Teacht Brokenshire agus ‘vótáil ach ní anois’ faoi Éire Aontaithe á moladh

Táthar ag súil go mbeidh níos mó cumhachta ag an Státrúnaí ná mar a bhí ag a réamhtheachtaí agus aird níos mó ar an Tuaisceart agus ar an teorainn ná mar a bhí ó aimsir Blair

James Brokenshire3

Chuaigh James Brokenshire, Státrúnaí nua na Breataine do Thuaisceart Éireann i mbun oibre i mBéal Feirste ar an Luan. Is lú go mór an ról a bhí ag ionadaí rialtas na Breataine abhus ó athbhunaíodh an Feidhmeannas díláraithe i Stormont naoi mbliana ó shin ach tá Brokenshire ceaptha ina Státrúnaí ag tráth cinniúnach. Murab ionann agus a réamhtheachtaí, Theresa Villiers, a bhí leathscoite mar Státrúnaí agus í ag freagairt do Phríomh-Aire ar mhian leis lucht Stormont a choinneáil ó dhoras, beidh Brokenshire ag déileáil le gnéithe den phríomhcheist a bheidh le fuascailt ag an bPríomh-Aire nua, Theresa May.

I bhfianaise vóta na Ríochta Aontaithe ar son na Breatimeachta, tá aird ag Whitehall ar Thuaisceart Éireann agus ar an teorainn nach bhfacthas a leithéid ó aimsir Tony Blair. ’Sé an scéal céanna é i mBaile Átha Cliath mar ba léir ón spéis a léirigh an Taoiseach Enda Kenny agus ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin i reifreann faoin teorainn. Ar an Domhnach dúirt Martin ag Scoil Samhraidh MacGill gur mhó seans a bhí ann ar vótáil faoin teorainn i bhfianaise Brexit. Lá arna mhárach, dúirt an Taoiseach go gcaithfí an reifreann sin a chur san áireamh sa phlé faoi Bhreatimeacht. Ní vótáil inniu nó amárach a bhí á tuar acu; ‘lá éigin amach anseo’ a bhí i gceist ach ba chomhartha sóirt a gcuid cainte ar aird a bheith athmhúscailte i ngnóthaí an tuaiscirt agus na teorann.

Ar an gcéad amharc shílfeá go raibh siad ag easaontú go láidir leis an Státrúnaí Brokenshire. Mhaígh seisean nach raibh údar ar bith ann faoi láthair chun reifreann faoin teorainn a ghairm toisc nach raibh dóthain tacaíochta ann dá leithéid. Is ag an Státrúnaí atá an chumhacht sin faoi théarmaí Chomhaontú Aoine an Chéasta cé go gcaithfeadh an rialtas ó dheas reifreann a ghairm ansin freisin. Ach ós ‘vótáil ach ní go fóill’ a bhí faoi chaibidil ag ceannairí Fhianna Fáil agus Fhine Gael ní cúis easaontais é. Gan dabht shásaigh diúltú Brokenshire do reifreann an DUP; shásaigh sé chomh maith iad nuair a dúirt sé nár léir dó go raibh bealach ar bith go bhféadfadh Tuaisceart Éireann (nó Albain) fanacht san Aontas Eorpach.

Bhí teagmháil déanta ag Brokenshire le hairí i mBaile Átha Cliath sular tháinig sé go Béal Feirste, é ag leagan béime ar thábhacht an chaidrimh thrasteorann agus an gá le plean comhordaithe chun teorainn ‘chrua’ a sheachaint. Ba é an port céanna a bhí aige féin agus rialtas na hÉireann. Bhí práinn leis an margadh is fearr a fháil ón Aontas Eorpach chun saorchead taistil, trádáil agus iompar thuaidh theas a chaomhnú, a dúirt sé.

Theresa Villiers. Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland
Theresa Villiers. Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Ba mhór idir a chur chuige agus leagan amach Theresa Villiers. Bhí sé níos feiceálaí an chéad lá abhus ná mar a bheadh Villiers i gcaitheamh míosa. Bhí sé níos airdeallaí faoin deisceart ná mar a bhí sise riamh. Beidh le feiceáil an mar sin a bheidh amach anseo.

Tá dúil mhór ag aontachtaithe ann mar go bhfeictear dóibh gur chara i gcúirt Theresa May é. Tá idir aontachtaithe agus roinnt náisiúnach den bharúil gur cheapachán níos sinsearaí agus níos cumhachtaí é Brokenshire ná Villiers. Bhí sé ina chrann taca ag Theresa May sa Roinn Gnóthaí Baile más fíor – é ina aire sóisir freagrach as slándáil agus na púcaí sna seirbhísí rúnda – agus as polasaí inimirce. Measann aontachtaithe agus an nuachtán aontachtach, an Newsletter go seasfaidh Brokenshire agus May an fód d’fhórsaí an stáit i dtaca le ceisteanna oidhreachta.

Gheall Brokenshire go dtabharfadh sé aghaidh gan mhoill ar an tsáinn faoi oidhreacht na dTrioblóidí. Tá íobartaigh tinn tuirseach ag fanacht le tacaíocht. Teastaíonn deireadh le moilleadóireacht maidir le hionchoisní agus fiosruithe ó náisiúnaithe agus teastaíonn ó aontachtaithe a chinntiú go gcaithfidh poblachtánaithe freagairt as foréigean an IRA.

’Sé an sprioc idéalach ná iad sin ar fad a shásamh agus éacht a bheadh ann ag Brokenshire dá n-éireodh leis. Ó tharla go mbeidh cluas an Phríomh-Aire aige, táthar ag súil go mbeidh Brokenshire in ann dul chun cinn a dhéanamh ar an gceist sin ionas go mbeidh sé in ann díriú ar an mórfhadhb, Breatimeacht agus a ciallachais abhus.