10 gcinn de dheiseanna (agus roinnt dúshlán) ag Mary Lou, Uachtarán nua Shinn Féin

Cuirfidh Mary Lou McDonald tús lena ré mar Uachtarán Shinn Féin ag ardfheis speisialta an deireadh seachtaine seo...

10 gcinn de dheiseanna (agus roinnt dúshlán) ag Mary Lou, Uachtarán nua Shinn Féin

Pictiúr: RollingNews.ie

Cuirfidh Mary Lou McDonald agus iriseoirí tús le ré nua Dé Sathairn le linn ardfheis speisialta atá á reachtáil ag Sinn Féin chun fáilte fhoirmiúil a chur roimpi mar uachtarán ar a bpáirtí.

Ní bheidh dualgas ar iriseoirí fiafraí den cheannaire nua, mar a d’fhiafraigh siad de shíor de Gerry Adams le 35 bliain, an raibh sí riamh san IRA agus an dtuigeann sí an fáth nach gcreidtear í.

Beidh buntáistí eile aici, i gcomparáid le Gerry Adams, agus í ag dul i mbun oibre mar cheannaire. Seo deich gcinn:

  1. Is fearr go mór a tuiscint ar an ngeilleagar, ar cháipéisí agus ar fhigiúirí.
  2. Tá taithí aici ar shuíochán (Eorpach) a chailliúint, agus ar sheasamh faoi dhó i dtoghcháin Dála gan suíochán a ghnóthú.
  3. Tá sí níos óige (48) ná ceannairí eile na Dála, ach amháin Leo Varadkar (39).
  4. Tá síocháin i réim ó thuaidh, agus freagra tugtha i bhfad ó shin ar fhormhór na gceisteanna a bhaineann leis an IRA.
  5. Tá ceist an chomhrialtais réitithe ó cheadaigh ardfheis an pháirtí rannpháirtíocht i gcomhrialtas le páirtí níos mó (i bhfocail eile, le FG nó le FF). 
  6. Ní raibh tacaíocht Shinn Féin ó thuaidh chomh láidir riamh.
  7. Breathnaíonn poblachtánaigh ó thuaidh uirthi mar dhuine atá toilteanach a bheith crua má theastaíonn cruas.
  8. Sampla dá cruas: shéan sí go láidir gur chóir don fheisire Barry McElduff éirí as a phost, sular éirigh sé as a phost. 
  9. Ar an taobh ó dheas den teorainn, dúirt fiche faoin gcéad de na vótóirí a d’fhreagair ceisteanna pobalbhreithe go smaoineoidís ar vótáil do Shinn Féin toisc Mary Lou a bheith i gceannas.
  10. Tá mná ceaptha mar uachtarán agus mar leas-uachtarán ar Shinn Féin – céim chun cinn do mhná sa saol polaitiúil nach bhfacthas in aon pháirtí eile go dtí seo.

Sa ghearrthéarma, ba chóir go mbeadh Sinn Féin ábalta tairbhe a bhaint as an easaontas Dála maidir leis an reifreann ar ghinmhilleadh. Má vótáiltear i bhfabhar aisghairm an ochtú leasú, beidh an páirtí i lár an aonaigh agus reachtaíocht an rialtais á plé.

Níl ach 57 Teachta Dála sásta tacú le reachtaíocht a cheadódh ginmhilleadh gan choinníoll sa chéad 12 seachtain den toircheas, de réir an áirimh is deireanaí san Irish Examiner, Dé Máirt.

Ní dhéanfaidh Sinn Féin cinneadh faoin reifreann ná faoin reachtaíocht a ba chóir a thabhairt isteach dá n-aisghairfí an t-ochtú leasú go dtí go reachtálfar gnáth-ardfheis an pháirtí i mí Aibreáin. 

Tá míshuaimhneas léirithe cheana féin ag na Teachtaí Dála Peadar Tóibín agus Carol Nolan. Ach má fhógraíonn Sinn Féin tacaíocht i bprionsabal ó scór Teachtaí Dála sa pháirtí don reachtaíocht 12 seachtain, beidh móramh Dála ina fhabhar cinnte, nó beagnach cinnte. Má fhógraítear tacaíocht an pháirtí roimh lá na vótála, beidh toradh aisghairm an ochtú leasú níos soiléire.

Sa Tuaisceart, ní beag an dúshlán atá ar chlár oibre an cheannaire nua agus a leascheannaire Michelle O’Neill. Fiú dá bhféadfaí teacht ar chomhréiteach leis an DUP, cén aidhm agus cén cur chuige a ba chóir a bheith ag an bpáirtí nuair nach bhfuil tuairim ag duine ar bith fós? Faoi láthair, ní féidir ceisteanna dá leithéid a fhreagairt, toisc nach bhfuil freagraí ar fáil ar cheisteanna mar seo:

Cén sórt Breatimeacht a roghnóidh rialtas na Breataine?

Cén uair a chuirfear i bhfeidhm é?

Cén tionchar a bheas ag na socruithe nua san oileán seo?

Ar an taobh ó dheas den teorainn, beidh go leor deiseanna ag ceannaire nua Shinn Féin polasaithe an rialtais a lochtú go géar. Ní gá ach cuimhneamh ar an ngéarchéim tithíochta mar shampla, nó ar dheacrachtaí sa tseirbhís sláinte.

Fág freagra ar '10 gcinn de dheiseanna (agus roinnt dúshlán) ag Mary Lou, Uachtarán nua Shinn Féin'