‘10 seachtainí den olluafás’ – na Náisiúin Aontaithe chun ainghníomhartha na Rúise a fhiosrú

Chualathas ag cruinniú de Chomhairle Cearta Daonna na Náisiún Aontaithe inniu líomhaintí faoi mharú sibhialtach, éigniú, ciapadh agus fuadach

‘10 seachtainí den olluafás’ – na Náisiúin Aontaithe chun ainghníomhartha na Rúise a fhiosrú

Vótáil Comhairle Cearta Daonna na Náisiún Aontaithe inniu ar son fiosrúchán a chur ar bun faoi ainghníomhartha na Rúise san Úcráin.

Ag labhairt di roimh an vóta, dúirt Emine Dzhaparova, leas-aire gnóthaí eachtracha na hÚcráine go raibh “10 seachtainí den olluafás ” curtha díobh ag muintir na tíre.

Dúirt Michelle Bachelet, ceannasaí na gCeart Daonna ag na Náisiúin Aontaithe, gur thángthas ar chorp 1,000 sibhialtach i gceantar Kyiv le roinnt seachtainí anuas agus go raibh líon “uafásach” maruithe neamhdhleathacha i gceist.  

Chualathas ag cruinniú na Comhairle líomhaintí faoi mharú sibhialtach, éigniú, ciapadh agus fuadach.

33 ball a vótáil ar son an fhiosrúcháin, staon 12 ball ó vótáil agus dhá bhall a vótáil ina choinne, an tSín agus an Eiritré. 

Idir an dá linn, deir ceannairí na Fionlainne go bhfuil fúthu ballraíocht a lorg i Nato “gan mhoill”.

Ó d’ionsaigh an Rúis an Úcráin mí Feabhra tá pobal na Fionlainne agus na Sualainne ag léiriú níos mó tacaíochta do bhallraíocht a dtíortha in Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (NATO). Léiríonn pobalbhreitheanna san Fhionlainn go bhfuil an tacaíocht don iarratas ardaithe ó 28% mí Feabhra go 68% san Aibreán. Is amhlaidh an cás sa tSualainn – ardaithe ó 51% sa Mhárta go 57% faoi láthair.

Dé Domhnaigh a fhógróidh an Fhionlainn a cinneadh faoin iarratas ballraíochta ach a mbeidh an scéal pléite ag an bparlaimint. 

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Pekka Haavisto nach raibh aon dáta socraithe d’aon iarratas. Mhol Uachtarán na tíre, Sauli Väinämö Niinistö agus an Príomh-Aire Sanna Mirella Marin go ndéanfaí iarratas ar bhallraíocht “gan mhoill”.

Tá 1,300 ciliméadar de theorainn ag an bhFionlainn leis an Rúis agus ar mhaithe le dea-chaidreamh lena comharsa san oirthear níor bhac an tír le NATO go dtí seo.

Ar an Domhnach freisin a fhógróidh an tSualainn a cinneadh féin faoi iarratas a dhéanamh ballraíocht a ghlacadh i NATO.

Dúirt Ard-Rúnaí na heagraíochta sin, Jens Stoltenberg nach dóigh leis go mbeadh “aon rómhoill” ar chinneadh faoina n-iarratas dá ndéanfaí sin.

Ní nach ionadh níor thaitin an chaint sin ar leathnú NATO le húdaráis na Rúise agus ina ráiteas dúirt urlabhraí na Creimile, Dmitry Peskov “gur uirlis a bhí dírithe ar aighneas” a bhí i NATO agus nach mbeadh aon rogha ag an tír ach “céimeanna díoltais” a ghlacadh. Dúirt sé go gcaithfí “cinntí míleata-teicniúla agus cinn eile” a ghlacadh chun “déileáil leis na bagairtí dár slándáil náisiúnta a d’eascródh as an athrú radacach sin ar pholasaí gnóthaí eachtracha” na gcomharsan.

Níor thug an Rúis aon eolas breise faoi aon bhearta ach dúirt Dmitry Peskov go mbraithfeadh a gcinntí ar “an méid infreastruchtúr míleata a theannfadh níos gaire dá dteorainneacha”. 

Chuir Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky fáilte roimh an gcaint faoi leathnú NATO mar go gcuirfeadh sin le comhghuaillíocht mhíleata san Iarthar, “an rud céanna a bhí an tUachtarán Putin ag iarraidh a chosc”.

Bunaíodh NATO i 1949 agus tá ballraíocht ag 30 tír inti faoi láthair agus is le 25 bliain anuas a tháinig 14 acu sin as oirthear na hEorpa isteach.

Fág freagra ar '‘10 seachtainí den olluafás’ – na Náisiúin Aontaithe chun ainghníomhartha na Rúise a fhiosrú'