Tá ceist á cur faoin bhFiontar Eorpach fiú in Éirinn féin anois…

B’fhéidir gurbh fhearr dúinn a bheith inár mbaill chomhlacha den Aontas Eorpach agus socrú trádála a dhaingniú leis an mBreatain seachas a bheith i gcónaí ag sodar i ndiaidh daoine ar cuma leo ann nó as muid

Tá ceist á cur faoin bhFiontar Eorpach fiú in Éirinn féin anois…

Agus Aontas na hEorpa ar bhruach thubaiste a d’fhéadfadh tús a chur le roiseadh an Fhiontair Eorpaigh ar fad, tá an chéad scoilteadh i bhfronta aontaithe bhunaíocht na hÉireann i dtaobh an Aontais le tabhairt faoi deara. Alt le Michael McDowell atá i gceist ina chuireann sé an cheist neamhcheadaithe sin: an cóir dúinne imeacht ón Aontas?

Tá a fhios agam gur duine as an ngnáth é McDowell, agus ar ndóigh ní théann sé rófhada lena argóint atá fréamhaithe i dtoghadh Trump i Meiriceá.

Ach amhail an madra a shiúlann ar dhá chois, ní hé a rinne sé a bhí chomh hiontach sin ach go ndearna sé a leithéid ar chor ar bith.

Mar i súile bhunaíocht an stáit – na polaiteoirí móra, na meáin, na ‘saineolaithe’ – is peaca marfach é ceist ar bith a chur faoi bhallraíocht na tíre seo san Aontas. Go deimhin is peaca marfach é gan dílseacht ghlan iomlán don Aontas a léiriú.

Féach an chaoi ar díbríodh Éamon Ó Cuív as a phost mar leascheannaire ar Fhianna Fáil nuair a chaith sé amhras ar an gConradh um Chomhaontú Fioscach.  Sampla eile ab ea an ciúnas naimhdeach roimh ráiteas Dhara Calleary nár chóir glacadh le chuile rud ón Aontas gan cheist.

Mar gheall ar an gComhaontú Fioscach sin, ní ceadmhach don Stát féin tithe a thógáil (mar a tógadh sna daichidí agus ina ndiaidh), nó ní ceadmhach roinnt forbairtí infreastruchtúir eile a dhéanamh.  Ach ní phléitear a leithéid sna meáin.

Cinnte, nuair a cháintear an tAontas agus an Fiontar Eorpach, deirtear go minic nach bhfuil chuile rud ceart leis, ach ní luaitear riamh na rudaí faoi leith nach bhfuil ceart.  Is ní mhínítear conas an scéal a leigheas nó a athrú.

Ar ndóigh, roimhe seo, bhíothas in ann an tacaíocht mhór airgid a fuair muid ón Aontas a lua mar chosaint, ach le blianta beaga anuas táimid ag cur níos mó isteach ná mar a fhaighimid amach.  Caithfidh go bhfuil argóint eile ag lucht molta an Aontais, ach má tá ní chloistear í.

Léiríonn aimhréidh an rialtais i dtaobh na Breatimeachta an easpa smaointeoireachta a dhéantar nó a cheadaítear a dhéanamh faoin Eoraip. Cé go bhfuil socrú réasúnta leis an mBreatain tábhachtach dúinne, níl an rialtas sásta a rá glan amach leis an gcuid eile den Aontas go gcaithfidh siad freastal ar ár gcuid riachtanas.

Ach is é an rud is seafóidí ar fad faoin easpa mhisnigh seo nó go bhfuil an tAontas féin in aimhréidh chomh maith.

Táthar ann, sa Fhrainc agus sa Choimisiún, ar mhaith leo pionós a ghearradh ar Shasana mar gheall ar Bhreatimeacht, agus tá Aire Airgeadais na Gearmáine, Wolfgang Schaueble, anois ar an bport céanna.

Ach táthar ann ar an taobh eile atá buartha faoin dochar a dhéanfaí dá gcuid brabúis dá mbeadh scoilt rómhór ann, ina measc, Angela Merkel na Gearmáine agus lucht gnó na hEorpa.

Tá daoine eile, sa ghrúpa Visegrad mar shampla, ar mhaith leo an deis a thapú le cumhachtaí breise a thabhairt do na ballstáit, ach iad chomh diongbháilte le dream ar bith eile maidir le saorthaisteal a choinneáil, fiú má chuireann deacrachtaí trádála leis an mBreatain isteach orthu.

Ach toisc nach bhfuil muidne sásta ár nglór a ardú ar chor ar bith agus toisc nach bhfuil muid sásta tús a chur láithreach lenár gcuid idirbheartaíochta féin leis an mBreatain, ní thabharfar aon aird orainn ag leibhéil na cumhachta san Eoraip.

Is ní bhíonn lucht ceannais na tíre fiú ag smaoineamh ar an scéal go bhféadfadh deireadh teacht leis an euro nó go bhfuil an tAontas ag titim as a chéile. Caol-léargas scáfar ata ró-scanrúil dóibh.

Ach má theipeann ar an reifreann san Iodáil faoi athrú sa chóras riaracháin ansin, agus seans maith go dteipfidh, agus má éiríonn le Marine Le Pen an lámh in uachtair a fháil sa Fhrainc, agus tá seans réasúnta go n-éireoidh, tiocfaidh deireadh leis an euro láithreach agus beidh ceist mhór ann faoi thodhchaí an Aontais.

Agus fiú má éiríonn le lucht ceannais na hEorpa teacht slán ó na dúshláin atá rompu anois, tá an-amhras ann faoina bhfuil i ndán don Aontas.

Is cinnte go mbeidh athchóiriú le déanamh ar an Aontas luath nó mall.

Caithfidh muid plean B a bheith againn sa chás go dtarlódh sé sin.  Agus b’fhéidir gurbh fhearr dúinn a bheith inár mbaill chomhlacha den Aontas agus socrú trádála a dhaingniú leis an mBreatain in ionad a bheith i gcónaí ag sodar i ndiaidh daoine ar cuma leo ann nó as muid.