‘Thuill sé meas don bhfocal labhartha agus scríofa sa Ghaeilge’ ráiteas Uachtarán na hÉireann faoi bhás an scríbhneora Domhnall Mac Síthigh

Dúirt an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn go raibh cáil mhór ar an scríbhneoir agus fear farraige Domhnall Mac tSíthigh ‘as a chumas lucht éisteachta a spreagadh lena dhíograis do theanga agus do chultúr na Gaeilge

‘Thuill sé meas don bhfocal labhartha agus scríofa sa Ghaeilge’ ráiteas Uachtarán na hÉireann faoi bhás an scríbhneora Domhnall Mac Síthigh

Is “cúis mhór bhróin” é bás an scríbhneora Domhnall Mac Síthigh, a dúirt Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn inniu.

I ráiteas a thug sé mar gheall ar bhás an údair ó Chorca Dhuibhne dúirt an tUachtarán go raibh cáil mhór ar an scríbhneoir agus fear farraige “as a chumas lucht éisteachta a spreagadh lena dhíograis do theanga agus do chultúr na Gaeilge” agus mhol sé “an obair shuntasach” a dhein an Sítheach “chun meas a tharraingt ar an bhfocal labhartha agus scríofa sa Ghaeilge”.

Dúirt an tUachtarán go gcuimhneofaí ar an scríbhneoir agus saor bád chomh maith mar gheall ar na scéalta a bhain leis na turasanna farraige “as an ngnáth” ar thug sé fúthu agus an cumas a bhí ann “mionchuntas” a thabhairt ar na heachtraí a bhain leis na turasanna sin.

Dhein an tUachtarán agus a bhean Saidhbhín comhbhrón le muintir agus le cairde an údair agus file agus leo siúd go léir “a ndeachaigh a shaothar i gcion orthu”.

Tá Corca Dhuibhne faoi scamall bróin inniu ag an scéala go bhfuil an t-údar, file, fear seanchais agus fear farraige Domhnall Mac Síthigh, nó Danny an tSíthigh, tar éis bháis.

Bhásaigh Domhnall Mac Síthigh, ó Bhaile Eaglaise, Baile an Fheirtéaraigh, tráthnóna inné nuair a bhuail taom croí é i ndiaidh eachtra farraige a tharla amach ó chósta iarthuaisceart na Spáinne, mar ar iompaigh an naomhóg, an Naomh Gobnait, nó Naomhóg na Tinte, béal fúithi.

Tuairiscíodh ar Nuacht an Deiscirt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta gur bhain an ceathrar a bhí ar bord na naomhóige an cladach amach ach gur éirigh Domhnall Mac Síthigh tinn agus go bhfuair sé bás ina dhiaidh sin.

Tugadh an triúr eile a bhí sa naomhóg thraidisiúnta de dhéanamh Chorca Dhuibhne – an ceoltóir Breandán Ó Beaglaoich, Liam Ó Maonlaí, príomhamhránaí The Hothouse Flowers agus Pádraig Ó Duinnín – go dtí an ospidéal i ndiaidh na heachtra a tharla ag béal abhainn na Minho, an teorainn idir an Spáinn agus tuaisceart na Portaingéile, ach níor gortaíodh go dona iad san eachtra.

Bhí aithne mhór ar Dhomhnall Mac Síthigh mar dhuine de shárúdair Chorca Dhuibhne, mar shaor bád oilte agus mar shaineolaí ar stair, ar bhéaloideas, ar theanga agus ar chultúr a cheantair dhúchais.

I measc na saothar a tháinig óna a pheann bhí Fan Inti: Naomhóga ó Chorca Dhuibhne go Cábán tSíle, Allagar na gCloch/Stonechat, Súil Seilge agus na cnuasaigh filíochta Mil na Ceardlainne, Criathar agus Meala Mil ina Slaoda.

I leabhar eile leis, Iomramh Bhréanainn MMXI:ón nDaingean go hÍoslainn, dhein sé cur síos ar thuras farraige a dhein sé féin agus criú an Ar Seachrán agus lorg na seanmhanach á leanúint acu.

Ar an gclár Camino an tSáile, a craoladh ar TG4 le déanaí, tugadh cuntas ar an dtrí bhiaiste samhraidh as a chéile a thug Danny agus criú an Naomh Gobnait i mbun ‘Camino na Sáile’ ó Gheata San Séamus, cois Life, go Santiago de Compostella sa Spáinn.

Bhíodh Danny le cloisteáil go minic ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus é ag cur síos ar chúrsaí litríochta agus béaloidis, ar eachtraí an tsaoil agus ar na turasannna farraige iomadúla iomráiteacha a raibh baint aige leo.

Maireann a bhean Máire, a mbeirt iníon Orla agus Róisín, a mac Cormac agus a ghaolta eile.

Fág freagra ar '‘Thuill sé meas don bhfocal labhartha agus scríofa sa Ghaeilge’ ráiteas Uachtarán na hÉireann faoi bhás an scríbhneora Domhnall Mac Síthigh'

  • An Grádach

    Táimid croí-bhriste…