Teidí Gaeltachta ar fáil ó Ghlór na nGael don Nollaig

Tá 29 abairt agus 2 rann Gaeilge ‘ar eolas’ ag Teidí, béirín a ‘labhraíonn’ Gaeilge, agus na trí mhórchanúint ar a thoil aige

Teidí Gaeltachta ar fáil ó Ghlór na nGael don Nollaig

Tá teidí nua, ar cainteoir dúchais Gaeltachta é, ar fáil anois ó Ghlór na nGael, agus an comhlacht ag súil go mbeidh tóir ar an mbéirín nua an Nollaig seo.

‘Teidí’ an t-ainm atá ar an mbréagán nua agus 29 abairt agus dhá rann Gaeilge ‘ar eolas’ aige. Tá glór an bhéirín ar fáil sna trí mhórchanúint; Gaeilge Uladh, Gaeilge Chonnacht agus Gaeilge na Mumhan. Is féidir an chanúint a roghnú trí chnaipe ar an gcallaire istigh ann a bhrú.

“Is páistí Gaeltachta a rinne an guthú do na trí chanúint. Tá beirt as Corca Dhuibhne, beirt as Conamara, agus beirt as Tír Chonaill le cloisteáil ann. Ar dhuine de na Conallaigh sin tá Húidí Mac Gairbheá a bhí go mór i mbéal an phobail i ndiaidh agallamh a rinne sé le Raidió na Gaeltachta cúpla bliain ó shin.

“Tá abairtí comónta sna trí chanúint ach dúirt na páistí na habairtí sin ar a slí féin. Tá an bhrí chéanna leis na habairtí ach tá leaganacha canúnacha ann,” a dúirt Feargal Ó Cuilinn, Bainisteoir Tionscadal le Glór na nGael.

Rinne Glór na nGael Teidí, le cúnamh ón ngrúpa Tuismitheoirí na Gaeltachta, a thugann tacaíocht do thuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge sa Ghaeltacht.

Dúirt Ó Cuilinn le Tuairisc.ie go bhfuil Teidí dírithe go príomha ar chainteoirí óga Gaeltachta agus go rabhthas ag iarraidh go mbeadh bréagán ann a mbeadh glór Gaeltachta le cloisteáil air.

Dúirt sé freisin, áfach, gur theastaigh ó Ghlór na nGael go mbeadh deis ag cainteoirí óga taobh amuigh den Ghaeltacht Gaeilge na Gaeltachta a chloisteáil ó aois an-óg.

“D’fhorbair muid Teidí chun cur leis an réimse leathan cluichí agus bréagán atá againn cheana féin, agus theastaigh uainn go bhféadfaí glórtha Gaeltachta a chloisteáil air. Tá sé dírithe ar chainteoirí sna ceantair Ghaeltachta, is dóigh, ach bainfidh cainteoirí eile taitneamh as freisin,” a dúirt sé.

Ní hé seo an chéad bhéirín a raibh Gaeilge aige. Tuairim is seacht mbliana ó shin, rinne Adrian Devane ó Mhaigh Cuilinn i gContae na Gaillimhe an bréagán ‘Bábóg Baby’ – béirín a bhfuil dathanna, uimhreacha, agus cruthanna i nGaeilge ‘ar eolas’ aige. Bhí sraith teilifíse ar TG4 bunaithe ar Bábóg Baby agus foilsíodh leabhar freisin a raibh an béirín mar phríomcharachtar ann.

Fáiltíodh roimh Bábóg Baby den chuid is mó ach bhíothas ann chomh maith a cháin foghraíocht an pháiste a thug glór don bhéirín.

Fág freagra ar 'Teidí Gaeltachta ar fáil ó Ghlór na nGael don Nollaig'

  • Orlagh Costelloe

    Cá bhfuil siad le fáil? :)

  • Marie