Treibh na Maasai á gcur dá gcuid tailte i dtuaisceart na Tansáine

Tá fógra bóthair faighte ag an 40,000 Maasai as tailte a sinsear. A ndíbirt roimh dheireadh na bliana, sin é atá i ndán dóibh mura mbeidh cor eile sa scéal

Treibh na Maasai á gcur dá gcuid tailte i dtuaisceart na Tansáine

Tá na Maasai á ndíbirt as tailte a sinsear i dtuaisceart na Tansáine san Afraic. I lár mhí Lúnasa, tuairiscíodh botháin de chuid na treibhe a bheith á loscadh ag maoir ó pháirc náisiúnta Serengeti agus ó údarás réigiúnda Ngorongoro. Bhí póilíní ar an láthair freisin ag faomhadh na hoibre. San iris Conservation Watch, tugadh le fios ó shin go raibh seachtó bothán dóite go talamh san áit.   

Mar gheall ar líon mór na n-ainmhithe allta a bhíonn ag fosaíocht ar na machairí ann, agus de thoradh áilleacht mhór an cheantair ar fad, tá rialtais na Tansáine ag féachaint le turasóirí a mhealladh ann i mbun safari agus seilge. Sa mbliain 2009 a rinneadh an chéad ionradh ar na Maasai i gceantar Loliondo dá bharr seo. Blianta beaga dá éis sin áfach, shínigh 1.7 milliún duine achainí in aghaidh pholasaí an rialtais. Ghéill an rialtas don achainí. Faoi mar atá cúrsaí anois arís ar ais, ní cosúil gur leor an gheallúint a thug uachtarán na tíre in 2014 go bhfágfaí na Maasai faoi shíocháin ar an dúchas.  De réir na dtuairiscí is deireanaí más ea, tá fógra bóthair faighte ag na 40,000 Maasai atá lonnaithe sa gceantar. A ndíbirt roimh dheireadh na bliana, sin é atá i ndán dóibh mura mbeidh cor eile sa scéal.

Is fear feasa de chuid na Maasai é Ole Kulinga. Seo mar a labhair sé faoin gcás; ‘Tá na sealgairí ag iarraidh ár gcuid talún, is cuma cén praghas a bheas uirthi,’ ar sé. ‘Ní bheidh suaimhneas intinne againne go brách mura mbeidh aitheantas ar pháipéar ann don cheart buan seasmhach atá againn ar ár gcuid tailte féin. Má bhaintear ár gcuid talún dínn, ní bheidh faic na ngrást fágtha againn,’ arsa Ole Kulinga.

Is comhlacht darb ainm Otterlo Business Corporation is cúis leis an mbánú. Is in Dubai in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha atá an comhlacht seo cláraithe, agus díolann siad pacáistí safari agus seilge le lucht rachmais. Is le Otterlo na cearta seilge ar fad i ndúiche na Maasai tamall soir ó pháirc náisiúnta Serengeti, agus is fada iad ag bualadh ar dhoras an rialtais sa Tansáin ag iarraidh príobháidiú a dhéanamh ar an dúiche ar mhaithe leo féin agus lena gcuid custaiméirí. 

Fear darb ainm Edward Loure an t-údar is mó leis an dóchas atá ann nach ndíothófar saoithiúlacht na Maasai i dtuaisceart na Tansáine. In 2016, bronnadh gradam Goldmann na hAfraice ar Edward Loure mar gheall ar an togra dlí a chuir sé ar bun ar son na timpeallachta. Is éard is sprioc don togra seo ná an chothromaíocht idir an duine agus an nádúr a chaomhnú sa dúiche fhairsing a dtugtar Gleann Rift uirthi.

Maíonn Edward Loure nach mbeidh an timpeallacht slán gan nósanna na Maasai a chosaint sa dúiche. Seo í an chéad uair a bhfuil treibh agus a gcuid eolais á lua le caomhnú na timpeallachta i dtír na Tansáine agus ní i dtír na Tansáine amháin.

An rud is radaicí faoi thogra Edward Loue, baineann sé le ceist na seilbhe, agus le sainmhíniú nua ar an gceist sin. Faoi na dlithe stáit atá i bhfeidhm ar fud an domhain, mórán, is é ainm duine faoi leith a bhíonn ar sheilbh na talún, agus is é an duine seo an t-úinéir. De réir na moltaí atá déanta ag Edward Loue áfach, ní ainm pearsanta a bheadh luaite le tailte na Maasai, ach ainm na treibhe ar fad. Dá dtiocfadh a leithéid i bhfeidhm, is fasach a bheadh ann a chuirfeadh dreach nua ar sheilbh na dtailte dúchais in áiteacha go leor ar fud an domhain.

Milliún go leith duine atá i gcine na Maasai sa lá atá inniu ann. Is i ndeisceart na Céinia atá rud beag le cois a leath, agus is i dtuaisceart na Tansáine atá an chuid eile. An bhuachailleacht agus an fiach atá siad a chleachtadh leis na cianta cairbreacha.