‘Tá damba ollmhór an fhuatha briste ag Donald Trump’

AGALLAMH: Labhair Tuairisc.ie le Amy Goodman, údar, iriseoir agus láithreoir an chláir mhór-ráchairte Democracy Now! faoi chás Charlottesville agus staid Stáit Aontaithe Mheiriceá

‘Tá damba ollmhór an fhuatha briste ag Donald Trump’

Labhair Amy Goodman ón gclár radacach raidió Democracy Now! i gColáiste Mhuire i mBéal Feirste ag an deireadh seachtaine faoin dóigh ar bunaíodh stáisiúin neamhspleácha raidió faoin lipéad Pacifica i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, stáisiúin nach raibh faoi smacht ag corparáidí móra ach a d’inis scéalta na ndaoine nach raibh guth acu áit ar bith eile.

Ceann acu sin, KPFT in Houston, Texas, bhuamáil an Ku Klux Klan é i mí Bealtaine 1970, nuair a leagadh geilignít leis an tarchuradóir a phléascadh.

I ndiaidh chúig mhí agus é ar ais ar an aer, bhuamáil an KKK an tarchuradóir arís agus a dheich n-oiread geiligníte in úsáid acu.

Le linn na hócáide sa choláiste ag an deireadh seachtaine, nuair nach raibh sí ag caint, bhí Amy ag amharc ar a guthán póca áit a raibh Democracy Now! ag cur scéalta chuici faoi léirsiú lucht an fhorchiníochais ghil i Charlottesville, Virginia.

Bhí sí in ann a insint dúinn gur mharaigh James Alex Fields Heather Heyer nuair a rinne sé ionsaí gluaisteáin ar an slua a tháinig amach le seasamh i gcoinne an KKK.

Ba thráthúil an léiriú é ar an nasc idir an chumhacht atá ag leithéidí an Klan agus an gá atá le foinsí nuachta neamhspleácha.

“Dúirt Grand Wizard an Klan a bhí freagrach as buamáil KPFT gurbh é an gníomh ba bhródúla dá ndearna sé riamh é,” arsa Amy Goodman.

“Léiríonn sé sin a chontúirtí is a shíl siad Pacifica a bheith agus a thábhachtaí is atá meáin neamhspleácha.

“Tá siad contúirteach cionn is go dtugann siad deis do dhaoine labhairt ar a son féin agus nuair a chluin tú duine ag caint ar a thaithí féin, páiste as an Phalaistín nó máthair mhór as an Iosrael, seanóir den treibh Sioux Standing Rock, uncail nó aintín in Afganastáin, leagtar constaicí agus bristear steiréitíopaí agus na caracatúir de ghrúpaí eitneacha,” ar sí.

Dúirt Goodman an rud céanna liom agus mé ag caint léi ar an ghuthán an tseachtain seo caite faoina fealsúnacht féin.

“D’fhéadfadh na meáin a bheith ar na fórsaí is láidre ar son na saoirse atá againn,” ar sí.

“Bhí mo thuismitheoirí ina ngníomhaithe ar son na síochána – bhunaigh m’athair Physicians for Social Responsibility, theagasc mo mháthair stair na mban i gcoláistí áitiúla, agus riamh anall, bhí mé den bharúil gurbh fhéidir theacht ar réitigh dá mbeadh an seans ag daoine bualadh lena chéile agus labhairt faoi na fadhbanna atá acu ar mhaithe lena bhfuascailt.

“Níl mé ag rá go n-aontódh gach duine lena chéile – an aontaíonn tú i gcónaí leis na daoine i do theaghlach féin? – ach tuigfidh tú níos fearr iad agus cuireann an tuigbheáil sin tús leis an tsíocháin. Is é atá againn anois ná ‘saineolaithe’ a bhfuil a laghad sin eolais faoin oiread sin rudaí acu go mbíonn an míniú ar an domhan a thugann siad dúinn go hiomlán contráilte,” arsa Amy.

Sin an raison d’être atá ag Democracy Now. Guth a thabhairt don ghnáthmhuintir, bíodh sin ina ghrúpa ban san India nó bundúchasaigh Mheiriceá, daoine atá faoi bhrú ag ollchumhacht an stáit.

Bunaíodh Democracy Now! mar chlár raidió i 1996 ach rinneadh eagraíocht neamhspleách neamhbhrabúis de in 2002. Faigheann sé maoiniú óna lucht éisteachta a chuireann cibé atá acu –$5, $10 – ar fáil agus ó fhondúireachtaí.

