Tiobraid Árann agus Baile Átha Cliath ag tabhairt aghaidh ar a chéile i gCraobh na gClubanna agus sa tSraith Iomána inniu

Caitheann Tuairisc.ie súil ar an gcluiche lena chuirfear tús le Roinn 1A den tsraith iomána, ar an gcluiche idir Naomh Éanna, Baile Baodáin agus Tráchtálaigh Chluain Meala, agus ar an gcluiche leathcheannais eile i gCraobh Peile na gClubanna

Imreoir Bhaile Baodáin, Michael Darragh Macauley. INPHO/Ryan Byrne
Imreoir Bhaile Baodáin, Michael Darragh Macauley. INPHO/Ryan Byrne

Naomh Éanna, Baile Baodáin v Tráchtálaigh Chluain Meala, Páirc Uí Mhórdha, 4.30i.n.

Mistéalaigh Chaisleán an Bharraigh v Raonaithe na Croise, Páirc Breffni, 6.15i.n.

Gach seans go mbeidh féasta peile ann an Satharn seo agus cluichí leathcheannais Chraobh Sinsear Peile na gClubanna á n-imirt i bPortlaoise agus i gCabhán. Ar dtús, i bPáirc Uí Mhórdha, casfaidh curaidh Laighean agus Mumhan ar a chéile nuair a thabharfaidh Naomh Éanna, Baile Baodáin aghaidh ar Thráchtálaigh Chluain Meala.

Murab ionann agus an cluiche leathcheannais eile, níl taithí ar bith ag ceachtar foireann sa choimhlint seo ar a bheith chomh fada seo ag imirt sa chraobh agus craobhacha an chontae buaite acu den chéaduair i 2015. Ní haon áibhéil a rá nach raibh súil ag éinne gurb iad seo na foirne a bheadh againn i gcluiche leathcheannais na hÉireann.

Measadh go raibh deis níos fearr ag ceithre nó cúig fhoireann ar a laghad Craobh Bhaile Átha Cliath a bhuachan anuraidh, ach tar éis do Naomh Éanna, Baile Baodáin an bua a fháil ar dhá cheann de na foirne sin, Crócaigh Chill Mochuda agus Naomh Uinsionn, níl aon amhras ach go raibh an corn tuillte acu. Tháinig fir Thiobraid Árann aniar aduaidh ar gach duine chomh maith agus ba iad an chéad fhoireann riamh ón gcontae sin a bhuaigh Craobh na Mumhan nuair a fuair siad an ceann ab fhearr ar Raonaithe Nemo a bhuíochas sin ar chúl a d’éirigh leo a fháil sa nóiméad deireanach den chluiche.

Dar ndóigh, is iad Michael Darragh Macauley (Baile Baodáin) agus Michael Quinlivan (Cluain Meala) na himreoirí is mó a dhéanfar scrúdú orthu i gcluiche na deireadh seachtaine seo, ach tá sárthaispeántas tugtha uathu sa chomórtas seo chomh maith ag leithéidí Shane Clayton agus Colm Basquel do Naomh Éanna agus Séamus Kennedy ó na Tráchtálaigh. Beidh na himreoirí sin chomh tábhachtach céanna.

Níos déanaí Dé Sathairn, ba chóir go mbeadh sárchoimhlint eile againn idir Mistéalaigh Chaisleán an Bharraigh agus Raonaithe na Croise. Is é seo an chéad uair ó 2013 go bhfuil an cluiche leathcheannais sroichte ag fir Ard Mhacha agus is fada an tréimhse í sin do chlub chomh rathúil sin. Breathnaíonn sé go bhfuil siad i mbarr a maitheasa arís, nó gar dó, agus iad faoi stiúir Oisín McConville.

Bhí an oiread muiníne ag McConville as a chuid imreoirí gur fhág sé Jamie Clarke ar an taobhlíne do chuid mhaith de na cluichí a bhí acu i gCúige Uladh, ach seans go mbeidh Clarke ar ais i measc na dtosaithe don chluiche seo.

Gach seans go mbeidh gá le Clarke mar ón méid atá feicthe againn go dtí seo bíonn fir Chaisleán an Bharraigh iad féin go maith chun ualach scór a fháil. Tá 13 cúl aimsithe acu le ceithre chluiche anuas agus ba iad na cúil sin a chinntigh an bua dóibh nuair a fuair siad an ceann ab fhearr i gcluiche ceannais Chonnacht ar sheaimpíní na hÉireann ón mbliain 2015, Cora Finne.

Is é Barry Moran réalta na foirne agus é ag imirt i lár na páirce agus má Raonaithe na Croise ag iarraidh Páirc an Chrócaigh a shroicheadh arís, beidh orthu Moran a cheansú.

