Tráchtaireacht Ghaeilge ar fáil do chluichí ceathrú ceannais na hÉireann ar RTÉ

Tá RTÉ tar éis cur lena seirbhís dhátheangach tráchtaireachta agus beidh rogha Ghaeilge anois ar fáil ar an stáisiún do chluichí ceathrú ceannais na peile agus na hiomána

Tráchtaireacht Ghaeilge ar fáil do chluichí ceathrú ceannais na hÉireann ar RTÉ

Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Beidh tráchtaireacht Ghaeilge ar fáil do dheich gcluiche i gCraobhacha Peile agus Iomána na hÉireann i mbliana agus é deimhnithe ag RTÉ go bhfuil siad ag cur lena seirbhís dhátheangach.

Cuireadh tráchtaireacht Gaeilge ar fáil do chluichí leathcheannais agus ceannais na hÉireann sa pheil agus san iomáint anuraidh ach beidh an rogha anois ar fáil do na babhtaí ceathrú ceannais sa dá chomórtas. Ciallaíonn sé sin go mbeidh rogha na Gaeilge ag an lucht féachana i ndeich gcinn de chluichí i gCraobhacha Peile agus Iomána na hÉireann, i gcomparáid le sé cinn anuraidh.

“Is céim ollmhór í seo dúinn in imeacht ama ghairid, agus léiriú ar thiomantas RTÉ i leith na craoltóireachta Gaeilge,” a deir Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire. “Níl sé ach dhá bhliain ó shin ó chuir muid tús leis an togra seo le tráchtaireacht i nGaeilge ar an dá chluiche ceannais. Is iontach, leis an dul chun cinn teicneolaíochta atá déanta ó shin, go mbeidh muid anois in ann deich gcluiche a chur ar fáil don phobal gur mian leo tráchtaireacht i nGaeilge a fháil do chluichí móra CLG.”

Mar a bhí anuraidh, is é Garry Mac Donncha a bheidh i mbun na tráchtaireachta Gaeilge. Beidh Dara Ó Cinnéide a d’ardaigh Corn Sam Mhig Uidhir do Chiarraí in 2004, i mbun anailíse le Mac Donncha do na cluichí peile, agus is é an fear a bhí ina chaptaen ar fhoireann Uíbh Fhailí a bhuaigh Craobh na hÉireann i 1985, Pat Fleury, a bheidh i mbun anailíse do na cluichí iomána.

Cuirfear tús leis an gcraoladh Gaeilge an deireadh seachtaine seo agus RTÉ ag craoladh cluichí ceathrú ceannais na hÉireann san iomáint ó Pháirc Uí Chaoimh. Imreoidh an Clár i gcoinne Thiobraid Árann Dé Sathairn agus tabharfaidh Loch Garman aghaidh ar Phort Láirge Dé Domhnaigh.

Ar RTÉ amháin a bheidh péire de na cluichí ceathrú ceannais le fáil, sin iad cluichí Chiarraí agus Ros Comáin a bheidh á n-imirt ar an 29-30 Lúnasa.

Cuireadh tús leis an tseirbhís Ghaeilge in 2015 nuair a cuireadh tráchtaireacht i nGaeilge ar fáil do chluichí ceannais na hÉireann. Tá curtha léi ó shin agus craoladh na cluichí leathcheannais i nGaeilge anuraidh, chomh maith le cluichí sacair na hÉireann ag comórtas EURO 2016 sa Fhrainc.

Tá na sonraí maidir le conas teacht ar an tráchtaireacht Ghaeilge do mhórchluichí iomána agus peile an tsamhraidh curtha ar fáil inniu chomh maith ag RTÉ:

SAORVIEW:

Roghnaigh Language-Irish-OK

SKY:

Brúigh Help – Switch Audio Description OFF

Ar an gcianrialtán, brúigh Services – System Setup [nó Options] – Language&Subtitles [nó Accessibility] – Favourite Language (roghnaigh Gaeilge) – Save New Settings.

Téigh ar ais ag Help agus cas Switch Audio Description go dtí ON.

EIR:

Select Menu – Settings – OK

Select Display Format – Default Audio Track – Irish

VIRGIN:

Níl an tseirbhís don tráchtaireacht i nGaeilge ar fáil ar chóras Virgin faoi láthair.

Fág freagra ar 'Tráchtaireacht Ghaeilge ar fáil do chluichí ceathrú ceannais na hÉireann ar RTÉ'

  • Séan

    An féidir teacht ar an tráchtaireacht Gaeilge agus tú ag breathnú ar cluiche ar an RTE player ar iPad?

  • traolach

    Comhghairdeas leis an Iomaireach as an ngaisce seo. Ardu meanma duinn e seo.
    Anois ca bhfaighidh me an t-airgead chun Sky a thabhairt isteach (anuas?) sa teaichin seo a’msa?