Inniu, tá sé sindeacáitithe ag 1,400 stáisiún raidió agus teilifíse ar fud an domhain.

Is dócha gur mó an gá atá le Democracy Now ná riamh agus Donald J Trump agus a leasUachtarán, Mike Pence, sa Teach Bán.

Creideann Goodman go mbainfeadh Trump an tUachtaránacht arís dá seasfadh sé inniu agus, má leantar ar aghaidh leis an tsáraíocht idir SAM agus an Chóiré Thuaidh, nárbh fhada go mbeadh na meáin uilig taobh thiar de, iad ag bualadh na ndrumaí ar son na cogaíochta.

“Ar feadh sé seachtaine roimh an ionradh ar an Iaráic, bhí an leathchuid de Mheiriceánaigh i bhfách leis agus an leathchuid eile ina éadan: as an 393 agallamh a cuireadh ar dhaoine ar na cainéil mhóra teilifíse, cuireadh agallamh ar thriúr a bhí in éadan dul isteach. Triúr as beagnach 400. Ní hin na meáin phríomhshrutha, sin na meáin antoisceacha ag gríosú daoine chun na cogaíochta,” ar sí.

Deirim léi go bhfuil Trump agus Pence, ar a laghad, sofheicthe. Cad é mar is féidir troid in éadan na bhfórsaí ollchumhachtacha eile atá ar obair i Meiriceá atá níos tábhachtaí arís, na deartháireacha Koch, muintir Rothschild agus na billiúnaithe eile den eite dheis atá ag maoiniú lucht soláthair nuachta ar fud Mheiriceá lena smaointe agus lena leas féin a chur chun cinn?

“Tá an ceart agat, tá an chumhacht atá acu sin ollmhór, ach tá fórsa atá níos tábhachtaí arís agus sin daoine ag teacht le chéile. Cé go bhfuil an feachtas Occupy imithe i léig, tuigeann gach duine an chiall atá leis an 99% in éadan an 1%, agus nuair a athraíonn tú an béarlagair, athraíonn tú an domhan.

“Caitheann muid a thuigbheáil nach mionlach imeallach iad na daoine seo agus nach móramh tostach iad. Is móramh iad na daoine seo atá curtha ina dtost ag na mórmheáin chumarsáide – daoine atá buartha faoi chúrsaí cogaíochta, faoin éagothromaíocht atá ag fás ar fud na cruinne,  éagothromaíocht maidir le heacnamaíocht, le hinscne agus le cine, daoine atá buartha faoin athrú aeráide.”

Trí bhomaite dhéag sular thuairteáil an chéad eitleán isteach i dTúr Thuaidh an World Trade Centre ar an 9 Samhain 2001, bhí Amy ag déanamh réidh le dul ar an aer leis an chlár raidió Democracy Now le 9/11 a phlé.

An amhlaidh go raibh réamheolas acu? Ní raibh. 9/11 eile a bhí beartaithe mar ábhar cainte do chlár an lae sin.

An 11 Meán Fómhair 1973 nuair a mharaigh fórsaí an Ghinearáil Pinochet Uachtarán na Sile, Salvador Allende sa phálás i Santiago.

Ar an 11 Meán Fómhair 1971, bhí léirsiú ar siúl i bpríosún Attica i Stát Nua-Eabhrac inar maraíodh na céadta cime agus inar gortaíodh na céadta eile.

Ar an 11 Meán Fómhair 1977, buaileadh chun báis Steve Biko san Afraic Theas.

Maidir le 9/11 Mheiriceá, dúirt Amy, “na daoine nach ndearnadh cuntas orthu agus iad beo, ní dhéanfar cuntas orthu agus iad marbh”.

Maidir le Meiriceá an lae inniu, tá feachtas leanúnach ag dul ar aghaidh i ndeisceart SAM, ina bhfuil daoine ag iarraidh comharthaí an chiníochais a cheilt.

“Tá muid i ndiaidh agallamh a chur ar Wes Bellamy, an t-aon fhear dubh ar Chomhairle Cathrach Charlottesville agus an té atá ina leas-Mhéara faoi láthair.

“Tá Wes taobh thiar den fheachtas an dealbh de Robert E Lee a bhaint anuas.

