125 lá a thóg sé ar an gcárta poist gan stampa mo theachín a bhaint amach

I gcomparáid le cártaí agus litreacha eile a seoladh ón oileán Floreana níor thóg sé i bhfad ar mo chárta mé a aimsiú

125 lá a thóg sé ar an gcárta poist gan stampa mo theachín a bhaint amach

Ar an 9 Feabhra tháinig cárta poist tríd an doras, cárta a seoladh ar an 7 Deireadh Fómhair. 125 lá a thóg sé ar an gcárta a raibh dhá bhúbaí air a bhealach a dhéanamh ón áit ar scríobhadh é – Oileáin Ghalapagós – go dtí mo theachín i gCois Fharraige i nGaeltacht Chonamara.

B’fhéidir go ndéarfá gur drochsheirbhís phoist é sin, ach i gcomparáid le cártaí agus litreacha eile a seoladh ón oileán Floreana níor thóg sé i bhfad ar an gcárta mé a aimsiú.

Ní chuirtear stampaí ar litreacha a leagtar sa seanbhairille agus níl aon fhear, bean, ná turtar poist ar dualgas ann. Síneann scéal an bhairille seo siar thart ar dhá chéad bliain, i bhfad sula raibh turasóirí dúlra agus na longa móra crúsála ag tarraingt ar an gcuid sin den Fharraige Chiúin.

I bhfad sula raibh mairnéalaigh in ann glao WhatsApp a chur ar a muintir ó lár na teiscinne móire (a bhuí le Starlink), is go hannamh a chloisfeadh an dream sa bhaile ón té a thug aghaidh ar an ‘watery part of the world’, mar a thug Herman Melville air.

Stopadh na longa trádála agus seilge míolta móra in Oileáin Ghalapagós agus iad ag dul anonn is anall le sos a thabhairt do na mairnéalaigh ó shaol na farraige. Is ón mbliain 1813 atá an tagairt is sine atá againn de ‘Chuan Oifig an Phoist’, mar a bhfuil an bairille poist.

Thosaigh na mairnéalaigh ag fágáil litreacha dá gcairde is dá muintir sa bhairille agus súil acu go dtiocfadh bád éigin ina ndiaidh a bheadh ag dul ar aghaidh chuig calafort a bhí i ngar don dream sa bhaile.

Is ón nós sin a d’eascair traidisiún an lae inniu, atá á choinneáil beo den chuid is mó ag na longa crúsála a thugann cuairt ar Oileáin Ghalapagós, agus ba é an traidisiún ba chúis le cárta poist teacht chomh fada le hIndreabhán an mhí seo caite.

An rud ‘is ceart’ a dhéanamh sa lá atá inniu ann ná dul ag póirseáil trí na litreacha agus na cártaí atá sa bhairille, ceann a bhfuil seoladh air atá gar d’áit a mbeidh tú féin go luath – ag an mbaile nó an chéad stop eile ar do chamchuairt – agus é a thabhairt leat. Tá an litir le leagan agat i lámh an duine a luaitear ar an gclúdach, agus inseoidh tú do scéal dó – cá as a dtáinig tú, cén uair a bhí tú san oileán, agus cén chaoi ar tháinig tú abhaile.

Faraor, thug cibé duine a d’aimsigh m’ainmse ar an gcárta poist sa bhairille chomh fada le hÉirinn é ach ansin chuir sé i muinín an Phoist é. Buaileadh stampa anuas ar an gcárta agus ba é Barry an Phosta seachas an duine a bhailigh ó Floreana é a chuir tríd an doras é. Ba é an trua é, mar ba mhaith liom a scéal a chloisteáil, ach tá mé buíoch gur thug sé chomh fada leis an tír seo é, pé scéal é.

Mar a dúirt mé leis an té a sheol – beidh air filleadh ar Oileáin Ghalapagós agus iarracht eile a thabhairt lena dhéanamh i gceart…

Má bhíonn léitheoirí Tuairisc in áit ar bith spéisiúil, ba bhreá liom cárta poist a fháil uathu don bhailiúchán mór atá á chruinniú agam ó bhí mé sna déaga

Fág freagra ar '125 lá a thóg sé ar an gcárta poist gan stampa mo theachín a bhaint amach'