Téidís i dtigh an diabhail! Bíodh plean náisiúnta tógála againn!

Tá suirbhé eile foilsithe a léiríonn go bhfuil ag teip ar pholasaí tithíochta an rialtais, ach níl aon athrú i ndán dúinn nó go n-éileoimid é

Téidís i dtigh an diabhail! Bíodh plean náisiúnta tógála againn!

Tá tuarascáil eile fós ann a léiríonn go bhfuil teipthe agus ag teip gan stad ar pholasaí tithíochta an rialtais.

Sa tuarascáil a d’fhoilsigh an suíomh idirlín daft.ie, léirítear go bhfuil cíos níos airde ar an meán anois ná mar a bhí nuair a bhí an Tíogar Ceilteach in airde réime. Ó Mheitheamh 2016 go Meitheamh 2017, tháinig ardú beagnach 12% go náisiúnta ar an gcíos.

I mBaile Átha Cliath, cosnaíonn sé €3,000 níos mó in aghaidh na bliana áit chónaithe a fháil ar cíos anois i gcomparáid le bliain ó shin, agus €1,500 níos mó atá i gceist taobh amuigh den phríomhchathair. Ach is é an míniú a thugann eacnamaí Daft, Rónán Lyons, ar an scéal go bhfuil cúrsaí ag dul as smacht mar gheall ar easpa soláthair.  Tá gá mar sin, a deir sé, le polasaí rialtas a chuirfeadh níos mó tithe agus árasáin ar cíos ar fáil.

Ach cé a chuirfidh na tithe breise ar fáil? An earnáil phríobháideach arís.

Tá dhá ghné ag baint leis an bhfadhb seo, a deir Lyons.  Ar an gcéad dul síos, tá leisce ar thógálaithe tithe nó árasáin nua a thógáil toisc, dar leo, go bhfuil costais thógála ró-ard, agus toisc go mbíonn sé deacair iasachtaí a fháil le tithe a cheannach, go háirithe morgáistí.

Ag an am céanna, mar gheall ar na deacrachtaí a bhaineann le morgáiste a fháil, tá áit chónaithe ar cíos á lorg ag níos mó daoine agus cíos ag ardú dá réir.

Deir an rialtas go bhfuil sé mar thosaíocht acu béim a leagan ar thithíocht shóisialta a chur ar fáil ar phraghsanna réasúnta.

Ach tá gach gné de pholasaí an rialtais ag brath ar an earnáil phríobháideach.

I bhfianaise líon na ndaoine atá curtha amach as a gcuid tithe, líon na ndaoine – na mílte díobh – atá ar na liostaí feithimh ag na húdaráis áitiúla, agus líon na ndaoine atá brúite isteach sa mhargadh cíosa in aghaidh a dtola, is léir nach bhfuil ag éirí le polasaí an rialtais.

Ach fós féin níl aon athrú tagtha ar an bpolasaí.

Tá a fhios againn ón stair agus tá sé ráite go minic ag tráchtairí, staraithe, eacnamaithe agus socheolaithe gur éirigh linn géarchéim den saghas a shárú cheana nuair a thoiligh an stát na tithe sóisialta a bhí riachtanach a thógáil.  Ba iad scéimeanna na mbardas agus na gcomhairlí a chuir tithíocht ar fáil do mhuintir na tíre.

Agus toisc go raibh an tithíocht sin ar fáil, choinnigh an cur chuige sin srian ar phraghsanna an mhargaidh phríobháidigh freisin.

I láthair na huaire, in ainneoin na cainte faoi thithe sóisialta is scéimeanna tógála gasta, níl ag éirí le haon chomhairle i mBaile Átha Cliath, mar shampla, na spriocanna tógála a leagadh síos dóibh a bhaint amach.  Níl ach caoga tigh den chineál seo tógtha go fóill as an míle go leith atá in ainm is a bheith tógtha faoi dheireadh na bliana seo chugainn.

Ar ndóigh chaillfeadh lucht an mhargaidh phríobháidigh cuid dá mbrabús dá mbeadh ollphlean tithíochta sóisialta ann le freastal ar riachtanais an phobail.

Agus sin í an fhadhb. Má tá rogha le déanamh idir brabús lucht tógála agus cíosa a chosaint agus freastal ar riachtanais na ndaoine, tabharfaidh rialtas seo Fhine Gael, le lántacaíocht Fhianna Fáil,  tús áite i gcónaí don bhrabús seachas do na daoine.  Réiteach idé-eolaíoch gan dabht.

Tá páirtithe na heite clé ag gearán faoi seo, agus chloisfeá leithéidí Peter McVerry ag caitheamh anuas ar dhrochpholasaí an rialtais, ach níl aon athrú tagtha ar an bpolasaí.

Agus i bhfianaise na bpobalbhreitheanna, is cosúil nach bhfuil aon mhórthionchar go fóill ag an easpa gnímh seo ar chúrsaí polaitíochta.

Ní fadhb í ach an oiread a bhaineann le daoine ag bun an dréimire amháin.  B’éigean do na mílte dár muintir dul thar sáile ag lorg oibre agus gan iad in ann filleadh anois mar gheall ar a dheacra is atá sé morgáiste a fháil agus a airde is atá cíos.

Agus seo muid i bhfáinne fí. Tagann tuarascáil amach. Deir gach aon duine gur uafásach an scéal é. Ansin, aimsir thoghcháin, tugtar tacaíocht arís do na páirtithe atá freagrach an bpraiseach.

Cibé fiúntas a bhaineann le heacnamaíocht an mhargaidh, níl aon cheist faoina heaspa fiúntais maidir le cúrsaí tithíochta.

Más leor duit ‘go bhfóire Dia orainn’ a rá is gan tada a dhéanamh faoi, tá tú féin ciontach sa bhfeall agus sa bhfaillí.

Ach má tá tú dáiríre ag iarraidh an scéal léanmhar seo a athrú agus má ghlacann leis go bhfuil athrú polasaí riachtanach le sochaí cheart a bhunú, ní ceadmhach neamhshuim. Ní mór duit, sa chás sin, páirt a ghlacadh i ndíospóireacht faoi chúrsaí tithíochta bíodh sé i gceardchumann nó i gcumann áitritheoirí nó fiú i bpáirtí polaitíochta. Ní mór athrú a éileamh.

Is má dhiúltaíonn an tAontas Eorpach cead a thabhairt dúinn faoi rialacha an Chomhaontaithe Fhioscaigh an t-airgead a fháil le mórphlean náisiúnta tógála a chur ar bun, abradh muid leo dul i dtigh an diabhail.

Fág freagra ar 'Téidís i dtigh an diabhail! Bíodh plean náisiúnta tógála againn!'

  • Mánus

    Tá deis íontach le tapú; comharchumann tithíochta LánGhaeilge den mhúnla Lochlannaigh a bhunú i mbaile éigin sa tír. Theastódh grúpa fiontraithe diongbháilte le fís shoiléir.

  • Sean

    Ana-chuimhneamh a Mhanuis. Dala mar a rinneadh i gCloch Shiurdain, ait ina bhfuil coras maireachtala ata iomlan urraimeach don timpeallacht. Ta gealadh faoin bhfiontar sin anois biodh go raibh go leor deacrachtai ann ar dtus. Go leor Gaeilgeoiri ann freisin. Rud a leirionn go mbeadh eileamh ar a litheid.

  • Samuel

    ‘Comharchumann tithiochta lanGhaeilge’…ideal iontach.