Teacht aniar damanta na gConnachtach roimh thús Chorn na gCuradh

Chuir na Cúigí tástáil mhaith ar a chéile an deireadh seachtaine seo caite, rud a bhí ag teastáil roimh thús Chorn na gCuradh

Teacht aniar damanta na gConnachtach roimh thús Chorn na gCuradh

Imreoir Chonnacht, Bundee Aki. INPHO/Billy Stickland

Ba dheacair réiteach níos fearr do Bhabhta 1 de Chorn na gCuradh a fháil ná mar a fuair cúigí na tíre seo an deireadh seachtaine seo caite agus iad ag imirt in aghaidh a chéile.

Go deimhin seans nach raibh súil ag mórán leis an tsárchoimhlint a bhí ar an mBóthar Beag idir fir an bhaile, na Connachtaigh, an cúige is ísle ar thábla an Pro 12 agus na hUltaigh, an fhoireann atá ar a bharr.

Thug na Connachtaigh faoi na cuairteoirí ón gcéad nóiméad agus iad ag aimsiú an chéad cheann de cheithre úd agus gan ach dhá nóiméad caite. Seachas úd amháin, is beag freagra a bhí ag na hUltaigh sa gcéad leath. Mar sin féin, níor thóg sé ach sé nóiméad ag tús an dara leath ar Chúige Uladh dhá úd a aimsiú, rud a chinntigh go raibh na foirne ar comhscór agus iadsan ar ais sa rás. Mar sin féin, léirigh na Connachtaigh teacht aniar damanta agus d’fhág úd iontach eile iad chúig phointe chun cinn ag ochtó nóiméad den chluiche.  

Bhí sé seo ar cheann de na cluichí ab fhearr a imríodh riamh ar an mBóthar Beag.

Ach an leor sin mar réiteach don chéad chluiche riamh ag na Connachtaigh i gcomórtas sinsearach rugbaí an limistéir seo? Bhuel, cé go bhfuil buntáiste an bhaile acu, ní bheidh tada éasca ag baint le freasúra an tSathairn seo, Toulouse na Fraince, foireann a bhuaigh an comórtas seo ceithre bhabhta agus atá sa séú háit ar thábla an Top 14 faoi láthair. Beidh gá le himirt mar a rinne siad seachtain ó shin agus tuilleadh leis más faoi Chúige Chonnacht na Francaigh a smachtú.

An Satharn seo freisin a bheas Cúige Laighean ag cur fáilte roimh Castres na Fraince chuig an RDS. Seans gurb iad fir Átha Cliath an rogha don chluiche seo, ach tá paca ollmhór agus iad an-láidir ag Castres, cé nár éirigh leo ach trí chluiche as ocht gcluiche a bhuachtáil go dtí seo sa Top 14. Mar sin féin caithfidh fir Leo Cullen a bheith an-chúramach ar fad.

Is ar an Domhnach a bheas an dá chúige a chaill an deireadh seachtaine seo caite ag tabhairt faoi fhoirne eile ón bhFrainc. Ní hamháin sin ach is ag baile a bheas Cúige Uladh agus na Muimhnigh ag imirt na gcluichí sin. Is i gcoinne Bordeaux, foireann atá sa gcúigiú háit ar thábla an Top 14 faoi láthair, a bheas fir Bhéal Feirste. Is fiú a mheabhrú freisin gur le Bordeaux atá Ian Madigan, iar-imreoir Chúige Laighean agus na hÉireann ag imirt anois. Seans go mbeidh sé in ann cur chuige na nUltach a roinnt lena fhoireann nua.

Ar Pháras le tabhairt faoi Racing 92, foireann an iar-All Black, Dan Carter, a bheas triall na Muimhneach agus iadsan ag iarradh bua na Laighneach orthu san Aviva seachtain ó shin a chur as a gcloigeann. Ná dearmad gurb iad Racing 92 curaidh an chomórtais, gradam nach mbeidh siad sásta a ghéilleadh gan troid. Is cinnte go bhfuil dúshlán ollmhór roimh an arm dearg an Domhnach seo.

Fág freagra ar 'Teacht aniar damanta na gConnachtach roimh thús Chorn na gCuradh'