10 n-oifig poist sa Ghaeltacht i measc oifigí a d’fhéadfadh dúnadh

Tá 10 n-oifig poist Gaeltachta i measc an 110 oifig a bhfuil suim léirithe ag a n-úinéirí iad a dhúnadh faoi scéim iomarcaíochta An Post

10 n-oifig poist sa Ghaeltacht i measc oifigí a d’fhéadfadh dúnadh

Tá cuid mhaith oifigí poist Gaeltachta i measc an 110 oifig a bhfuil suim léirithe ag a n-úinéirí iad a dhúnadh faoi scéim iomarcaíochta de chuid An Post.

Tá ceithre oifig an phoist i nGaeltacht Dhún na nGall i measc an 13 oifig poist a d’fhéadfadh a bheith ag dúnadh – oifig an Bhuna Bhig, oifig Dhún Fionnachaidh, oifig Ghort an Choirce agus oifig Mhín an Lábáin.

Tá 110 iarratas ar phacáiste iomarcaíochta faighte ag An Post go dtí seo ar an scéim dheonach ó mháistrí agus máistreásaí poist ar fud na tíre. Tá súil ag An Post go nglacfaidh 400 oifig le pacáiste iomarcaíochta mar chuid den phlean nua atá acu dá gcuid seirbhísí.

Ar na hoifigí Gaeltachta eile a bhfuil amhras faoina bhfuil i ndán dóibh nó a bhfuil ráite acu go mbeidh siad ag dúnadh, tá oifig an phoist i mBaile na nGall i gCorca Dhuibhne, mar a bhfuil an máistreás poist ag dul ar scor. 

Ar na hoifigí a bhfuil suim léirithe acu sa phacáiste iomarcaíochta, tá oifig Bhaile an Sceilg in Uíbh Ráthach, na hoifigí in Indreabhán agus i Leitir Mealláin i nGaeltacht Chonamara agus oifig Chorr na Móna i nDúiche Seoigheach. Ar an liosta chomh maith tá oifig Ghaoth Sáile agus oifig Fhionnaithe i nGaeltacht Mhaigh Eo.

Tá 11 oifig an phoist i gContae Chorcaí ar liosta na n-oifigí poist atá á mbreithniú ag An Post faoina scéim iomarcaíochta nua, ach meastar nach bhfuil aon oifig Ghaeltachta ina measc. Is amhlaidh an scéal i gcás an dá oifig i bPort Láirge atá ar an liosta.

Ag labhairt dó ar an chlár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, dúirt an Teachta Dála as Dún na nGall Pat ‘The Cope’ Ó Gallchóir nach raibh cothrom na Féinne á thabhairt do phobal na tuaithe i gcás na n-oifigí poist atá le dúnadh.

De réir an phlean nua, deirtear go mbeidh oifig poist aon áit ina bhfuil níos mó ná 500 duine ina gcónaí agus atá ar a laghad 15 ciliméadar ó oifig eile. I gceantair uirbeacha, idir trí agus cúig chiliméadar a bhíonn i gceist idir oifig amháin agus ceann eile.

Mar chuid den phacáiste atá a thairiscint ag An Post do mháistrí agus máistreásaí poist deirtear nach bhféadfaí aon oifig poist a choinneáil ar oscailt faoi bhainistíocht nua má ghlactar leis an phacáiste iomarcaíochta.

Cé go bhfuil sé ráite ag An Post arís inniu gurb é rogha lucht riartha na n-oifigí poist atá ann cur isteach ar phacáiste iomarcaíochta, mhaígh Pat ‘The Cope’ Ó Gallchóir go raibh brú á chur ar mháistrí poist glacadh leis an phacáiste agus go raibh na hoifigí “á ngoid” ón phobal.

Dúirt sé go raibh an scéal “ag cur isteach go mór” ar an cheantar agus gan aon oifig an phoist fágtha anois idir an Fál Carrach agus An Craoslach ó dúnadh oifig an phoist Dhún Cionnaola.

Fág freagra ar '10 n-oifig poist sa Ghaeltacht i measc oifigí a d’fhéadfadh dúnadh'