10 mbliana i ndiaidh an staidéir nár thug ach 15–20 bliain don Ghaeltacht, tá an ghéarchéim ag éirí níos measa

Mí na Samhna 2007 a foilsíodh an Staidéar Cuimsitheach ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Deir duine d’údair an staidéir go bhfuil tobar an mhachnaimh ionann is tráite sna forais Stáit a bhfuil cúram na Gaeltachta agus na Gaeilge orthu

10 mbliana i ndiaidh an staidéir nár thug ach 15–20 bliain don Ghaeltacht, tá an ghéarchéim ag éirí níos measa

Deich mbliana ó shin foilsíodh an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá sé tráthúil mar sin go mbreathnódh muid siar ar ar tharla ón am sin.

Thug an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch léiriú sochtheangeolaíochta ar staid na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht. Bhí muid airdeallach ag an am sin ar an aeráid pholasaíoch a raibh moltaí an tsaothair seo ag díriú uirthi. Bhí dóchas againn go mbeadh tionchar dearfach ag moltaí an tsaothair ar na dúshláin a bhí roimh an bpobal agus go ndéanfaí leas don Ghaeltacht agus do lucht labhartha na Gaeilge trí chéile dá mbarr.

I measc na bpríomhthorthaí, léiríodh i bhfaisnéis an SCT:

  • Go raibh trí chineál pobal sa Ghaeltacht, Catagóirí A, B agus C: Breac-Ghaeltacht, Iarsma na Gaeltachta agus Gaeltacht ainmniúil de bharr aitheantais limistéaraigh.
  • Gurb ionann 67% den phobal a bheith ina gcainteoirí gníomhacha Gaeilge agus tairseach chinniúnach theangeolaíoch
  • Go dtagann laghdú tobann ar úsáid na Gaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail nuair a thiteann líon na gcainteoirí laethúla i gceantar faoi bhun na tairsí sin
  • Gur éigeandáil a bhí san ídiú a bhí ag teacht ar acmhainn an phobail iad féin a athghiniúint ina bpobal urlabhra Gaeilge agus gur éigeandáil a bhí sa chreimeadh tréan a bhí ag teacht ar dhlús sóisialta na Gaeilge
  • Go raibh bearna mhór idir cleachtadh na Gaeilge sa Ghaeltacht agus an méid a tuairiscíodh faoi chumas sa Ghaeilge i measc an phobail (go háirithe i gcás na hóige)
  • Go raibh óige na Gaeltachta, fiú i gCatagóir A, ní ba chumasaí sa Bhéarla ná sa Ghaeilge

Ina dhiaidh sin, fuarthas dearbhú teangeolaíoch san Iniúchadh ar an gCumas Dátheangach i measc Óige na Gaeltachta (ICD 2014) go raibh míbhuntáiste de 15% i measc óige na Gaeltachta maidir lena gcumas sa Ghaeilge le hais a gcumas sa Bhéarla.

Mhaígh an SCT go dteastódh iarracht mhór straitéiseach chun an Ghaeltacht a chosaint mar phobal sainiúil. Mhol an SCT go dtabharfaí tacaíocht don phobal dlús na gcainteoirí gníomhacha Gaeilge a athchruthú i gCatagóir A. I gcás Chatagóirí B agus C, moladh gurbh fhearr díriú ar líonraí bisiúla Gaeilge a chothú, go háirithe i réimse an oideachais, seachas fuinneamh a ídiú ar an iliomad réimsí saoil. Bhí sé de phríomhchuspóir ag moltaí an SCT an pobal a chumasú le dul i ngleic leis an éigeandáil shóisialta a bhí á leathadh timpeall orthu.

D’imigh sin agus tháinig an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge!

Ní raibh mórán tionchair ag an Straitéis ar an nGaeltacht. Ba mhó i bhfad an éifeacht a bhí ag an gcúlú eacnamaíochta – trí eisimirce, dífhostaíocht agus easpa airgid Stáit – ar dhálaí na Gaeltachta ná aon bheartas poiblí a cuireadh i dtoll a chéile de bharr na Straitéise.