‘Caithfidh muid stopadh de bheith ag tabhairt ómóis do lucht an fhorchiníochais ghil seo agus bratach na Cónaidhme a bhaint anuas áit ar bith a bhfuil sé,’ a deir Lee.

“Phléasc an KKK stáisiún dár gcuid san aer na blianta ó shin agus cé a shamhlódh go mbeadh muid ag caint orthu inniu? Tá damba ollmhór an fhuatha briste ag Donald Trump,” ar sí.

Ach ar an dea-uair, dar le Goodman, tá daoine ag teacht amach ar na sráideanna ar bhealach nár tharla cheana.

An lá i ndiaidh insealbhú an Uachtaráin Trump, eagraíodh Mórshiúl na mBan, ócáid a bhí i bhfad ní ba mhó ná an t-insealbhú féin agus bhí an mórshiúl i Los Angeles níos mó fós.

Is léir go bhfuil Trump faoi léigear – ag an Arm nár thaitin a chinneadh faoi chosc a chur ar shaighdiúirí tras-inscne leo, ag lucht na bhfiosrúchán maidir lena chaidreamh leis an Rúis agus ag na Gasóga féin nár thaitin óráid dá chuid lena gceannairí. Sin an fáth, shílfeá, go bhfuil béim á leagan anois aige ar an gCóiré Thuaidh agus é ag iarraidh teacht ar cheist a tharraingeoidh aird na ndaoine óna fhadhbanna sa bhaile.

Ar an drochuair, nuair atá Meiriceá i mbun cogaíochta, bíonn na meáin mar sciath chosanta ag an Uachtarán agus tuigeann Trump sin, dar le Goodman.

“Tá speictream iontach cúng ó thaobh na smaointeoireachta sna meáin idir iadsan atá ag iarraidh go dtitfeadh buamaí ar an Chóiré agus iadsan ar mhaith leo trúpaí a fheiceáil ar an talamh,” ar sí.

Ar ndóigh, tá gné eile den scéal atá ceangailte leis an chogaíocht agus sin breosla iontaise.

“Deir Trump go raibh sé in éadan an chogaidh san Iaráic ach tá ráite aige ‘ó tharla ann muid, cad chuige nár ghlac muid seilbh ar an ola uilig?’

Tá cuid mhór mianraí san Afganastáin, an gcuirfidh sé an smaointeoireacht chéanna i bhfeidhm maidir le mianraí na hAfganastáine? Beidh le feiceáil.

“Tá cuid de chomhairleoirí Trump ag iarraidh air an chogaíocht a ‘phríobháidiú’. ‘Cad chuige go gcuirfeadh muid saighdiúirí Meiriceánacha i mbaol nuair is féidir linn saighdiúir tuarastail a earcú?’ a fhiafraíonn comhairleoir Trump, Erik Prince – fear a bhfuil comhlacht saighdiúirí tuarastail aige.”

Deir Goodman go bhfuil grúpaí cumhachtacha ag iarraidh fáil réidh de ‘45’ – is é an 45ú Uachtarán é –  ach measann sí go mbeadh Mike Pence, a dúirt nach raibh tuilleadh cúram sláinte a bhí de dhíth ar dhaoine ach tuilleadh de chabhair Íosa, lán chomh holc.

“Níl Pence chomh néaróiseach le Donald Trump ach is bunchreidmheach idé-eolaíoch Críostaí é Pence atá ag saothrú leis sa chúlra. Agus é mar ghobharnóir ar Indiana, thug sé dlíthe thar a bheith aischéimnitheach isteach,” ar sí.

Ach ní scéal duairc amháin atá ag Goodman agus tá an dóchas folaithe i ngach a bhfuil le rá aici. Tá an pobal ag troid ar ais, dar léi, agus dúisithe ag réimeas Trump. Dá olcas an chuma atá ar chúrsaí, tá ábhar dóchais i gcónaí ann.

Bean í Goodman a chonaic í féin sléacht sa Tíomór Thoir, coimhlint sa Nigéir, léirsitheoirí bundúchasacha a mbualadh in Dakota Thuaidh agus teacht aniar an Ku Klux Klan. Má tá sise dóchasach agus meáite i gcónaí ar an saol a dhéanamh níos fearr, cad chuige nár cheart dúinne bheith amhlaidh? 

Fág freagra ar '‘Tá damba ollmhór an fhuatha briste ag Donald Trump’'