Uisce Éireann ag tabhairt na gcosa leo agus naoi mbliana ann ó tugadh comhlacht nua faoi scáth an Achta Teanga

Imní ar an gCoimisineir Teanga faoin líon gearán a fhaigheann sé ón bpobal nach mbíonn ar a gcumas iad a fhiosrú toisc an mhoill a bhaineann le comhlachtaí nua a thabhairt faoi scáth an Achta Teanga

Screen Shot 2015-10-21 at 16.40.43

Tá aird tarraingthe ag an gCoimisineir Teanga Rónán Ó Domhnaill ar an líon gearán a fuair sé ón bpobal nach raibh ar a gcumas iad a fhiosrú toisc an mhoill naoi mbliana a bhaineann le comhlachtaí nua, ar nós Uisce Éireann, a thabhairt faoi scáth an Achta Teanga.

San iomlán, d’fhág an “fhadhb leanúnach” seo nach raibh ar chumas an Choimisinéara 115 gearán a fhiosrú anuraidh. Bhain 35% de na gearáin sin leis an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre agus bhain 15% acu le hUisce Éireann.

“Is ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta atá an t-údarás nuashonrú a dhéanamh ar an sceideal agus tá os cionn naoi mbliana caite ó rinneadh é sin go deireanach, i mí Iúil 2006.

“Tá an iliomad athruithe déanta ó shin ar eagraíochtaí, ar fheidhmeanna agus ar sheirbhísí Stáit ó tugadh faoi athchóiriú na seirbhíse poiblí. Is fadhb leanúnach í seo is furasta a réiteach agus ba chóir a bheith déanta i bhfad roimhe seo,” a dúirt an Coimisinéir Teanga tráthnóna.

Bhí an Coimisinéir ag caint tráthnóna ag an gComhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha de chuid Thithe an Oireachtais.

I measc na n-ábhar eile a phléigh sé leis an gcoiste Oireachtais, bhí córas na scéimeanna teanga, agus thug sé le fios an athuair go raibh sé “go mór in amhras” faoi éifeacht an chórais chéanna.

“In ainneoin roinnt scéimeanna lena mbaineann méid áirithe fiúntais, measaim gur córas fabhtach é seo agus gur cheart sampla na Breataine Bige a leanúint trí éabhlóidiú chuig córas caighdeán.

“Admhaím go bhfuil níos mó scéimeanna teanga á n-aontú anois ná mar a aontaíodh le tamall de bhlianta. Dhaingnigh an tAire 21 scéim teanga le linn na bliana seo caite. Ceistím mar sin féin fiúntas na ngealltanas i roinnt scéimeanna a bhíonn teoranta agus coinníollach. Níor chóir go mbeadh aon áit do chroimeasc den chineál seo i scéimeanna reachtúla teanga,” a dúirt sé.

Ba chúis imní dó leis nach n-aithnítear i scéimeanna teanga poist a mbeidh riachtanais Ghaeilge ag baint leo, faoi mar atá geallta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

“Tá an ceathrú cuid de thréimhse na Straitéise sin caite anois agus níl aon leithscéal nach mbeifí ag aithint na bpost seo ar bhealach córasach agus cuimsitheach, faoi mar a gealladh,” a dúirt Ó Domhnaill.

Mheabhraigh sé don choiste go raibh nach mór naoi mbliana ann ó iarradh ar ocht gcomhlacht poiblí scéim teanga a ullmhú, ina measc an Ceoláras Náisiúnta, Coimisiún na Scrúduithe Stáit agus an Chomhairle Oidhreachta.

Maidir leis an reachtaíocht chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla atá á geallúint le ceithre bliana anuas, thug Ó Domhnaill le fios nach raibh “aon amhras air” faoin méid atá ag teastáil.

“Tá na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an Acht reatha ráite agus athráite. Mar Choimisinéir Teanga, teastaíonn uaimse go mbeadh Acht againn a bheadh ina chrann taca do sholáthar seirbhísí Stáit trí Ghaeilge, a chuideodh leo siúd nach mian míréasúnach dóibh a bheith in ann a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge le forais oifigiúla na tíre seo.

“Go cinnte teastaíonn bearta, acmhainní agus tacaíochtaí, an ceann is lú díobh [ná] dóthain foirne le Gaeilge, chun an méid sin a chinntiú. Ach bheadh muid ag cur dallamullóg orainn féin dá sílfeadh muid gur leor na bearta sin gan Acht neartaithe ag luí taobh thiar díobh.”

Thagair an Coimisinéir chomh maith do bhreithiúnas Ard-Chúirte an Bhreithimh Colm Mac Eochaidh maidir leis an achomharc a dhein Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim i gcoinne cinneadh de chuid na Oifige, an chéad achomharc dá leithéid riamh.

“Tacaím freisin leis an méid a bhí le rá ag an mbreitheamh léannta mar fhreagra ar áitiú na gCoimisinéirí Ioncaim go bhféadfadh comhlachtaí poiblí bealaí a aimsiú le hoibriú thart ar an reachtaíocht nuair a dúirt sé ‘Nílim den tuairim go mbeadh an cineál sin iompair ar bun ag comhlachtaí freagracha poiblí’,” a dúirt Ó Domhnaill.

Fág freagra ar 'Uisce Éireann ag tabhairt na gcosa leo agus naoi mbliana ann ó tugadh comhlacht nua faoi scáth an Achta Teanga'