1,006 cás nua den choróinvíreas deimhnithe, 54 duine eile básaithe

1,032 othar a bhfuil an galar orthu a bhí sna hospidéil maidin inniu agus bhí 173 acusan in aonad dianchúraim

1,006 cás nua den choróinvíreas deimhnithe, 54 duine eile básaithe

Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 54 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris.

I mí Feabhra a bhásaigh 45 de na daoine sin, bhásaigh cúigear acu an mhí seo caite agus tá bás ceathrair fós á fhiosrú.

Deimhníodh 1,006 cás nua den ghalar.

1,032 othar a bhfuil an galar orthu a bhí sna hospidéil maidin inniu agus bhí 173 acusan in aonad dianchúraim.

Dé Domhnaigh seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 153,654 duine agus an dara dáileog faighte ag 86,833 duine.

Bhain 63 de chásanna an lae inniu le Corcaigh, 46 a bhain le Gaillimh agus 43 cás a bhain le contae na Mí.

22 cás a bhí i nDún na nGall, 22 cás a bhí i bPort Láirge, naoi gcás a bhí i gCiarraí agus ocht gcás a bhain le Maigh Eo.

Tá ráta coicíse an ghalair tite go dtí 312 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát.

Tá an dara ráta coicíse is airde sa stát i bPort Láirge – 436. Ráta 336 atá i Maigh Eo, 320 atá i gcontae na Mí agus 317 atá i nGaillimh. Ráta 281 atá i gceist i nDún na nGall, 226 atá i gCorcaigh agus 137 atá i gCiarraí.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó Roinn Sláinte an Tuaiscirt, 336 cás nua a deimhníodh inniu. Fógraíodh go bhfuil ceathrar eile a raibh an galar orthu básaithe sa Tuaisceart.

Tá 554 othar in ospidéil an Tuaiscirt a bhfuil Covid-19 orthu agus tá 61 acusan in aonad dianchúraim.

313,713 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 205,939 cás ó dheas den teorainn agus 107,774 cás ó thuaidh di.

5,751 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 3,794 duine ó dheas den teorainn agus 1,957 duine ó thuaidh di.

Fág freagra ar '1,006 cás nua den choróinvíreas deimhnithe, 54 duine eile básaithe'

  • Antóin

    54 dune eile básaithe. 86 bliana aois airmheánach na ndaoine sin. An eol dúinn ar tugadh an tsnáthaid dóibh?