Tá an móramh ciúin chomh contúirteach céanna le Trump, Le Pen agus Wilders

Bhain eachtra dár gcolúnaí le gairid a chuir ar a shúile dó go bhfuil an móramh ciúin chomh contúirteach céanna le Donald Trump, Marine Le Pen, Geert Wilders agus le gríosaitheoirí pobail nach iad

Tá an móramh ciúin chomh contúirteach céanna le Trump, Le Pen agus Wilders

Is minic an dream a bhí beo sna 1930í ar m’aigne le deireanas. Dream iad seo (agus na daoine a bhí ina bpáistí agus ina ndéagóirí ag an am fágtha as an áireamh) nach raibh mórán measa agam orthu riamh. Ba iadsan an dream nár chuir bac ar an bhfaisisteachas nuair a tháinig sé chun cinn ina measc; ba iadsan a dúirt Wir haben es nicht gewusst nuair a bhí an anachain déanta. Ní hiad muintir na Gearmáine agus na dtíortha a thacaigh leis an tír sin sa Dara Cogadh Domhanda amháin atá i gceist agam; tá an drochmheas céanna agam ar an dream a bhí beo sna 1930í i dtíortha a ndearnadh ionradh orthu agus nár chuir bac ar an olc, agus go deimhin orthu siúd a bhí beo i dtíortha a d’fhan neodrach sa chogadh.

Ar ndóigh, is éasca domsa a bheith ag caint. Is furasta a bheith críonna nuair a bhítear ag breathnú siar ar an stair.

Ach sin é go díreach an fáth go bhfuil oiread imní orm faoina bhfuil ag tarlú inár measc i láthair na huaire. Amach anseo, an dtabharfar an breithiúnas céanna orainne – an dream atá beo agus in inmhe sna 2010a – agus a thugaimse, ó léigh mé leabhar staire den chéad uair, ar an dream a bhí beo sna 1930í?

Tharla eachtra dom ar na mallaibh i mo thír dhúchais, an Ísiltír, a léirigh dom go bhfuilimid ag sleamhnú i dtreo an duibheagáin – agus más ea, gurb í neamhthoil an mhóraimh chiúin an t-olc a aithint is cúis leis sin.

Rinneadh an ráiteas seo a leanas ar chóras fógartha na traenach ar a raibh mé ag taisteal:

‘A dhaoine uaisle, bígí cúramach agus tugaigí aire do bhur mbagáiste. Ar an drochuair, tá Rómánaigh ar an traein in athuair.’

Ar feadh soicind, shíl mé go raibh rud éigin mícheart le mo chluasa. Ní fhéadfadh sé go raibh ráiteas ciníoch á dhéanamh go poiblí ag comhlacht stáit?

Ní áirím gur ballstát de chuid an Aontais Eorpaigh í an Rómáin agus go bhfuil chuile cheart ag pobal na tíre sin a bheith ar thraein san Ísiltír.

Níor choinnigh mé guaim orm féin.

‘A leithéid! Ní féidir glacadh leis sin,’ a dúirt mé, mo chorrmhéar á díriú i dtreo an chórais fhógartha phoiblí agam.

‘Tá an ceart ar fad agat, ní féidir glacadh lena leithéid,’ a d’fhreagair bean a bhí ina suí ar an taobh thall den phasáiste.

Cúpla nóiméad ina dhiaidh sin, rinneadh an fógra céanna arís. Ach bhí leasú déanta air:

‘A dhaoine uaisle, bígí cúramach agus tugaigí aire do bhur mbagáiste. Ar an drochuair, tá lucht déirce ar an traein in athuair.’

‘Tá sé sin níos fearr,’ a dúirt mé leis an mbean ar an taobh eile den phasáiste.

‘Ar a laghad ní ráiteas ciníoch é sin.’

Bhreathnaigh sí orm amhail is go raibh dhá chloigeann orm.

‘Muise, an é sin a bhí i gceist agat?’

Níor thuig mé go dtí an pointe sin gur cheap an bhean gur ag tabhairt amach faoi mhuintir na Rómáine a bhí mé nuair a dúirt mé ‘Ní féidir glacadh lena leithéid’ cúpla nóiméad roimhe sin – agus nach raibh deacracht ar bith aici féin leis an gcéad leagan den fhógra.

Ghoill sé orm go mór millteanach go bhfuil glacadh chomh réidh agus chomh forleathan sin le ciníochas i sochaí an lae inniu. Ar ndóigh ní hí an Ísiltír amháin atá ag sleamhnú le fána; tá tíortha ann inar féidir le duine slám ráiteas ciníoch a dhéanamh agus fós toghfar ina uachtarán é.

Thig linn coinneáil orainn go Lá an Luain ag tabhairt amach faoi Donald Trump, faoi Marine Le Pen, faoi Geert Wilders, agus faoi ghríosaitheoirí pobail nach iad. Thig linn faisistigh a thabhairt orthu agus ar a lucht tacaíochta. Ach ná bíodh aon dul amú orainn. Tá an móramh ciúin – an dream nach seasfaidh sa bhearna baoil agus a déarfas ‘Ní raibh a fhios againn’ nuair a bheas an anachain déanta – chomh lofa céanna.