Rogha Tuairisc.ie: Baile Baodáin agus Caisleán an Bharraigh

James Woodlock (Tiobraid Árann) agus Shane Durkin (Baile Átha Cliath) ag imirt sa chluiche sraithe i 2015. ©INPHO/Donall Farmer
James Woodlock (Tiobraid Árann) agus Shane Durkin (Baile Átha Cliath) ag imirt i gcluiche sraithe i 2015. ©INPHO/Donall Farmer

Tiobraid Árann v Baile Átha Cliath, Staid Semple, 7i.n.

an cluiche idir Baile Baodáin agus Cluain Meala an t-aon chluiche idir foireann ó Bhaile Átha Cliath agus foireann ó Thiobraid Árann a imreofar inniu agus foirne iomána na gcontaetha ag cur tús leis an tSraith Náisiúnta Iomána anocht i Staid Semple.

Fear amháin a bheidh ag coinneáil súil ghéar ar an gcluiche peile ná David ‘Dotsy’ O’Callaghan, a d’imir do Bhaile Baodáin i gcraobh an chontae ach atá ag díriú ó shin ar iománaithe Bhaile Átha Cliath.

Ní bheidh Conall Keaney ar fáil do Ger Cunningham, áfach, agus é ag imirt do Bhaile Baodáin amháin faoi láthair. Ní fios fós an bhfillfidh sé ar fhoireann an chontae ar chor ar bith nuair a bheidh deireadh déanta ag Baile Baodáin.

Pé rud mar gheall ar Keaney, is cinnte nach mbeidh Danny Sutcliffe ag imirt i 2016 agus is buille mór an méid sin do Cunningham agus do Bhaile Átha Cliath. Chuir siad tús maith leis an mbliain, mar sin féin, agus Corn Uí Bhreathnach buaite acu an tseachtain seo caite.

Beidh imreoirí in easnamh chomh maith ar Michael Ryan agus é i gceannas ar Thiobraid Árann den chéaduair. Agus gortú méire ag cur as do Seamus Callanan, beidh na Tiobradaigh dá uireasa ar feadh cúpla seachtain agus tá gortú ag cur as do Kieran Bergin agus Conor O’Brien chomh maith.

Mar a tharlaíonn sé, is fearr a d’éirigh le Baile Átha Cliath sna cluichí a imríodh idir na foirne seo le le cúpla bliain anuas. Níl caillte acu in aghaidh na dTiobradach ach aon chluiche amháin sa tsraith ó 2010 agus bhí bua mór acu sa chéad bhabhta anuraidh, leis an scór 2-20 in aghaidh 0-14.

Murab ionann agus Baile Átha Cliath, níor ghlac Tiobraid Árann páirt in aon réamhchomórtas i mbliana, rud a chiallaíonn nach bhfuil cluiche ceart imeartha acu ó chaill siad in aghaidh na Gaillimhe i gcluiche leathcheannais na hÉireann breis agus sé mhí ó shin. gur maith an rud é sos a thógáil ón imirt uaireanta, seans go bhfuil an iomarca ama caite ag Tiobraid Árann agus gan aon scrúdú ceart curtha orthu. Ní foláir nó go mbeidh níos mó de chuma na maitheasa ar Bhaile Átha Cliath.

Rogha Tuairisc.ie: Baile Átha Cliath


Dé Sathairn, 13 Feabhra

Cluichí Ceannais Sinsear Peile na gClubanna

Naomh Éanna, Baile Baodáin v Tráchtálaigh Chluain Meala, Páirc Uí Mhórdha, 4.30i.n.

Mistéalaigh Chaisleán an Bharraigh v Raonaithe na Croise, Páirc Breffni, 6.15i.n.

Sraith Iomána Roinn 1A

Tiobraid Árann v Baile Átha Cliath, Staid Semple, 7i.n.

Sraith Iomána Roinn 1B

Luimneach v Loch Garman, Páirc na nGael, 7i.n.


Dé Domhnaigh, 14 Feabhra

Sraith Iomána Roinn 1A

Gaillimh v Corcaigh, Páirc an Phiarsaigh, 2i.n.

Port Láirge v Cill Chainnigh, Páirc Uí Bhreathnach, 2i.n.

Sraith Iomána Roinn 1B

An Clár v Uíbh Fhaillí, Páirc Uí Chíosóg, 2i.n.

Laois v Ciarraí, Páirc Uí Mhórdha, 2i.n.

Sraith Iomána Roinn 2A

Doire v Aontroim, Páirc na gCeilt, 2i.n.

Cill Dara v Ceatharlach, Páirc Naomh Connlaodh, 2i.n.

Londain v An Iarmhí, Ruislip, 2i.n.

Sraith Iomána Roinn 2B

Ard Mhacha v An Dún, Páirc Lúthchleasaíochta, 2i.n.

Maigh Eo v Dún na nGall, Páirc na nGael, 2i.n.

Cill Mhantáin v An Mhí, Páirc an Phiarsaigh, 2i.n.

Sraith Iomána Roinn 3A

Fine Gall v Warwickshire, Ionaid Spóirt DCU, 2i.n.

An Lú v Ros Comáin, Dairbhre, 2i.n.

Muineachán v Tír Eoghain, Cluain Eois, 2i.n.

Fág freagra ar 'Tiobraid Árann agus Baile Átha Cliath ag tabhairt aghaidh ar a chéile i gCraobh na gClubanna agus sa tSraith Iomána inniu'