Ba é tátal an SCT nach raibh fanta i saolré na Gaeltachta faoi réir na gcúinsí ag an am ach 15–20 bliain. Níor tháinig aon athrú suntasach ar chúinsí polaitiúla ná sóisialta na Gaeltachta ón am ar breacadh an tuar sin. Déanfar scagadh níos mine ar cheist íogair na saolré amach anseo nuair atá deis ann anailís chatagóireach a dhéanamh ar dháileadh líon na gcainteoirí laethúla sna toghranna. Ina dhiaidh sin féin, léiríonn an fhaisnéis shochtheangeolaíoch is deireanaí a d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh go bhfuil cúngú an phobail Ghaelaigh i gCatagóirí A agus B ag titim amach ag an ráta céanna is a tháinig chun solais sa SCT agus sa Nuashonrú ar an Staidéar sin.

Faightear léiriú eile ar an ráta seo i bhfaisnéis líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais ó 2006–2016, go háirithe.

Athruithe i Líon na gCainteoirí Laethúla sa Ghaeltacht 1996–2016

Léirítear sa Tábla thíos an treocht i líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge (CLG) sa Ghaeltacht ó 1996–2016 agus an fhaisnéis do líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais ó 2006–2016.

Léirítear sa tábla seo go bhfuil 20,586 cainteoir laethúil Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht de réir Dhaonáireamh 2016. Sin laghdú 11% ar an bhfigiúr sin ó Dhaonáireamh 2011. Léirítear freisin ann nach bhfuil ach 2,408 (12%)  de na cainteoirí laethúla Gaeltachta sin san aoisghrúpa idir 10–19 mbliana. Sna boscaí buí ar thaobh na láimhe deise den tábla thuas, sonraítear an laghdú sna hóg-aoisghrúpaí ó Dhaonáireamh 2006: laghdú de 24% i gcás na gcainteoirí idir 10–14 bliana agus laghdú 21% san aoisghrúpa 15–19 mbliana. Léirítear ráta beagán níos fearr i gcás na bpáistí 3–4 bliana, a thugann le fios go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh i measc tuismitheoirí cur in aghaidh an tsrutha. Tá cuid mhór den fhaisnéis seo ag díriú go sonrach ar an óige de bharr gurb iad an chéad ghlúin eile a thiocfaidh in inmhe agus a chuirfidh an chéad ghlúin eile ar an saol.

Faightear spléachadh ar ráta an athraithe sa léaráid thíos:

Is léir go bhfuil mísheasmhacht an mhionlaigh teanga á léiriú sna staitisticí seo.

Cainteoirí Laethúla Gaeilge sna Limistéir Pleanála Teanga

Léirítear sa tábla thíos nach dtagann ach dhá Limistéar Pleanála Teanga (LPT) le critéar Chatagóir A, Toraigh agus Ceantar na nOileán. I gcás Thoraí, tá fíorbheagán daoine ina gcónaí ann agus, i gcás Cheantar na nOileán, is cosúil gur eisimirce is cúis leis an ardú beag a tháinig ar líon na gcainteoirí laethúla sa LPT.

Baineann 8% de na Limistéir Pleanála Teanga le Catagóir A (dhá LPT); baineann 23% le Catagóir B (sé LPT); agus baineann 69% le Catagóir C (18 LPT). Is ionann mar sin an sciar de na Limistéir Pleanála Teanga a luíonn isteach le critéar Chatagóir A agus 2% de phobal na Gaeltachta atá trí bliana d’aois nó os a chionn.

Áirítear ar an 2% sin de dhaoine sa dá cheantar ‘Catagóir A’ sin, 1,559 duine, as 2,171 duine ar fad, a bhí ina gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais.

Feictear sa cholún ar thaobh na láimhe deise den tábla an t-athrú i bpointí céatadáin idir líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht ó 2011–2016.

Athruithe i Líon na gCainteoirí Laethúla sna Limistéir Pleanála Teanga 2011–2016

An Stát i ngleic le Géarchéim na Gaeltachta

Is iad forálacha Gaeltachta na Straitéise 20 Bliain an freagra oifigiúil ar thátal an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Is é Acht na Gaeltachta 2012 an bunús reachtúil leis an Straitéis a chur i bhfeidhm. Go hachomair, is í idé-eolaíocht fhoghlaim na Gaeilge mar dhara teanga is bonn don Straitéis seo. Tá mórchuid mhór na moltaí inti neamhábhartha don ghéarchéim atá sa Ghaeltacht. Is mór an dris chosáin an Straitéis. Is deacair don phobal a thuiscint cén tsamhail den Ghaeltacht atá ag an Straitéis:

