ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna

127 cás nua deimhnithe agus cásanna i gcúig cinn de na contaetha Gaeltachta

Tá 127 cás nua eile den choróinvíreas deimhnithe ag an Roinn Sláinte.

Níor fógraíodh aon bhás eile de dheasca an ghalair tráthnóna.

Bhain 52 den 127 cás nua le Baile Átha Cliath, 13 a bhí i Muineachán, naoi gcinn a deimhníodh i dTiobraid Árann, ocht gcinn a bhí i gcontae na Mí, ocht gcinn a bhí i Loch Garman agus ocht gcinn eile a bhí i Ros Comáin.

Bhain an 29 cás eile le 15 contae, Corcaigh, Gaillimh, Ciarraí agus Port Láirge ina measc.

Deimhníodh chomh maith tráthnóna gur bhain 66 de na cásanna nua le ráigeanna den Covid-19 nó le daoine a raibh gartheagmháil acu le daoine eile a raibh tástáil dheimhneach don ghalar faighte acu. Bhain ocht gcinn de na cásanna inniu le scaipeadh sa phobal.

Bhí 80% de na daoine a bhí buailte faoi bhun 45 bliain d’aois.

Tá líon na gcásanna ó thuaidh imithe os cionn 7,000 agus 85 cás nua a d’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna.

De réir an eolais is déanaí a chuir Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA) amach, tá líon na mbásanna ó thuaidh i bhfad níos airde ná mar léiríonn figiúirí na Roinn Sláinte.

871 bás de bharr Covid-19 a bhí ar an taifead ag NISRA faoin 21 Lúnasa, os cionn 300 níos mó ná an 559 bás a thuairiscigh an Roinn Sláinte don tréimhse chéanna.

Básanna sna hospidéil den chuid is mó a fhógraíonn an Roinn Sláinte sa Tuaisceart, ach cuireann NISRA san áireamh gach cás ina bhfuil Covid-19 luaite mar shiocair bháis ar theastas báis.

Tá 2,335 duine ar a laghad básaithe in Éirinn de bharr na paindéime, 1,777 duine ó dheas den teorainn agus 560 ó thuaidh di.

34,331 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 28,578 cás ó dheas agus 7,049 cás ó thuaidh.

Idir an dá linn, chinn an Rialtas ó dheas cumhachtaí breise a thabhairt don Gharda Síochána le tithe ósta nach mbíonn ag cloí le bearta Coivid-19 a dhúnadh..

Bhí cruinniú ag an Rialtas tráthnóna agus pléadh an reachtaíocht a thabharfadh trí chumhacht bhreise don Gharda Síochána.

Faoin reachtaíocht nua bheadh sé d’údarás ag Gardaí feasta fógra comhlíontachta a thabhairt d’úinéir teach ósta ag ordú dóibh aon fhadhb a chonacthas a chur ina ceart. Mura leigheastar an scéal chun a sástachta, beidh na Gardaí ábalta ordú a thabhairt ar an toirt an teach ósta a dhúnadh ar feadh aon lá amháin. D’fhéadfaí suas le €2,500 d’fhíneáil nó sé mhí príosúin a chur ar úinéir teach ósta nach gcloíonn leis an ordú.

Féadfaidh an Garda Síochána Ordú Dúnta Éigeandála a eisiúint agus an teach ósta a dhúnadh ar feadh 30 lá. D’fhéadfadh feidhm a bheith leis an reachtaíocht nua ón gCéadaoin seo chugainn nuair a bheidh an Dáil ina suí arís.

Tá an méid daoine a mbíonn teagmháil ag duine a bhfuil an coróinvíreas tolgtha aige leo ardaithe ó níos lú ná triúr sa mBealtaine go dtí níos mó ná seisear an tseachtain dar críoch an 14 Lúnasa, de réir eolas a chuir an Phríomh-Oifig Staidrimh ar fáil.

Seo an deichiú tuairisc ón bPríomh-Oifig Staidrimh faoin Covid-19, agus deirtear inti gur beag difríocht a bhíodh idir an líon teagmhálaithe a bhíodh ag na haoisghrúpaí éagsúla sa mBealtaine ach gur athraigh sin sna míonna ó shin. Faoi láthair bíonn na daoine óga idir 15-24 i dteagmháil le breis is 11 duine eile, ach ní bhíonn na daoine atá os cionn 80 bliain i ngartheagmháil ach le beirt ar an meán.   

Na seacht lá go dtí an 21 Lúnasa, ba 30 an aois mheánach a bhí ag na daoine a tholg Covid-19, an aois mheánach is ísle a taifeadadh go dtí seo.    

Fág freagra ar '127 cás nua deimhnithe agus cásanna i gcúig cinn de na contaetha Gaeltachta'