100 bliain tar éis Éirí Amach na Cásca cá seasann sprid an deonachais i gCLG?

An bhfuil an misneach nó an toil ann chun na cuasnóga a réabadh agus chun deireadh a chur leis an cur i gcéill agus an fhimínteacht atá go rábach san eagraíocht anois?

Fogra 1916 strap

Pictiúr: ©INPHO/Cathal Noonan
Pictiúr: ©INPHO/Cathal Noonan

Nuair a d’fhoilsigh Ard-Stiúrthóir Chumann Lúthchleas Gael, Pádraic Duffy, a phlécháipéis ar stádas amaitéarach an Chumainn agus ar íocaíochtaí do bhainisteoirí breis is ceithre bliana ó shoin bhí mórán le rá aige faoin gconair a bhí á tabhairt ag an gCumann air féin.

Ag tagairt dó dos na híocaíochtaí a bhí á bhfáil ag bainisteoirí ag gach leibhéal, dúirt an tUasal Duffy nach bhféadfaí neamhaird a dhéanamh a thuilleadh den gcur i gcéill agus d’fhógair sé ag an am go raibh gá le díospóireacht oscailte ar cheist a bhain go díreach le croíluacha Chumann Lúthchleas Gael.

Toisc go raibh agus go bhfuil rian chomh mór sin á fhágaint ag na híocaíochtaí seo ar sprid an oibrí dheonaigh, measadh coitianta go raibh an baol ann go rabhthas ag cur isteach ar shaintréithe agus ar éirim na heagraíochta féin. Ba chosúil go raibh creimeadh á dhéanamh ar an sprid dheonach sin a chinntigh ar feadh breis is céad bliain go raibh Cumann Lúthchleas Gael ar an eagraíocht spóirt amaitéarach is mó foráis ar domhan.

Ní dóigh liom, agus sinn ag déanamh marana mar phobal Gaelach céad bliain tar éis Éirí Amach na Cásca, go bhféadfaimis bas a bhualadh ar ár gcroíthe agus a rá go fírinneach inniu go bhfuilimidne atá páirteach in aon tslí i gCumann Lúthchleas Gael go hiomlán dílis don bhfís i bhForógra na Cásca a d’éiligh go mbeadh íobairt á déanamh ar son leas an phobail.

Léirigh nádúir na díospóireachta a lean plécháipéis Uí Dhufaigh in 2012 go bhfuil rudaí eile seachas leas an phobail amháin i gceist le himeachtaí Chumann Lúthchleas Gael sa lá atá inniu ann.

Ba léir ceithre bliana ó shoin go raibh doicheall ar CLG dul i ngleic le gné chrosta d’fhorbairt na heagraíochta atá ag síorathrú. Thuigfeá san agus CLG fós ag iarraidh teacht i dtír ar an saol atá inniu ann – saol atá ag cur dúshlán i ndiaidh dúshláin roimis amach.

Ach ní mór don eagraíocht tosnú in áit éigin agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin.

Nuair a bhíomair óg, agus sinn ag foghlaim ár gceirde mar imreoirí caide, dúradh linn i gcónaí, dá mbeadh ag breith cruaidh ort gan géilleadh go deo ná féadfá rud a dhéanamh ach a rá nach raibh a fhios agat conas. Chomh fada is a bhaineann le cluichí na nGael, taibhsítear domsa go dtuigeann pobal Chumann Lúthcleas Gael nach féidir leo a gcluichí a choimeád glan ó chrúcaí na tráchtála agus nach bhfuil a fhios acu conas ach an oiread.

Dá réir sin, nuair a tháinig aighneachtaí ón 32 chontae maidir le plécháipéis Uí Dhufaigh faoi bhráid na n-údarás i bPáirc an Chrócaigh in 2012 mhol a bhformhór go gcuirfí polasaithe, rialacha agus treoracha ar stádas amaitéarach CLG i bhfeidhm. Cheadaigh Coiste Bainistíochta CLG go raghfaí i gcomhar le saineolaithe seachtracha chun a chinntiú go dtárlódh a leithéid.

Ach is beag atá cloiste ó shoin againn mar gheall ar an gcúram agus tá tost ana-dhainséarach go deo ag bailiú timpeall anois air.

Tá an chuma ar an scéal le ceithre bliana anuas gur ‘cuir síos go dtí amáireach é agus fág ann go brách é’ an cur chuige atá ann ar bhonn oifigiúil ach, chun a cheart a thabhairt do Pháraic Duffy agus do phiardaí CLG, ba dheacair d’aoinne cúrsa a leagan amach a stiúródh an eagraíocht i dtreo pholasaí oifigiúil maidir leis an gceist achrannach seo.

