12 duine eile básaithe, 431 cás nua den choróinvíreas fógartha

Dúirt an Taoiseach tráthnóna go raibh sé fós i gceist go mbeadh dáileog amháin faighte ag 80% de dhaoine fásta roimh dheireadh mhí an Mheithimh

12 duine eile básaithe, 431 cás nua den choróinvíreas fógartha

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 12 duine eile a raibh an Covid-19 orthu básaithe de dheasca an víris. 431 cás nua den ghalar a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

Maidir leis na básanna, bhain ceithre cinn acu le mí Aibreáin, bhain péire le mí an Mhárta agus bhásaigh seisear mí Eanáir.

192 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 49 díobhsan in aonad dianchúraim, an líon is lú i mbliana. Cuireadh 13 duine san ospidéal de dheasca an víris le lá anuas.

Dé Luain seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 758,763 duine agus an dara dáileog faighte ag 317,453 duine.

Bhain 34 den 431 cás nua den Covid-19 a fógraíodh inniu le Dún na nGall.

21 cás a bhí i gcontae na Mí, 17 cás a bhí i gCorcaigh agus 12 cás a bhí i nGaillimh. 11 cás a bhí i Maigh Eo, ocht gcás a bhí i Maigh Eo agus cúig chás a bhí i bPort Láirge.

Meánráta 132 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas. Ráta 179 atá i nDún na nGall agus tá an ráta i gcontae na Mí, 162, níos airde ná an meánráta náisiúnta freisin.

Ráta 96 atá i Maigh Eo, 83 atá i nGaillimh agus 59 atá i bPort Láirge. Ráta 55 atá i gCorcaigh agus 44 atá i gCiarraí.

Bás amháin de dheasca an Covid-19 a bhí le fógairt ag Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu.

97 cás nua den ghalar a deimhníodh. 70 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá ochtar acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 838,049 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 224,129.

6,942 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,130 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,812 duine ó dheas di.

360,678 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 242,105 cás ó dheas den teorainn agus 118,573 cás ó thuaidh di.

Níos luaithe inniu, chuir an Taoiseach Micheál Martin fáilte roimh an scéala go bhfuil 545,000 dáileog bhreise de shnáthaid BioNTech-Pfizer le fáil ag Éirinn.

Cuirfear tús le dáileadh na vacsaíní breise an mhí seo.

Dea-scéal é seo i ndiaidh dhá bhuille mór a bheith buailte ar chlár vacsaínithe an Rialtais maidir le snáthaidí AstraZeneca agus Johnson & Johnson.

Dúirt an Taoiseach tráthnóna go raibh sé fós i gceist go mbeadh dáileog amháin faighte ag 80% de dhaoine fásta roimh dheireadh mhí an Mheithimh. Dúirt sé áfach go mbeadh “dúshlán” ag baint leis an sprioc do mhí Aibreáin, breis is 800,000, dáileog a bhaint amach.

D’fhógair Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen inniu go bhfuil 50 milliún dáileog bhreise de shnáthaid Pfizer/BioNTech le fáil an AE as seo go ceann trí mhí.

Fágann sin, a dúirt Ursula von der Leyen, go bhfaighidh an tAE 250 milliún dáileog den tsnáthaid sa dara ráithe den bhliain. 

Thug sí le fios chomh maith go raibh idirbheartaíocht ar bun leis an dá chomhlacht faoi 1.8 billiún dáileog a fháil in 2022 agus 2023 dá ndara vacsaín Covid-19, vacsaín a rachaidh i ngleic le cineálacha nua den ghalar. 

Dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh go mbeidh an tAE ag brath níos mó feasta ar Pfizer/BioNTech chun an t-easnamh i soláthar Johnson & Johnson a chúiteamh agus chun dul i ngleic le cineálacha nua den ghalar amach anseo.

Tá Johnson & Johnson le dáileadh a vacsaín ar an AE a chur ar athlá agus sos ó úsáid na snáthaide molta i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Mhol údaráis sláinte Stáit Aontaithe Mheiriceá go n-éireofaí as an tsnáthaid Johnson & Johnson fad is atá scrúdú á dhéanamh acu ar shé chás de théachtáin fola neamhghnácha ag daoine a fuair an vacsaín.

Bhíothas ag súil le 40,800 dáileog de shnáthaid Johnson & Johnson a fháil in Éirinn an mhí seo agus tá súil le 605,000 dáileog ar fad a fháil roimh dheireadh mhí an Mheithimh.

Cinneadh an tseachtain seo nach dtabharfaí an tsnáthaid AstraZeneca ach do dhaoine os cionn 60 bliain.

Tá an tionchar a bheidh ag an gcinneadh sin ar chlár vacsaínithe an Stáit á mheas ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Meastar go bhféadfadh go molfar mar réiteach ar chuid de na fadhbanna leis an soláthar vacsaíní go bhfágfaí tréimhse níos faide idir an chéad agus an dara dáileog. D’fhéadfadh chomh maith go dtabharfaí dáileog ó dhá chomhlacht éagsúil do dhaoine. D’fhéadfaí a mholadh chomh maith dlús a chur le dáileadh AstraZeneca do dhaoine idir 60-69.

Fuair an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach amach “go bhféadfadh” go bhfuil nasc idir an tsnáthaid agus cásanna “fíor-annamha” de théachtáin fola neamhghnácha agus pláitíní fola a bheith íseal.

Formhór na gcásanna a tuairiscíodh bhain siad le mná faoi bhun 60 bliain d’aois a raibh an vacsaín AstraZeneca faighte acu taobh istigh de choicís roimhe sin.

As an 34 milliún duine a fuair an tsnáthaid AstraZeneca san Aontas Eorpach, sa Bhreatain agus i dtíortha eile tuairiscíodh 222 cás de théachtáin fola neamhghnácha.

Tá vacsaín aon dáileoige Johnson & Johnson faighte cheana féin ag beagnach seacht milliún duine i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Fág freagra ar '12 duine eile básaithe, 431 cás nua den choróinvíreas fógartha'