Suíomh nua seolta le ‘Techies na Gaeilge’ a thabhairt le chéile

Tá sé mar aidhm ag TeicnanGael.com ardán plé agus eolais a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge a bhfuil spéis acu i gcúrsaí teicneolaíochta

Suíomh nua seolta le ‘Techies na Gaeilge’ a thabhairt le chéile

Seoladh suíomh nua idirlín, TeicnanGael.com le deireanas, a bhfuil sé mar aidhm aige ardán plé agus eolais a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge a bhfuil spéis acu i gcúrsaí teicneolaíochta, go háirithe teicneolaíocht atá ar fáil i nGaeilge, nó a chabhraíonn le duine “saol digiteach” a chaitheamh i nGaeilge.

Is í an craoltóir aitheanta Barbara Nic Dhonnacha, as Conamara, a bhunaigh an suíomh i ndiaidh di freastal ar an Tech Summit i mBaile Átha Cliath.

“D’fhreastail mé ar an Tionól Teicneolaíochta agus thaitin an ócáid thar cionn liom. Bhí mé spreagtha ar go leor bealaí, ach nuair a rinne mé cuardach faoin ócáid sin ar líne, as Gaeilge, ní raibh rud ar bith le feiceáil. Bhí mé ag cuartú altanna, tuairisciú, agus tagairtí don ócáid i nGaeilge ar na meáin shóisialta, mar sin a dhéanaim go nádúrtha, sí an Ghaeilge mo chéad teanga agus is maith liom an teanga a fheiceáil agus a chloisteáil.

“Chuir sé beagán imní orm, le bheith fírinneach, nach raibh rud ar bith le feiceáil faoi, mar bhí daoine tagtha ó ar fud an domhain chuig an ócáid seo agus bhí gach cineál gnólacht agus teanga ann. Cá raibh an Ghaeilge? Rinne mé níos mó taighde agus níor aimsigh aon sórt ‘baile’ d’ábhar teicneolaíochta trí Ghaeilge ar líne,” a dúirt Nic Dhonnacha le Tuairisc.ie

Tionól idirnáisiúnta a bhí sa Tech Summit a reachtáladh san Ardchathair an mhí seo caite. D’fhreastail os cionn 10,000 duine ar an ócáid agus bhí seastáin agus cur i láthair ann ó leathchéad comhlachta teicneolaíochta chomh maith le léachtaí agus óráidí ó 200 nuálaí ó gach cearn den domhan.

Dúirt Nic Dhonnacha go bhfuil “go leor teicneolaíocht shuimiúil a bhfuil baint aici leis an nGaeilge” ann agus gur furasta an teanga a aimsiú ar líne, ar leithéidí Twitter agus ar shuíomhanna nuachta Gaeilge agus irisí eile, ach nach raibh “aon áit amháin” ann le heolas a fháil faoi shaol na teicneolaíochta Gaeilge trí chéile nó chun comhrá a bheith agat faoin saol sin.

“Léigh mé go leor ábhar suimiúil faoi theicneolaíocht agus an obair iontach atá ar bun ag Kevin Scannell, mar shampla, ar Tuairisc.ie. Bíonn Nós.ie ag foilsiú altanna spéisiúla freisin, agus tá an suíomh nascanna.com áisiúil fós, cé nach ndéantar uasdátú rialta air. Tá obair iontach ar bun ag Foras na Gaeilge agus ag Conradh na Gaeilge ach an bhfuil a fhios ag an bpobal faoi sin? An bhfuil áit ann chun Gaeilgeoirí, ábhar, agus techies ar fad a nascadh?” a d’fhiafraigh sí.

Tá anois, a deir sí.

Beidh ailt rialta á bhfoilsiú ar TechnanGael.com faoin teicneolaíocht atá ar fáil i nGaeilge agus faoin “teicneolaíocht Ghaeilge” freisin, is é sin, na huirlisí a chabhraíonn le duine an t-idirlíon a úsáid i nGaeilge — leithéidí Gaelspell agus táirgí eile. Beidh agallaimh le cainteoirí Gaeilge faoi na cúrsaí sin chomh maith le fóram plé ann. Tá cuntas Twitter, Facebook, Instagram agus Snapchat ag an suíomh agus is féidir teagmháil a dhéanamh leis na heagarthóirí ar na bealaí sin.

Níl sé i gceist ag Nic Dhonnacha TeicnanGael a theorannú don saol ar líne amháin. Tá TeicnanGael.com ag cabhrú le “gníomhaíochtaí pobail” do chainteoirí Gaeilge ar mhaith leo foghlaim faoin teicneolaíocht.

Tá an suíomh ag cabhrú le ranganna idirbhliana i Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua atá ag cur ranganna saor in aisce ar fáil do dhaoine fásta ar mhaith leo a ríomhaire féin, fón póca nó taibléad a thabhairt isteach.

Fág freagra ar 'Suíomh nua seolta le ‘Techies na Gaeilge’ a thabhairt le chéile'