  • Gaeltacht an phobail Ghaelaigh
  • Ceantar ina bhfaightear líonraí foghlaimeoirí
  • Gaeltacht shiombalach: Gaeltacht an chúpla focal

Is léir ag an tráth seo nach bhfuil le cur i bhfeidhm ach polasaithe i réimsí teoranta a bhaineann le cúrsaí oideachais agus siamsaíochta agus le riachtanas an Stáit maidir le siombalachas. Seo an t-údar gur cúngaíodh an polasaí Gaeltachta do na hiarrachtaí deonacha atá idir lámha ag na Coistí Pleanála Teanga. Is é sin le rá, má éiríonn leis na coistí seo éachtaí a dhéanamh maidir le dul i ngleic leis an dul i léig ní sheasfaidh an Stát ina gcoinne.

Léiríonn iompar an Státchórais go bhfuil dearcadh ‘neodrach’ acu ar na fórsaí sóisialta atá ag bá na Gaeltachta i gcultúr ceannasach an Bhéarla in Éirinn.

San am agus san áit ar theastaigh fealsúnacht a bhí dírithe ar shainghrúpa ar leith – an spriocphobal Gaeilge, cheap an Stát meascán mearaí d’aidhmeanna i leith na teanga a bhí bunaithe ar iarrachtaí pearsanta agus institiúideacha. Agus an nua-liobrálachais teanga seo á chur i bhfeidhm sa Ghaeltacht, cuirfidh an Straitéis le díchumhachtú na nGael. Is éard atá i gcur chuige na Straitéise mar sin ná comhcheilg an indibhidiúlachais in aghaidh phobal Ghaeil na Gaeltachta.

Mhaígh mé i sraith alt san iris Language Problems Language Planning (2014) gurb ionann an Straitéis agus polasaí poiblí na Gaeltachta a chaitheamh i dtraipisí, macasamhail éirí as an Stáit i leith na  hAthbheochana go luath sna 1970idí. Níor chualathas aon séanadh oifigiúil ón Státchóras gur ag ní a lámha a bhíothas de chás na Gaeltachta.

Is eisceacht an Roinn Oideachais agus Scileanna a bhí in ann an Polasaí don Oideachas Gaeltachta a fhoilsiú agus a bheartú in 2016, dhá bhliain i ndiaidh fhoilsiú an Iniúchadh ar an gCumas Dátheangach i measc Óige na Gaeltachta.

Ba cheart do na codanna eile den Státchóras an dea-shampla seo a leanacht. Ag an am céanna is a bhí an Roinn Oideachais ag machnamh go fónta ar impleachtaí an taighde, bhí cuid de cheannasaíocht Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta ag iarraidh a bheith ag cur as don phróiseas taighde a bhain le scríobh Nuashonrú an SCT (2015). Maidir le cur chuige oifigiúil an Stáit, is cosúil gurb é an mana ‘cloíonn neart ceart’ atá ag stiúradh cúrsaí anois i dtaobh na Gaeltachta. I bhfianaise na faillí maidir le bonn ceart anailíse a chur faoina gcur chuige i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta, tá cosúlachtaí an uathlathais ag teacht ar na forais Ghaeltachta – déantar a ndeirtear agus ná bactar le ciall! 

I bhfianaise na faisnéise is nua ón Daonáireamh agus an útamáil oifigiúil in earnáil na Gaeltachta le deich mbliana, is féidir an forléargas seo a thabhairt ar staid reatha na Gaeltachta:

  • tá an pobal Gaelach níos laige ná mar a bhí sé 10 mbliana ó shin
  • is lú na hacmhainní airgeadais agus tacaíochta atá ar fáil don phobal
  • tá na forais Ghaeltachta níos mífheidhmiúla ná mar a bhí siad in 2007
  • chaill na ceantair Ghaeltachta sciar suntasach den aoisghrúpa óg de bharr eisimirce sa tréimhse sin
  • fealsúnacht na bhfoghlaimeoirí atá i gceannas sa Ghaeltacht
  • is treise dílseacht an Státchórais don status quo sa Ghaeltacht ná mar a bhí sular foilsíodh an SCT

Cé gur ghlac an Stát le hanailís agus moltaí an SCT i dtosach, tá siad tite ar ais ar an status quo ó shin. Tá tobar an mhachnaimh ionann is tráite sna forais Stáit a bhfuil cúram na Gaeltachta agus na Gaeilge leagtha orthu.

