‘Tá sé mícheart mé a chur in iúl mar dhuine atá i gcoinne na Gaeilge’ – Foster

Don dara huair in imeacht cúpla lá, tá iarracht déanta ag Arlene Foster an ghoimh a bhaint as an gconspóid a d’eascair as an ráiteas inar chuir sí Sinn Féin agus a n-éileamh ar Acht Gaeilge i gcomparáid le crogaill nach bhféadfaí a shásamh

‘Tá sé mícheart mé a chur in iúl mar dhuine atá i gcoinne na Gaeilge’ – Foster

Tá dearcadh Arlene Foster i leith na Gaeilge i mbéal an phobail arís inniu i ndiaidh do cheannaire an DUP a rá go bhfuil sé “mícheart” a rá go bhfuil sí i gcoinne na Gaeilge.

Seo an dara huair in imeacht cúpla lá ag Foster iarracht a dhéanamh an ghoimh a bhaint as an gconspóid a d’eascair as an ráiteas a thug sí an tseachtain seo caite inar chuir sí Sinn Féin agus a n-éileamh ar Acht Gaeilge i gcomparáid le crogaill nach bhféadfaí a shásamh.

Ag labhairt di ag cruinniú le lucht gnó i mBéal Feirste ar maidin dúirt sí go raibh sé mícheart í a chur i láthair mar dhuine atá i gcoinne na Gaeilge.

“It is wrong to portray me in a way that I am anti-Irish language. That is not the case at all,” a dúirt sí.

In alt a scríobh Foster don Irish News ag an deireadh seachtaine, shéan ceannaire an DUP go raibh “doicheall” aici roimh náisiúnaithe agus poblachtánaigh agus dúirt sí gur “a mhalairt ar fad atá fíor”.

Dúirt sí nach bhfuil aon “naimhdeas” i gceist lena dearcadh i leith na Gaeilge agus go bhfuil sí i gcoinne Acht Teanga don Tuaisceart mar gheall ar an gcostas a bhainfeadh leis.

Thagair sí arís inniu don chostas a bhainfeadh leis an Acht, dar léi, agus dúirt sí gurb é an costas sin an chúis ba mhó a bhí aici le cur ina choinne. Dúirt sí go raibh “láncheart” ag daoine iad féin a chur in iúl “trína ngrá don Ghaeilge nó do chultúr na hÉireann”.

Dúirt sí go raibh deacracht aici leis an éileamh ar Acht Teanga mar gheall ar an gcostas a bhainfeadh leis, mar gheall go bhfágfadh a leithéid comhstádas ag an nGaeilge leis an mBéarla sa státseirbhís, mar gheall go gcuirfeadh an tAcht gníomhaíocht dhearfach i bhfeidhm i gcás Gaeilgeoirí, agus toisc gur choir a bheadh ann faoin acht gan treoracha a leanúint.

Chuir Foster olc ar mhórán an tseachtain seo caite nuair a dúirt sí nach dtacóidh sí le hAcht Gaeilge a thabhairt isteach mar choinníoll le hathbhunú fheidhmeannas Stormont i ndiaidh an toghcháin.

Ag tagairt di do cheist an Achta Teanga, dúirt an t-iarChéad-Aire, “Má thugann tú bia do chrogaill, fillfidh siad arís agus arís eile ag iarraidh a thuilleadh”.

I ráiteas uaithi a chuir leis an aighneas ba chúis le titim Stormont, dúirt Arlene Foster nach ionann a cur chuige féin agus géilleadh do Shinn Féin ar mhaithe leis an bpáirtí sin a chur ar a suaimhneas.

Dé Luain seo caite, agus feachtas toghchánaíochta an DUP á sheoladh aici ar An Lorgain, dúirt Foster le teann magaidh go mb’fhéidir gur chóir Acht Polainnise a thabhairt isteach chomh maith le hAcht Gaeilge “óir tá níos mó cainteoirí Polainnise i dTuaisceart Éireann ná mar atá cainteoirí Gaeilge”.

Meastar go bhfuil iarracht ar bun anois ag ceannaire an DUP an chealg a bhaint as an gconspóid a chothaigh a ráiteas.

Fág freagra ar '‘Tá sé mícheart mé a chur in iúl mar dhuine atá i gcoinne na Gaeilge’ – Foster'

  • Seán Mag Leannáin

    “Dúirt sí go raibh deacracht aici leis an éileamh ar Acht Teanga mar gheall ar an gcostas a bhainfeadh leis, mar gheall go bhfágfadh a leithéid comhstádas ag an nGaeilge leis an mBéarla sa státseirbhís, mar gheall go gcuirfeadh an tAcht gníomhaíocht dhearfach i bhfeidhm i gcás Gaeilgeoirí, agus toisc gur choir a bheadh ann faoin acht gan treoracha a leanúint.” I bhfianaise chur i bhfeidhm an Achta Teanga ó dheas ní gá di bheith buartha, tig léi codladh go sámh. Ní tharla, agus ní dócha go dtarlóidh go deo, aon cheann de na nithe a luaigh sí. Agus mar dhuine a chaith níos mó ná 30 bliain sa státseirbhís ó dheas is féidir liom a dhearbhú di, ní hamháin nach raibh gníomhaíocht dhearfach ar son na nGaeilgeoirí curtha i bhfeidhm de bharr an Achta ach a mhalairt ar fad, cuireadh gníomhaíocht dhiúltach i bhfeidhm lena chinntiú nach mbeadh san Acht ach trumpa gan teanga.

  • Seán Mag Leannáin

    Ach é sin ráite, ní chreidim go gcreideann Foster féin aon cheann de na tuairimí a nocht sí – is cur i gcéill an chaint sin ar fad agus í ag iarraidh dallamullóg a chur orainn. Níl sa chaint bhréagach seo ach an sean-phort arís … nílim i gcoinne na Gaeilge mar chaitheamh aimsire soineanta i measc diograiseoirí ach ná tabhair aon aitheantas nó stádas oifigiúil di nó fiú an t-aitheantas siombalach a thugtar di sa Phoblacht.