Toghchán Tionóil 2016: ‘Oráiste in aghaidh uaine’ nó toghchán de chineál úr?

Agus an vótáil ar bun amárach do Stormont, toghchán neamhghnách a bhí ann d’ainneoin a chosúlacht

Person voting
Person voting

Amárach, Déardaoin, beidh deis ag milliún agus ceathrú duine i dTuaisceart Éireann vóta a chaitheamh. Beidh súil ag na hiarrthóirí go ngabhfaidh níos mó ná duine as beirt amach ag vótáil. Údar mór imní é patuaire an phobail faoin toghchán agus an titim sheasta atá tagtha ar an tinreamh le deich mbliana anuas. Breithiúnas ar an sórt polaitíochta a chleachtaítear i Stormont is ea an neamhshuim i vótáil agus ba cheart gur foláireamh do na polaiteoirí é.

Seo í an uair dheiridh a mbeidh deis ag vótóirí 108 teachta a thoghadh. Sa chéad thoghchán eile in 2021 ní seisear ionadaí a bheidh le toghadh i ngach ceantar ach cúigear. 90 teachta a bheidh ann, mar sin. Tá athbhreithniú á dhéanamh ar líon na dtoghcheantar do Westminster agus d’fhéadfadh ciallachais a bheith aige sin do thoghcheantair Stormont freisin agus laghdú eile, seans, ar líon na dTeachtaí Tionóil.

Roimhe sin tá athrú le déanamh taobh istigh de choicís ar chomhdhéanamh an Fheidhmeannais. Laghdófar lion na rann ó 12 go naoi gcinn. Cuirfear deireadh leis an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, an Roinn Fostaíochta agus Foghlama agus an Roinn Comhshaoil. Scaipfear a gcúraimí ar ranna nua; is í an roinn nua ar a dtabharfar Roinn na bPobal a bheidh ag déileáil leis an bhForas Teanga. Beidh an roinn nua sin freagrach chomh maith as cuid mhór de na gnóthaí pobail a bhí faoi stiúir oifig an chéad agus leaschéad-aire a mbeidh Oifig an Fheidhmeannais mar theideal air feasta.

Deir an bhunaíocht go mbeidh an córas nua níos éifeachtaí ná an seancheann. Ní bheadh sé sin deacair. Beidh le feiceáil. Beidh éifeacht ag an laghdú ar líon na n-aireachtaí ar ról na bpáirtithe. Faoi chóras d’Hondt a roinntear na haireachtaí agus má bhíonn páirtí faoi bhun deich suíochán ní bheidh sé i dteideal aireachta. Bheadh ciallachais aige sin do bhunú ‘freasúra oifigiúil’, mar faoin ‘Tús Nua’ is é a bheidh sa ‘fhreasúra oifigiúil’ ná páirtí ar bith a bheidh i dteideal aireachta ach nach nglacfaidh lena leithéid.

Tá na socruithe sin tábhachtach ar bhonn teicniúil i Stormont ach astu féin ní freagra iad ar an míshástacht agus díomá faoi mhífheidhmiúlacht an chórais dhíláraithe go dtí seo. Ba bheag cosúlacht a bhí ar fhorógraí ó na mórpháirtithe go raibh fonn orthu a mbealaí a leasú cé gur dhírigh forógraí ar cheisteanna eacnamaíochta agus sóisialta. Bhí i bhfad an iomarca den ‘seanpholaitíocht’ ag an DUP d’ainneoin gheallúint Arlene Foster nuair a ceapadh ina ceannaire í gur ‘polaitíocht nua’ a bheadh le tairiscint aicise. Ba é an seanphort céanna é – vótáil DUP nó beidh an lá le Sinn Féin.

Ag freagairt don iomaíocht ón UUP agus TUV atá an DUP, gan dabht, ach bhí sé suntasach nach raibh aon chaint acu faoin gceist bhunreachtúil. Tá aontachtaithe níos muiníní ná mar a bhí le fada go bhfuil an ceangal leis an Ríocht Aontaithe slán faoi láthair – d’fhág sin iad ag díriú ar oideachas agus sláinte le linn an fheachtais, sin dá bhféadfaí feachtas a ghlaoch air, bhí sé chomh leamh sin! Ní casadh mór é, ná baol air, ach bhí blas beag de ghnáthpholaitíocht ag baint leis.

Ba iad na mionpháirtithe a sholáthair splanc. Scanraigh Pobal Roimh Bhrabús an t-anam as Sinn Féin agus an SDLP in iarthar Bhéal Feirste agus i nDoire. Chuir leagan amach a n-iarrthóirí iallach ar na páirtithe sin aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna an phobail inniu seachas a bheith ag caint ar éachtaí na seanaimsire. Ba chosúil gur ar an taobh náisiúnach a bhí brú i dtreo na heite clé. Bhí brú as cuimse faoi phósadh comhghnéis agus ginmhilleadh. Ar an taobh aontachtach is ón eite dheis, nó an eite níos faide ar dheis a bhí an brú ag teacht, ón TUV agus UKIP, agus tacaíocht acusan chomh maith ón DUP dá ndiúltú do phósadh comhghnéis agus do ghinmhilleadh.

Nílim ag rá go bhfuil an pholaitíocht athraithe ó bhonn agus nach mbeifear ag filleadh ar imirt na gcártaí oráiste agus uaine arís. Ach tharla mionathrú. An leor sin chun daoine a mhealladh amach ag vótáil? Agus an leor é chun tathant ar theachtaí i Stormont a bheith níos gníomhaí?