Fágann an cur chuige reatha an fhreagracht ar choistí nó ar chomharchumainn Ghaeltachta maidir le cur in aghaidh fórsaí láidre sóisialta nach bhfuil mórán smachta acu orthu – an pobal á choinneáil gnóthach i dtráth na héigeandála. Is éard a dhéanann allagar reatha na pleanála teanga, atá á chothú ag an Státchóras sa Ghaeltacht, cuma na hidirghabhála a chur ar pholasaí laissez-faire.

Tabharfaidh an stair breithiúnas thar a bheith dian (cé is moite d’eisceachtaí so-aitheanta) ar an easpa ceannaireachta tráth seo na héigeandála, an easpa ceannaireachta i measc lucht polasaí sna forais tacaíochta Stáit, sa saol polaitiúil agus i ranna taighde na n-ollscoileanna. Níl ar chumas na rannpháirtithe sa chóras poiblí seo polasaí níos bisiúla ná polasaí laissez-faire a bheartú in aghaidh ghátar seo na Gaeltachta. Is beag tacaíocht atá an lucht acadúil a thabhairt don Ghaeltacht cé is moite de na sainspéiseanna atá acu i saoithiúlacht na Gaeilge.

Sa tsáinn seo, is tearc iad na deiseanna fuascailte, go háirithe i ndiaidh don Stát diúltú do shraith fhónta moltaí san iliomad tuarascálacha taighde.

Níl ach dhá rud a d’fhéadfadh tarlú anois a d’athródh cúrsaí:

  1. Go dtiocfadh ciall chuig ceannasaíocht an Státchórais agus go bhfeidhmeoidís straitéis ábhartha, nó
  2. Go gcaillfeadh an pobal foighid le mífheidhm an Státchórais agus go n-éileoidís go tréan malairt slí ar an éidreoir.

Tá an ghéarchéim níos géire ná mar a bhí sí, agus dá bhrí sin, is léir nach bhfuil an status quo ag obair. Má tá aon leigheas le fáil air seo tiocfaidh sé trí iarrachtaí an phobail moltaí na dtuarascálacha éagsúla taighde a chur i bhfeidhm nó trí iarraidh ar an Stát iad a fheidhmiú ar a son. Tá a fhios againn cheana féin cén toradh a bhíonn ar an laissez-faire.

Tá Conchúr Ó Giollagáin ina Ollamh Taighde in Ollscoil na Gaeltachta agus na nOileán i Sabhal Mòr Ostaig in Albain, agus an gréasán taighde, Soillse, faoina chúram. Is é an stiúrthóir ar Ionad nuabhunaithe na nEolaíochtaí Teanga san ollscoil. Is comhúdar é ar leabhar taighde ar staid sochtheangeolaíochta Ghàidhlig na hAlban a fhoilseofar in 2018

Fág freagra ar '10 mbliana i ndiaidh an staidéir nár thug ach 15–20 bliain don Ghaeltacht, tá an ghéarchéim ag éirí níos measa'

  • Ruairí

    Déanaimis muintir na Gaeltachta boycott ar Bhliain Bhréagach na Gaeilge. B’.fhearr dúinne do bheith ag agóidíocht ná ag “ceiliuradh 125 bhliain” de theip mar is sin atá Tionscal na Gaeilge ag brú orainn. Is ag tacú leis an status quo agus an laissez faire a luann an túdar a bheas muid má ghlacann muid páirt i gceoldráma maslach míthuisceanach Chónradh na Gaeilge. Cé d’iarr ar phobal Gaeltachta Chorca Dhuibhne an Bhliain Bhréagach Ghaeilge a láinseáil sa nGaeltacht in am seo na héigeandála teanga? Ba chóir agóid a bheith againn ar an oíche láinseála.

  • Éadóchasach

    Éistear lena ghlór! Dála Mháire Uí Fhinneadha tá Conchúr sásta labhairt amach in aghaidh chur i gcéill agus easpa gnímh an Státchórais. Mura ndéanfar beart fónta anois beidh Gaeilge na Gaeltachta caillte go deo. Ní féidir le teanga ar bith maireachtáil mura bhfuil pobal tíreolaíoch aici a bhfuil sí mar chéad teanga acu. Bíodh Bliain Éigeandála na Gaeltachta againn in 2018 mar atá molta ag Máire!