TUAIRISC Ó LONDAIN: Na caomhaigh caithréimeach ach cúrsa corraitheach le cur díobh

Ainneoin bhua na gCaomhach, nó dá bharr b'fhéidir, tá cuimse fadhbanna ag bagairt ar rialtas aonpháirtí nua na Breataine

David_Cameron

Chuir vótóirí na Breataine deireadh le ré ghairid chomhrialtais Déardaoin. Ach ba ghéar a mbreithiúnas, ní hamháin ar mhionpháirtí an chomhrialtais ach ar an bhfreasúra leis, le cabhair an chórais éagothroim vótála. 

Taobh amuigh den pháirtí caomhach agus den SNP, is ábhar sásaimh na torthaí do dhream amháin eile arb ionann iad agus caoga faoin gcéad den phobal.

Achoimre:

Tá dhá pháirtí buailte go dona – na Daonlathaigh Liobrálacha (56 suíochán acu roimh an toghchán, ocht gcinn anois), agus an Lucht Oibre in Albain (54/1). 

Tá triúr ceannairí éirithe as – Ed Miliband, Nick Clegg agus Nigel Farage. Thug ceannaire UKIP le fios go mbeadh sé toilteanach dul i gceannas arís tar éis seal ar saoire!

Caitheadh amach triúr airí sinsearacha rialtais ón bPáirtí Liobrálach. Díbríodh breis agus a deich faoin gcéad de na feisirí a toghadh i 2010, iad go léir beagnach sa Pháirtí Liobrálach Daonlathach (48) agus sa Lucht Oibre (26).

Bhí 147 bean i bparlaimint na Breataine (23 faoin gcéad) roimh an toghchán. Beidh 190 banfheisire sa pharlaimint nua – méadú 30 faoin gcéad beagnach, agus ábhar beag dóchais do bhaniarrthóirí Dála. Níl ach 26 bean i nDáil Éireann faoi láthair.

Ainneoin bhua na gCaomhach, nó dá bharr b’fhéidir, tá cuimse fadhbanna ag bagairt ar rialtas aonpháirtí nua na Breataine. Seo a leanas liosta na bpríomhábhar imní:

Reifreann ar an AE.  Geallúint toghcháin a bheidh ar David Cameron a chomhlíonadh. Déanfaidh ballstáit eile an Aontais margadh de chineál éigin leis, ach déan talamh slán de go gcáinfidh mórán Sasanach go háirithe cibé margadh a dhéanfar.

Toradh an Reifrinn? Léirigh pobalbhreitheanna le tamall nach mian le móramh sa Ríocht Aontaithe cúl a thabhairt leis an AE, ach tar éis toradh gan choinne an olltoghcháin, níltear muiníneach as pobalbhreitheanna.

Éire agus an Reifreann. Cuirfidh an plé ar imeacht na Breataine ón AE ar feadh dhá bhliain ar a laghad imní ar an rialtas agus ar mhórán daoine eile in Éirinn, lucht gnó go háirithe. Céard is feidir leis an rialtas a dhéanamh faoi seo? Fíorbheagán.

Albain: bearna pholaitiúil. Ní raibh an bhearna idir príomhthíortha an Ríocht Aontaithe chomh soiléir le 300 bliain. Níl ach feisire amháin as Albain araon ag príomhphairtithe Westminster. Thogh muintir na hAlban 56 feisire atá glan in aghaidh na síordhéine a gheall Cameron, agus ar vótáil móramh Sasanach ina fhabhar.

Mar a dúirt comhfhreagraí an BBC James Cook in Albain Dé hAoine: “Politically, Scotland and England this morning look and feel like very different countries.”

Albain: bearna níos leithne. Ní léir aon athrú mór ar mheon na n-Albanach, ainneoinn torthaí an olltoghcháin, ó vótáil siad in aghaidh neamhspleáchais anuraidh. Tá dílárú cumhachta eile geallta ag David Cameron, ach tá an dá thír ag scaradh óna chéile ar go leor bealaí. Má vótálann Sasanaigh in aghaidh bhallraíocht san AE, beidh ‘slán le hAlbain’ ráite acu.

Déine: cur i bhfeidhm? Tá lear mór ciorruithe geallta ag na Caomhaigh (laghdú £12bn ar chaiteachas leasa shóisialta) gan sonraí ar bith a fhógairt. Ní gan stró ná gearáin a chuirfear na ciorruithe seo i bhfeidhm

Agus rabhadh do Joan Burton. Ghlac na Daonlathaigh Liobralacha páirt i gcomhrialtas “ar mhaithe le leas an naisiúin”. Chuir siad déine i bhfeidhm, agus neartaigh an geilleagar. Chlis siad ar gheallúintí – maidir le táillí ollscoile, mar shampla, díreach mar a tharla in Éirinn.

Choinnigh an ceannaire Nick Clegg a shuíochán, ach chaill nócha faoin gcéad dá fheisirí a suíocháin. Tá a pháirtí briste brúite, agus tá Clegg éirithe as a phost.

Is láithreoir é Cathal Mac Coille ar ‘Morning Ireland’ ar RTE Raidió a hAon

Fág freagra ar 'TUAIRISC Ó LONDAIN: Na caomhaigh caithréimeach ach cúrsa corraitheach le cur díobh'