Traidisiún ciníoch ‘Peadar Dubh’ ag cothú aighnis an athuair i measc mhuintir na hÍsiltíre

Tá muintir na hÍsiltíre in adharca a chéile arís faoi thraidisiún Zwarte Piet. Le linn chonspóid na bliana seo, baineadh úsáid as mionteanga na Freaslainnise ar bhealach a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh d’íomhá na teanga sin

Traidisiún ciníoch ‘Peadar Dubh’ ag cothú aighnis an athuair i measc mhuintir na hÍsiltíre

Ag an deireadh seachtaine, dhruid scaifte daoine geala a raibh fearg orthu mótarbhealach in iarracht stop a chur le léirsiú i gcoinne carachtair fhicseanúil

Tá an méid sin léite i gceart agat.

An t-am sin den bhliain atá againn arís: tá muintir na hÍsiltíre in adharca a chéile faoi thraidisiún Zwarte Piet.

‘Peadar Dubh’ a thabharfaí ar an gcarachtar béaloidis céanna i nGaeilge; dlúthchuid é d’fhéile San Nioclás, féile ar tábhachtaí í, san Ísiltír, ná an Nollaig féin. Tá an fhéile ar cheann d’fhíorbheagán traidisiún dúchasach atá fágtha.

Ach is éard atá sna Zwarte Pieten, go bunúsach, ná daoine geala gléasta suas mar dhaoine dubha – smideadh dubh agus fáinní cluaise gáifeacha san áireamh.

Beag an t-iontas nach raibh mórchuid na nÍsiltíreach a bhfuil dath dorcha ar a gcraiceann féin ar a gcompord leis an traidisiún riamh.

Tá líon na nÍsiltíreach geal a d’aontódh leo ag dul i méid.

Le blianta beaga anuas, tá iarrachtaí á ndéanamh ag údaráis áitiúla éagsúla, comhairle cathrach Amsterdam go háirithe, éide Zwarte Piet a chur in oiriúint do shochaí ilchultúrtha na linne seo. Stríoca súiche, seachas brat tiubh smideadh dubh, a chuirtear anois ar aghaidh lucht cúnta San Nioclás sa phríomhchathair agus i roinnt cathracha agus bailte móra eile – comhréiteach cliste a thagann leis an seanchas: bíonn ar Zwarte Piet dul isteach i simléir na dtithe chun bronntanais Shan Nioclás a sheachadadh agus thuigfeadh duine ar bith go bhfágfadh an turas sin stríoca súiche ar a aghaidh.

Ach diúltaíonn cuid mhór de mhuintir na hÍsiltíre scun scan d’aon iarracht traidisiún Zwarte Piet a athrú.

Tá an dúchas i mbaol, a deir siad.

Ní chuirfidh siad suas a thuilleadh le ceartaiseacht pholaitiúil a thruailleodh an seanchas ar fhás siad féin suas leis!

Agus ar an gcúis sin, ag an deireadh seachtaine, dhruid dream de na daoine geala feargacha sin mótarbhealach sa Fhreaslainn, i dtuaisceart na hÍsiltíre.

Ba é an chaoi go raibh léirseoirí frith-Zwarte Piet (is é sin le rá, daoine a bheadh ar son na n-iarrachtaí an traidisiún a chur in oiriúint don lá inniu) ar a mbealach ó thuaidh le dul ag agóidíocht i mbaile mór Dokkum, áit a raibh San Nioclás agus a lucht cúnta le teacht i dtír go hoifigiúil – mórimeacht cultúrtha a chraoltar beo ar an teilifís gach bliain.

Le cúnamh na bpóilíní, d’éirigh leis na Freaslannaigh fheargacha agóid an lucht frith-Zwarte Piet a chosc. Chuir na póilíní iallach ar bhus na léirseoirí frith-Zwarte Piet filleadh ó dheas, amach as an bhFreaslainn. Maíodh go mbeadh an tsábháilteacht phoiblí i mbaol dá mbainfeadh na léirseoirí frith-Zwarte Piet baile Dokkum amach.

Tá ceisteanna á gcur maidir le hiompar na bpóilíní. Ní amháin gur ceileadh cearta léirsithe ar an lucht frith-Zwarte Piet, ach ba mhó an dochar a rinne na Freaslannaigh fheargacha don tsábháilteacht phoiblí: bhuail roinnt carranna faoina chéile nuair a druideadh an mótarbhealach.

Comhtharlúint a bhí ann gur sa Fhreaslainn, áit a bhfuil mionteanga réigiúnda, an Fhreaslainnis, á labhairt ag 440,000 duine go laethúil, a tharla an t-aighneas.

Tagann San Nioclás agus a lucht cúnta i dtír in áit éagsúil san Ísiltír gach bliain.

Ach thabharfadh duine suntas don chaoi ar baineadh úsáid as an bhFreaslainnis, sna laethanta roimh an mórimeacht agus ar an lá féin, chun an cás ar son an dreama ghil a dhruid an mótarbhealach a chosaint. Cainteoirí Freaslainnise, go deimhin, a bhí i gcuid mhór den dream a bhí taobh thiar d’fheachtas ar cuireadh tús leis roinnt míonna ó shin chun na léirseoirí frith-Zwarte Piet a choinneáil amach as an bhFreaslainn.

Sa ghiolc thíos, tá Zwarte Piet le feiceáil agus feisteas air atá déanta as bratach na Freaslainne. ‘Up an Fhreaslainn! Fanfaidh Zwarte Piet dubh, ní cheadófar amadántaíocht agus Marxachas cultúrtha na gcathracha móra in Dokkum’ atá scríofa faoin ngiolc i bhFreaslainnis.

Cá bhfios nach ndearna na Freaslannaigh sin dochar mór millteach d’íomhá a dteanga féin?

Ní hionann agus an Ghaeilge in Éirinn, ní bhaineann an Fhreaslainnis leis an Ísiltír ar fad. Mionteanga réigiúnda í nach labhraítear ach i gcúige amháin as dhá cheann déag.

Chuile sheans nár chuala agus nach bhfaca mórchuid Ísiltíreach focal Freaslainnise riamh go dtí gur baineadh úsáid fheiceálach aisti, go háirithe ar na meáin shóisialta, mar chuid d’fheachtas chun traidisiún ciníoch Zwarte Piet a tharrtháil.

Ar ndóigh, ní lia cainteoir Freaslainnise (nó go deimhin teanga ar bith) ná tuairim.

Ach ba mhór an trua é dá samhlófaí an Fhreaslainnis feasta le dream a ndéarfar fúthu, amach anseo, go raibh siad ar an taobh mícheart den stair.

Fág freagra ar 'Traidisiún ciníoch ‘Peadar Dubh’ ag cothú aighnis an athuair i measc mhuintir na hÍsiltíre'