Tá dul amú ar Aire na Gaeltachta a cheapadh go raibh a céad chruinniú oifigiúil aici le Conradh na Gaeilge

Tá a gcéad chruinniú leis an Aire Heather Humphreys fós á lorg ag Conradh na Gaeilge in ainneoin gur maíodh sa Dáil go raibh a leithéid cheana acu

Tá dul amú ar Aire na Gaeltachta a cheapadh go raibh a céad chruinniú oifigiúil aici le Conradh na Gaeilge

Is cosúil go bhfuil tuiscint éagsúil ag Conradh na Gaeilge agus Aire na Gaeltachta Heather Humphreys ar céard is ‘cruinniú’ ann.

Mhaígh Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne sa Dáil an tseachtain seo go raibh cruinniú aige féin agus an tAire Humphreys le Conradh na Gaeilge Dé Céadaoin seo caite, ach deir an Conradh féin nach “cruinniú oifigiúil” a bhí ann faoi mar atá á éileamh acu le fada.

Tá conspóid le tamall ann faoin scéal nach bhfuil ag éirí le heagraíochtaí Gaeilge cruinniú a shocrú leis an Aire Humphreys, agus chuir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Peadar Tóibín, ceist sa Dáil faoin gcúis “nach bhfuil an tAire sásta bualadh le heagraíochtaí Gaeilge”.

Mar fhreagra air sin, dúirt an tAire Stáit Kyne go raibh cruinniú aige féin agus Humphreys leis an gConradh an tseachtain seo caite.

Deir Conradh na Gaeilge, áfach, go bhfuil siad fós ag iarraidh ar an Aire Humphreys casadh leo le haghaidh cruinniú oifigiúil den chéad uair. Deir an Conradh gur plé neamhfhoirmeálta “teoranta” a bhí acu leis an Aire Humphreys an tseachtain seo caite ag Lá Stocaireachta do Theachtaí Dála in Óstán Buswells i mBaile Átha Cliath.

Chas an tAire Humphreys le hionadaithe an Chonartha ag an ócáid stocaireachta réamhbhuiséid a reáchtáladh chun plean infheistíochta a phlé le Teachtaí Dála agus Seanadóirí.

“Bhuaileamar léi ag an Lá Stocaireachta, fuair an tAire an cuireadh céanna a fuair gach Teachta Dála agus Seanadóir eile agus tháinig sí trasna an bhóthair ó Thithe an Oireachtais le bualadh linn. Luamar sa chuireadh a thugamar di go raibh daoine óna Dáilcheantar féin i láthair agus go raibh siad ag iarraidh labhairt léi faoi chúrsaí Gaeilge i Muineachán.

“Ní cruinniú oifigiúil a bhí ann, ba chruinniú thar a bheith teoranta é inar pléadh clár thar a bheith teoranta. Phléamar an Cháinaisnéis agus an polasaí oideachais Gaeltachta. Bhí sí ann ar feadh thart ar 15 nóiméad ar fad agus d’fhan an tAire Stáit Kyne níos faide,” a dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha le Tuairisc.ie.

Dúirt sé go raibh an Conradh “fós ag súil le cruinniú oifigiúil” leis an Aire Sinsearach sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.

Tá sé curtha i leith an Aire Humphreys nach mbíonn sí sásta bualadh le heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta. Thug sí a céad chuairt oifigiúil mar Aire ar cheantar Gaeltachta i mí Iúil na bliana seo, níos mó ná dhá bhliain ó ceapadh ina hAire í.

Thug an tAire Humphreys cuairt an lá sin ar Roinn na Gaeltachta sna Forbacha agus ar Údarás na Gaeltachta atá taobh le hoifigí a Roinne féin.

Tá ráite ag an Aire Heather Humphreys féin, nach í an té is oiriúnaí chun “plé le hachainí Gaeltachta” toisc go bhfuil an tAire Stáit Seán Kyne “freagrach as na cúrsaí laethúla iomlána a bhaineann leis an nGaeltacht”.

Tugadh an méid sin le fios i ráiteas a d’eisigh Roinn na Gaeltachta an mhí seo caite faoi líomhaintí nár ghlac an tAire Humphreys le haon chuireadh  bualadh le haon eagraíocht Ghaeilge ó leagadh cúram na Gaeltachta uirthi mar Aire Sinsearach den chéad uair i mí Iúil na bliana 2014.

Sa ráiteas a d’eisigh an Roinn mar fhreagra ar cheist faoi líon na gcruinnithe a bhí ag an Aire le grúpaí Gaeilge ó 2014, dúirt sí go mbuaileann sí lena leithéid de ghrúpaí “ó am go chéile” in éineacht leis an Aire Kyne.

Ní raibh tagairt sa ráiteas d’aon chruinniú dá leithéid le heagraíocht Ghaeilge ar bith seachas an cruinniú sin le hÚdarás na Gaeltachta i mí Iúil na bliana seo.

Dúradh i ráiteas na Roinne an mhí seo caite go bhfuil an tAire Humphreys ina “ball gníomhach” de Choiste Comh-Aireachta Gaeilge an Rialtais.

Dhiúltaigh Roinn na Gaeltachta d’iarratas a rinne Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ar eolas faoi iarratais ar chruinnithe leis an Aire Humphreys ó eagraíochtaí Gaeilge.