11 cás tugtha ag Roinn na Gaeltachta mar gheall ar thinte mídhleathacha sléibhe

Gearradh fíneálacha i bhformhór na gcásanna agus ordaíodh dóibh siúd a tugadh os comhair na cúirte na costais dlí a íoc

11 cás tugtha ag Roinn na Gaeltachta mar gheall ar thinte mídhleathacha sléibhe

Tá 11 cás ionchúisimh tugtha ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta le deich mbliana anuas maidir le lasadh tintreacha mídhleathacha faoin Acht um Fhiadhúlra.

Thug an tAire Heather Humphreys le fios sa Dáil an tseachtain seo caite gur gearradh fíneálacha i bhformhór na gcásanna agus gur ordaíodh dóibh siúd a tugadh os comhair na cúirte costais dlí a íoc freisin.

Tá sé in aghaidh Alt 40 den Acht um Fhiadhúlra fásra a dhó taobh amuigh de na tréimhsí a leagtar síos san Acht dá leithéid de ghearradh agus dó fásra.

Bhí an tAire Humphreys ag freagairt ceiste ón Teachta Dála Catherine Murphy faoi líon na bhfiosrúchán a rinneadh le deich mbliana maidir le loscadh mídhleathach sléibhe sa Stát. Thug Humphreys le fios go bhféadfadh go ndearna an Garda Síochána a gcuid fiosrúchán féin freisin, taobh amuigh d’fhiosrúchán na Roinne.

Tá an scrios atá á dhéanamh ag loscadh sléibhe i gceantair Ghaeltachta, go háirithe i gceantair Chonamara, le blianta anuas ina údar imní do mhuintir na háite.

Rinneadh go leor damáiste do phortaigh agus do bhóithríní i nGaeltacht na Gaillimhe le linn na dea-aimsire ag deireadh na míosa seo caite nuair a scaip tinte ar an gcriathrach sa cheantar. Rinneadh scrios i gceantair na Ceathrún Rua, Chasla agus na bhForbacha nuair a scaip cuid de na tinte a lasadh “go mailíseach”.

Dúirt Iontaobhas Fiadhúlra na hÉireann go bhfuil na tinte ag scriosadh na n-áiteanna a mbíonn ainmhithe ina gcónaí iontu agus go bhfuil bláthanna agus plandaí á loscadh. Bhí roinnt tithe cónaithe i gceantar an Tuairín, Dhoire Choill agus i Muiceanach Idir Dhá Sháile i gcontúirt mar gheall ar na tinte an mhí seo caite.

D’iarr an Bhriogáid Dóiteáin ar an bpobal gan an fásra ar an gcriathrach a lasadh mar go bhfuil baol mór ann go n-imeodh na tinte ó smacht. Mhol lucht na Briogáide Dóiteáin daoine a thug cúnamh do lucht múchta tine as an gcabhair sin a thabhairt.

Fág freagra ar '11 cás tugtha ag Roinn na Gaeltachta mar gheall ar thinte mídhleathacha sléibhe'