Eascraíonn an t-achrann as an aeráid chorparáideach atá cruthaithe agus cothaithe ag CLG féin trí mhargaí agus comhaontais teilifíse, agus trí bheartais urraíochta. N’fhéadfadh de thoradh bheith air seo ach go dtiocfadh borradh as cuimse ar an gcluiche ag leibhéal eadarchontae mar a bhfuil imreoirí na linne seo (agus cuid mhaith den lucht féachana) de shíor ar thóir na foirfeachta. Leis an bhéim shíoraí ar an mbua agus ar an bhfealsúnacht go mbuafaí ar ais nó ar éigean, ní haon iontas go bhfágfaí luacha an spóirt féin ar leataoibh.

Tá gach foireann anois ag caitheamh de réir a n-acmhainne agus níl de thoradh air sin ach go bhfuil an cluiche eadarchlub in áit na leathphingine. An cumann láidir luite amach orthu féin nuair a oireann agus an cumann lag nuair a fhéadann.

Ina n-iarrachtaí an bhearna san idir club agus contae a chúngú, ní raibh de rogha ag oifigigh in an-chuid cumann ar fuaid na tíre le blianta beaga anuas ach aithris a dhéanamh ar an múnla eadarchontae.

Íoctar daoine chun foirne a ullmhú chun imeartha sa mhúnla seo. Má táthar toilteanach bainisteoir ón dtaobh amuigh a íoc chun foireann contae a oiliúint an bhfuil aon bhac ar fho-chumann an sparán a oscailt don mbainisteoir coimhthíoch chomh maith?

Nuair a fhéachann an t-imreoir eadarchontae sall is abhus sa tseomra feistis sa lá atá inniu ann, feiceann sé suas le deichniúr agus uaireanta dáréag atá ag cur ‘seirbhíse’ ar fáil ar tháille a bheadh socraithe roimhré le Bord an Chontae. I gcásanna áirithe, beidh a fhios ag an imreoir céanna go bhfuil an bainisteoir atá ag tabhairt na dtreoracha dó féin íoctha chun an cúram san a dhéanamh.

Cé nach bhfuil an t-imreoir i dteideal aon íocaíocht as an gcluiche a imirt de bharr Riail 1.10 de chuid Chumann Lúthchleas Gael, is gearr uainn an lá go mbeidh sé ag fiafraí canathaobh go mbeadh na híobairtí agus an fhulaingt go léir á ndéanamh aige féin agus go mbeadh scata eile san eagraíocht i dtuilleamaí íocaíochta. ‘Sé sin, muna bhfuil san á dhéanamh cheana féin aige.

Is léir go bhfuil uair na cinniúna tagtha do Chumann Lúthchleas Gael chomh fada is a bhaineann sé le stádas amaitéarach na heagraíochta. Tá sé ráite go mion minic gur ar bhonn daonlathais a oibríonn an cumann le formhór na moltaí agus na rún ag teacht ó bhonn aníos ag gach Comhdháil Bhliantúil.

Ach is minicí ná san ráite é gurb é an daonlathas céanna a phlúchann agus a thachtann aon dul chun cinn ceart a bheadh le déanamh. B’fhéidir go mbeadh tuairimí agus moltaí fónta  maidir le cur chun cinn na gcluichí dúchasacha ag ceanna feadhna ar nós Duffy ach cén mhaith é nuair atá oifigigh i ngach bord contae ag tabhairt cluais bhodhar agus súil chaoch don ealaín atá á cleachtadh? Ná feic a bhfeicfir, na clois a gcloisfir agus má fhiafraítear aon ní díot, abair ná feadaraís.

Tuigeann Páraic Duffy mar Ard-Stiúrthóir an rud céanna a thuig an té a tháinig roimis, Liam Mulvihill, go bhfuil dúshlán ollmhór á thabhairt ag airgead agus ag cúinsí tráchtála do stádas amaitéarach na gluaiseachta a thosnaigh in 1884 le bunú CLG agus a treisíodh de dhroim na mblianta a lean móríobairt na bliana 1916.

An cheist céad bliain níos faide anonn ná, an bhfuil an misneach nó an toil ann chun na cuasnóga a réabadh agus chun deireadh a chur leis an cur i gcéill agus an fhimínteacht atá go rábach san eagraíocht anois?

Logo 1916 wide

Fág freagra ar '100 bliain tar éis Éirí Amach na Cásca cá seasann sprid an deonachais i gCLG?'