1,059 cás nua den víreas fógartha, dáileadh an tríú vacsaín ag tosú an tseachtain seo chugainn

1,039 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus fógraíodh go raibh naonúr eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis

1,059 cás nua den víreas fógartha, dáileadh an tríú vacsaín ag tosú an tseachtain seo chugainn

Tá 1,059 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

308 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, le hais 300 inné, agus bhí 59 acusan in aonad dianchúraim, mar a bhí inné.

1,039 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus fógraíodh go raibh naonúr eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,564 duine ar fad a raibh an víreas orthu atá básaithe ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.

342 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt inniu, mar a bhí inné, agus tá 33 díobhsan in aonad dianchúraim, ceathrar níos mó ná inné.

Dúirt Paul Reid, Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte inniu go bhfaighidh gach duine a bhfuil a gcóras imdhíonachta lagaithe scéala faoin tríú vacsaín in aghaidh an Covid-19.

Ón gCéadaoin seo chugainn a thosófar ag seoladh amach coinní agus cuirfear tús leis an vacsaíniú ar an Aoine.

Dúirt Paul Reid gurb iad na foirne cliniciúla a dhéanfadh cinneadh faoi na daoine is mó atá i mbaol ón víreas agus go dtógfadh sé cúig nó sé seachtaine chun na daoine is goilliúnaí a vacsaíniú.

D’admhaigh sé nach éasca na daoine sin a aithint ach go mbeadh daoine a fuair orgáin, daoine a raibh fadhbanna duán acu agus roinnt daoine a raibh ailse orthu ina measc.

An duine nach bhfaighidh scéala níl sé ar liosta na ndaoine is measa atá i mbaol.

Dúirt an Dr Robert O’Connor, Stiúrthóir Taighde Chumann Ailse na hÉireann, gur chóir d’aon duine a bhfuil ailse air labhairt lena ndochtúir féin faoin scéal.

Fág freagra ar '1,059 cás nua den víreas fógartha, dáileadh an tríú vacsaín ag tosú an tseachtain seo chugainn'